Carachtair Chaisleán Chill Chainnigh

Carachtair Chaisleán Chill Chainnigh

Tá baint ag an 800 bliain de stair Chaisleán Chill Chainnigh le fortún agus le meath na dteaghlach Marshal & Butler. Foghlaim níos mó faoi chuid de na carachtair iontacha a bhí ina gcónaí anseo uair amháin.

12ú Aois

Tosaíonn stair Chaisleán Chill Chainnigh leis an ionradh Normannach ar Éirinn. Is ansin freisin a thosaigh Ríshliocht na mBuitléarach.

Marascal, Liam – 4ú Iarla Pembroke (c. 1146 – 1219)

Ceapadh é ina ridire in 1166, agus le linn a óige bhí sé ina iomaitheoir buacach turnaiminte; mhol Stiofán Langtún é mar “an ridire is fearr a mhair riamh.”

In 1170, cheap an Rí Anraí II Marascal ina theagascóir faoi airm ag an Rí Óg Anraí. Ins an Éirí Amach 1173/74 ag an Rí Óg, is beag eolais atá againn maidir le Marascal seachas a dhílseacht don Rí Óg.

Fuair Liam iliomad deiseanna a dhílseacht agus a chumas míleata a thaispeaint. Bhain sé mac reibiliúnach eile, Risteard (an Rí Risteard couer-de-leon ina dhiaidh sin) de mhuin a chapaill le linn catha.

I mí Lúnasa 1189, in aois 43, phós Marascal Isibéal, iníon 17 mbliana d’aois le Risteard de Cléir (Strongbow), Iarla Pembroke; fuair Marascal seilbh ar eastáit mhóra i Sasana, sa Bhreatain Bheag, sa Normainn agus in Éirinn. Ach fágadh cuid de na heastáit as an socrú. Ní bhfuair Marascal tailte Pembroke agus teideal an Iarla go dtí 1199.

Leis an bpósadh seo bhí an ridire nach raibh talamh ar bith aige roimhe sin ar cheann de na daoine is saibhre sa ríocht. Faoi 1192, bhí Liam agus a bhean óg gnóthach; chuir siad tús le calafort Ros Mhic Thriúin in oir-dheisceart Éireann agus thóg siad móta ag an Sean-Ros. Trí bliana ina dhiaidh sin, thosaigh siad ar bhaile agus ar chaisleán Chill Chainnigh a athchóiriú, tar éis do mhuintir Uí Bhriain iad a scrios in 1173. Tá caisleán an lae inniú bunaithe ar an dún dronuilleogach cloiche a dhearaigh Marascal – dún mírialta dronuilleogach le túr dromach ag na cúinní, ar a bhfuil an Caisleán mar atá sé faoi láthair deartha.

Maireann trí chinn de na túir seo fós. Faoi 1200, ba é Cill Chainnigh príomhbhaile na Normannach i gCúige Laighean agus ba é Ros Mhic Thriúin an príomhchalafort. Bhunaigh muintir Mharascail mainistreacha na Sisteirseach ag Tintern i gContae Loch Garman (thart faoi 1200, mar bhuíochas do Dhia as iad a sheoladh slán trasna Mhuir Éireann le linn drochstoirme) agus ag Dubhuisce, Gráig na Manach, Contae Chill Chainnigh, chomh maith leis na caisleáin ag Fearna agus Inis Córthaidh.

Bhásaigh Marascal 14 Bealtaine 1219 ag Caversham; ar leaba a bháis leag sé cúram an rí óig, nach raibh fós in aois fir, ar leagáid an Phápa. Cuireadh é i Séipéal an Teampaill, Londain.

Tá dán fada Fraincise, le 20,000 líne, a chomórann a shaol fada – L’histoire de Guillaume le Mareschal. Ceapadh é timpeall 1226 ar choimisiún óna mhac Liam. Is foinse mionsonraithe é ar a bheathaisnéis agus ar stair sóisialta agus eacnamaíoch na linne.

Isibéal de Cléir (1172 - 1220)

Rugadh Isibéal in 1172 i Pembroke, sa Bhreatain Bheag, an leanbh ba shine ag Risteard de Cléir, 2ú Iarla Pembroke (1130 – 20 April 1176), a bhfuil aithne air mar “Strongbow”, agus Aoife (de Chúige Laighean), iníon le Diarmaid Mac Murchú.

Go gairid roimh bhás Anraí II in 1189 thairg an rí Isibéal mar chéile chuig Liam (I) Marascal (c. 1146 – 1219).

  • Bhí cúigear inion agus cúigear mac ag Isibéal agus Liam:
  • Liam Marascal, 2ú Iarla Pembroke (1190 – 6 Aibreán 1231).
  • Máda Marascal (1192 – 27 March 1248).
  • Gilbeirt Marascal 4ú Iarla Pembroke (1194 – 27 June 1241). Phós sé, i dtús, Máille na hAlban, iníon le Rí Liam I na hAlban; agus ina dhiaidh sin, Máda de Lanvaley. Bhásaigh sé gan chlann.
  • Uaitéar Marascal, 5ú Iarla Pembroke (1196 – 24 Samhain 1245).
  • Anselm Mararascal, 6ú Iarla Pembroke (1198 – 22 Nollaig 1245). Phós sé Máda de Bohun. Bhásaigh sé gan chlann.
  • Isibéal Marascal (9 Deireadh Fómhair 1200 – 17 Eanáir 1240). Phós sí, i dtús, Gilbeirt de Cléir, 4ú Iarla Hertford; agus ina dhiaidh sin, Risteard, 1ú Iarla Chorn na Breataine.
  • Sibéal Marascal, (1201 – roimh 1238). Phós sí Liam de Ferrers, 5ú Iarla Derby, agus bhí clann orthu. Ba shliocht léi Caitríona Parr, coimhdeach banríona.
  • Siobhán Marascal (1202–1234). Phós sí Warin de Munchensi, Tiarna Swanscombe, agus bhí clann orthu. Ba shliocht léi Sinéad Seymour agus Caitríona Parr, coimhdigh banríona.
  • Aoife Marascal (1203–1246). Phós sí Liam de Braose (bhásaigh 1230). Ba shliocht léi na coimhdigh banríona Áine Boleyn, Sinéad Seymour, Caitríona Ní Íomhair agus Caitríona Parr.
  • In earrach na bliana 1207 tháinig Isibéal agus Liam Marascal chun cónaí ar a n-eastáit i gCúige Laighean. Taispeánann Histoire de Guillaume le Maréchal gur bean innti féin in Éirinn í agus meastar gur áitigh sí ar Liam cúram a dhéanamh dá thiarnas in Éirinn.
  • Tar éis dóibh teacht go hÉirinn d’éirigh achrann le Meiler Mac Anraí, tionónta ag Liam Marascal i gCúige Laighean, agus giúisteoir an Rí Eoin. Shocraigh Meiler Liam Marascal a ghairm chun chúirte Eoin, rud a fhág Cúige Laighean i mbaol ó ionradh ag fórsaí an ghiúisteora.
  • Bhí Isibéal torrach agus fágadh í faoi chúram ridirí an teaghlaigh; theastaigh ó Isibéal oidhreacht an teaghlaigh i gCúige Laighean a chosaint.
  • Rinne Isibéal cosaint chumasach ar Mharascal agus ar a dtailte in Éirinn. Ní fada a bhí Marascal imithe go raibh sí i lár chogaidh. Faoi 1208 bhí caisleán Chill Chainnigh faoi léigear: “scaoil sí fear thar na ballaí chun scéal a thabhairt go raibh sí faoi léigear i gCill Chainnigh.”
  • Bhí Isibéal chun tosaigh i gcosaint na dtailte cé nach raibh sí ábalta ceannas a ghlacadh ar pháirc catha. Mar gheall ar a ginealach bhí sí ábalta aontacht a chothú; murach í ba bhaol do Mharascal a chuid tailte in Éirinn a chailliúint le linn dó a bheith gafa ag cúirt Eoin.
  • Ní hamháin gur chosain Isibéal na tailte ach thug sí freisin faoi athchruthú agus feabhsú orthu. Ghlac Marascal leis gur trína phósadh le hIsibéal a thit na tailte seo chuige; i gcás bronntais a rinne sé ar fud Laighean tá ‘comhairle agus toiliú’ Isibéal scríofa ar na cairt a ghabhann leo.
  • Tamall roimh a bháis in 1219 dhearbhaigh Liam Marascal ina uacht go dtitfeadh na tailte, ar bhain sé úsáid astu de cheart a mhná chéile, chuici féin ar feadh a saoil.
  • Léiríonn an Histoire Marascal ar leaba a bháis, ag fágáil slán ag a belle amie, nuair a phóg siad agus ghoil siad le chéile.
Tiobóid Ualtair, 1ú Príomh-Bhuitléir Éireann
  • Ba é Tiobóid Ualtair (uaireanta Tiobóid Mac Ualtair, Tiobóid de Buitléir, nó Tiobóid Ualtair le Boteler) an chéad Phríomh-Bhuitléir ar Éirinn.
  • Bhí sé freisin ina Phríomh-Bhuitléir Shasana agus mar Ard-Shirriam Lancashire in  1194.
  • Bhí a dheartháir ba shine, Hoibeard Ualtair, ina Ard-Easpag Canterbury, agus giúisteoir agus Ard-Seansailéir Shasana.
  • Ba é Tiobóid an chéad duine de mhuintir Bhuitléir in Éirinn a bhain úsáid as an sloinne sin. Bhí sé páirteach i bhfeachtais in Éirinn ar son an Rí Anraí II agus an Rí Eoin.
  • Ar 25 Aibreán 1185, tháinig an Prionsa Eoin, a bhí anois ina “Thiarna Éireann”, i dtír i bPort Láirge; timpeall an ama seo bhronn sé an teideal oidhreachtúil “Buitléir Éireann” ar Thiobóid.
  • Phós Tiobóid Máda le Vavasour (1176–1226), banoidhre Roibeaird le Vavasour.
  • Ba iad a leanaí:
  • Tiobóid le Botiller, 2ú Príomh-Bhuitléir Éireann.
  • Máda (1192–1244); phós sí trí huaire ach níor mhair ach beirt leanbh, Ráulbh agus Máire.
  • Bhásaigh sé 4 Feabhra 1206 ag Caisleán an Inbhir Mhóir agus cuireadh é ag Mainistir Wotheney.

13ú hAois

Fásann Ríshliocht na mBuitléarach trí phóstaí le mná diongbhálta.

Tiobóid le Botiller, 2ú Príomh-Bhuitléir Éireann
  • Tiobóid le Botiller, dar gairmeadh freisin Tiobóid de Buitléir, 2ú Barún de Buitléir (Eanáir 1200 – 19 Iúil 1230), mac le Tiobóid Ualtair, 1ú Barún de Buitléir agus Máda Vavasour.
  • Phós Tiobóid Siobhán du Marais (nó Marisco), iníon le Séafra du Marais in 1222. Ba iad a leanaí:
  • Tiobóid de Buitléir, 3ú Príomh-Bhuitléir Éireann (1224 – 1248). Phós a mhac Máille de Búrca, iníon le Risteard Mór de Búrca agus Egidia de Léis.
  • Tar éis bháis dá bhean chéile trí bliana ina dhiaidh sin in 1225, d’iarr Anraí III Shasana go bpósfadh Tiobóid Rohese/Roesia de Verdun, iníon le Nioclás de Verdun.
  • Gairmeadh Tiobóid cum equis et armis (Laidin: “faoi chapaill agus faoi airm”) chun an Rí a fhreastail sa Bhriotáin, mar “Theobaldus Pincerna” ar 26 Deireadh Fómhair 1229.
  • Bhásaigh sé 19 Iúil 1230 ag Poitou na Fraince, agus cuireadh é i Mainistir an Inbhir Mhóir, Contae Chill Mhantáin.
Roesia /Rohese de Verdun (c. 1204 - 1247)

An dara bean ag Tiobóid de Buitléir (c. 1225) – oidhre ar thailte Urumhan.

  • Tar éis di Tiobóid a phósadh choinnigh sí a sloinne roimh phósadh. Ghlac na leanaí fireann sloinne na máthar seachas sloinne an athair, toisc nárbh oidhrí ar oidhreacht Urumhan iad (óir ba leanaí na dara mná céile iad).

 

  • Bhí sí ar dhuine de na mná ba chumhachtaí in Éirinn san 13ú aois.
  • Is beag eolais atá againn maidir le saol Roesia de Verdun roimh phósadh di.
  • Nuair a cailleadh a fear céile Tiobóid ag Poitou in 1230 le linn ionradh na Sasanach ar an bhFrainc, d’eiligh de Verdun a cuid oidhreachta agus d’íoc sí na cánacha um chead a fháil fanacht gan phósadh.
  • D’iarr sí a bheith ina femme sole chun a cuid neamhspleáchais a choimeád.
  • Thug an rí cead do Mhuris Mac Gearailt tailte a dheonú di in Aibreán 1233.
  • Bhí seilbh dlíthiúil aici anois ar thailte an teaghlaigh ar fad, chomh maith leis na tailte duair ó Thiobóid (de ghnáth, ba iad seo tailte dar luach trian de ghabháltais a fir céile a cailleadh).
  • Thóg sí caisleán ag Dún Gall, seacht míle siar ó thuaidh ó Dhún Dealgan, chun a tailte a chosaint ar chreachairí Gaelacha. Mar gheall ar an suíomh agus an leagan amach, bhí an caisleán seo do-ionsaithe. Ba í an t-aon bhean riamh a thóg caisleán in Éirinn.
  • Ba chaisleán teorann é idir na Gaeil agus na ‘Sasanaigh’ in Éirinn.
  • Is mó finscéal a bhaineann le caisleán Dhún Gall, rud a léiríonn conas a lonnaigh scéalta faoi eachtraí Roesia sa bhéaloideas.
  • Tá scéal amháin a bhaineann le ‘fuinneog bháis’ adeir gur ordaigh Roesia fear oibre a chaitheam amach tríd.
  • Bhí De Verdun an-chráifeach agus bhunaigh sí Prióireacht Agaistíneach Grace Dieu Priory i Leicestershire in 1239. Le himeacht aimsire bhí brú ag teacht urithi pósadh arís agus mar sin chinn sí ar dhul isteach in ord rialta in 1242.
  • Ar an gcaoi seo tháinig a mac i gcumhacht agus fuair seisean seilbh ar na tailte tar éis bháis do Roesia in 1247.
  • Nuair a tharla díshealbhú na Mainistreacha, d’oscail muintir shráidbhaile Belton an uaigh agus athchuireadar í i séipéal an pharóiste ann.

14ú hAois

Ins an 14ú hAois tosaíonn Tiarnas Urumhan agus seilbh na mBuitléarach ar Chaisleán Chill Chainnigh.

Séamas de Buitléir – 1ú Iarla Urumhan (7ú Príomh-Bhuitléir Éireann) (c. 1305 - 1338)
  • Deireadh Fómhair 1328 – Cruthaíodh é mar Iarla Urumhan.
  • Bronnadh tailte i dTiobraid Árann air.
  • Phós sé Eilionóir de Bohun – gariníon an Rí Éadbhard I.
  • Neacht Éadbhard II agus col ceathrar Éadbhard III.
  • Meastar go bhfuil siad beirt curtha ag Gabhrán.
Séamas de Buitléir – 2ú Iarla Urumhan (8ú Príomh-Bhuitléir Éireann) (1331 - 1382)
  • An mac ab óige ag céad Iarla Urumhan, nach raibh ach sé bliana d’aois ar theacht in oidhreacht dó!
  • Tugadh ‘An tIarla Geanmnaí’ agus ‘An tOidhre Uasal’ air – ba iarua mic é leis an Rí Éadbhard I agus an Banríon Eilionóir na Castíle.
  • Phós sé Eilís Ni Dhorchaí in 1346.
  • Thug sé seirbhís mhíleata thar lear, sa bhFrainc (1347) agus in Albain (1335)
  • Chaith sé an chuid is mó dá shaol in Éirinn mar chomhairleoir iontaofa ag an rítheaghlach.
  • Bhásaigh sé Deireadh Fómhair 1382 ag Cnoc an Tóchair; tá sé curtha i nGabhrán.
Séamas de Buitléir – 3ú Iarla Urumhan (9ú Príomh-Bhuitléir Éireann) (1360 - 1405)
  • Tugadh ‘Iarla Ghabhráin’ air uaireanta.
  • Phós sé Áine (iníon Eoin, an Tiarna Welles) in 1386.
  • 1390idí (c. 1392) – cheannaigh sé na Tailte Rannóra agus Caisleán Chill Chainnigh, suíomh an teaghlaigh go ceann 550 bliain.
  • Ba chainteoir Gaeilge é freisin.
  • Bhí líon mór leanaí aige, idir dhlisteanach agus neamhdhlisteanach, a bheadh mar bhonn le brainsí éagsúla an teaghlaigh.
  • Bhásaigh sé 1405 ag Gabhrán.

15ú hAois

Glacann Teaghlach na mBuitléarach páirt i gCogadh na Rósanna san 15ú hAois.

Séamas de Buitléir – 4ú Iarla Urumhan (10ú Príomh-Bhuitléir Éireann) (c. 1390 - 1452)
  • Tugadh ‘An tIarla Geal’ air.
  • Phós sé Siobhán Beauchamp (iníon Liam, an Tiarna Abergaveny) in 1413.
  • Bhí triúr mac aige, agus tháinig gach duine acu in oidhreacht air i ndiadh a chéile.
  • In 1432 phós sé Eilís Nic Gearailt (iníon Ghearóid, 5ú Iarla Chill Dara).
  • Thug sé tréimhsí mar Fhear Ionaid an Rí in Éirinn.
  • Ghlac sé páirt i bhfeachtais an Rí Anraí V sa bhFrainc.
  • Bhíodh se go tréan in iomaíocht le muintir Thalbóid.
  • Ba é an duine ba cheannasaí i gcúrsaí polaitíochta in Éirinn go luath san 15ú hAois.
  • Bhásaigh sé Lúnasa 1452.
  • Tá sé curtha i Mainistir Mhuire, Baile Átha Cliath
Séamas de Buitléir – 5ú Iarla Urumhan (11ú Príomh-Bhuitléir Éireann agus Iarla Wiltshire) (1420 - 1461)
  • An mac ba shine le 4ú Iarla Urumhan.
  • Phós sé in 1438 – Avice Stafort (trína tháinig sé in oidhreacht ar thailte fairsinge in iarthar Shasana).
  • Phós sé Eilionóir Beaufort – deirfiúr le Diúc Somerset.
  • Ridire an Ghairtéir 1459, Ard-Chisteoir Shasana 1455.
  • Throid sé ar thaobh Lancaster i gCogadh na Rósanna.
  • Ghlac sé páirt i gcathanna ag St Albans, Wakefield, Crosaire Mortimer agus Towton (1461).
  • Gabhadh agus cuireadh chun báis é ag Newcastle (1461).
Eoin de Buitléir – 6ú Iarla Urumhan (12ú Príomh-Bhuitléir Éireann) (1422 - 1477)
  • Dara mac an 4ú Iarla.
  • Níor phós sé – bhí ar a laghad mac neamhdhisteanach amháin aige (an Ridire Séamas de Buitléir).
  • Nuair a cuireadh a dheartháir an 5ú Iarla chun báis, theich Eoin go hAlbain le lucht Lancaster.
  • Rinne sé iarracht éirí amach le lucht Lancaster a thosú in Éirinn, ach fuair an 8ú Iarla Deasumhan an bua orthu ag Cath Bhaile an Phoill i samhradh na bliana 1462 – ní raibh Eoin i láthair sa chath sin.
  • Ó 1464 bhí sé ar deoraíocht sa Phoirtaingéil agus sa bhFrainc.
  • D’fhill sé ar Shasana 1470-71, tráth reistiréisin Anraí VI.
  • Bhásaigh sé san Talamh Naofa in 1477.
Tómás de Buitléir – 7ú Iarla Urumhan (13ú Príomh-Bhuitléir Éireann) (1424 - 1515)
  • Tugadh ‘Iarla na hOlla’ air.
  • Tríú mac an 4ú Iarla.
  • Phós sé Áine Hankford, as Annery, Monkleigh, Devon (tháinig sé i seilbh eastáit mhóir de thoradh an phósta).
  • Rugadh é in Éirinn ach chaith sé formhór a shaoil i Sasana.
  • Thacaigh sé le cúis Lancaster.
  • D’éirigh leis stádas a theaghlaigh i Sasana a shlánú.
  • Faoi Anraí VII, fuair sé a thailte ar ais, ceapadh mar Sheomairlín na Banríona (1486), d’fhreastal sé cruinnithe, Ambasadóir chun na Briotáine (1491) agus chun na Burgúine (1497).
  • Ó na 1490idí ar aghaidh bhí achrann roimhe in Éirinn toisc nach raibh clann mac aige; mar sin nuair a bhásaigh sé bhí an tIarlacht in iomaíocht idir an Ridire Piaras de Buitléir agus a gharchlann faoi cheannas an Ridire Tomás Boleyn.
  • Bhásaigh sé Lúnasa 1515 agus tá sé curtha i Séipéal Thomáis Acre, Londain.
  • Mar sin tháinig deireadh le líne fireann sinsir Iarlaí Urumhan agus Phríomh-Bhuitléar Éireann, gan aon chlann mac. Phós a iníon Maighréad an Ridire Liam Boleyn, sinsear Áine Boleyn.
  • Bhí beirt iníon ag Áine Hankford, agus comhoidhrí ar thit eastáit na mBuitléarach i Sasana chucu.

 

  1. Bantiarna Áine de Buitléir (1455-1533) – oidhre ar eastáit Annery óna máthair

Phós si Ambrós Cressacre – ní raibh clann orthu.

Phós sí an Ridire Séamas Sailingéir agus rugadh beirt mhac – an Ridire Seoirse   Sailingéir, Séamas Sailingéir.

  1. Bantiarna Maighréad de Buitléir (1465-1537) – phós sí an Ridire Liam Boleyn.

Bhí seisear mac agus ceathrar iníon acu.

  • An Ridire Tomás, 1ú Iarla Wiltshire.
  • Áine Boleyn, Banríon – dara bean chéile Anraí VIII –  Máthair Eilís I Shasana.

16ú hAois

Cuireann achrainn teaghlaigh agus cogadh cathartha isteach ar Theaghlach de Buitléir agus ar Chaisleán Chill Chainnigh. Ins an 16ú hAois feictear freisin fabhar ríoga agus uisce faoi thalamh na cúirte.

An Ridire Piaras de Buitléir, 8ú Iarla Urumhan, 14ú Príomh-Bhuitléir Éireann (1467 - 1539) agus 1ú Iarla Osraí [Piaras Rua]
  • An tríú mac ag an Ridire Séamas de Buitléir agus Sadhbh Caomhánach.
  • Phós sé Maighréad Nic Gearailt, iníon leis an 8ú Iarla Chill Dara.
  • Bhíodar an-diongbhálta agus ins na blianta tosaigh acu fágadh dealbh bocht iad ag an Ridire Séamas Urumhan, gníomhaire agus nia neamhdhlisteanach an 7ú Iarla – bhí Piaras freagrach as a dhúnmharú.
  • In 1505 cheap an tIarla Tomás de Buitléir Piaras ina fhear ionaid in Éirinn, ach deich mbliana ina dhiaidh sin, in 1515 ar bhás Thomáis, d’éirigh achrann fada faoi na tailte agus na teidil le clann clainne an 7ú Iarla, an Ridire Tomás Boleyn.
  • In 1528 scar Piaras lena éileamh ar Iarlacht Urumhan chuig Boleyn agus chruthaigh Anraí VIII mar Iarla Osraí é – roinneadh tailte an 7ú Iarla idir an dá pháirtí.
  • Tar éis achrainn leis na Gearaltaigh agus le muintir Boleyn, d’eirigh leis Iarlacht Urumhan a fháil ar ais i mí Feabhra 1538. Bhásaigh sé i mí Lúnasa 1539.
  • Bhí triúr mac agus seisear iníon aige (ba é an dara mac Risteard a bhásaigh in 1571 an 1ú Bíocúnta Chnoc Ghearóid).
  • Tháinig an mac ba shine, Séamas, in oidhreacht air in 1539 mar 9ú Iarla.
  • Tá Piaras agus a bhean curtha in Ardeaglais Chainnigh i gCill Chainnigh.
Maighréad Nic Gearailt, Cuntaois Urumhan, Cuntaois Osraí (c. 1473 – 1542)
  • Bean uasal Gaelach de ríshliocht chumhachtach na nGearaltach – phós sí Piaras de Buitléir, 8ú Iarla Urumhan.
  • Rugadh an Bantiarna Maighréad in Éirinn, iníon le Gearóid Mac Gearailt, 8ú Iarla Chill Dara agus a chéad mná chéile Alsún Nic Iústáis, iníon le Rowland Mac Iústáis, 1ú Bharún Portlester.
  • In 1485, phós sí Piaras Rua de Buitléir, mac an Ridire Séamas de Buitléir (Baile Phóil) agus Sabhdh Caomhánach – pósadh polaitiúil a bhí ann, um dheireadh a chur leis an iomaíocht fhada idir an dá theaghlach.
  • Bhí éileamh ag Piaras ar Iarlacht Urumhan – ar 3 Lúnasa 1515, ar bhás an 7ú Iarla Urumhan (nach raibh ach beirt iníon aige) tháinig sé in oidhreacht mar an 8ú Iarla Urumhan. Blianta roimhe sin, in 1498, ghaibh sé féin agus Maighréad Caisleán Chill Chainnigh mar phríomháit chónaithe – chuir Maighréad go mór le caighdeán cónaithe an Chaisleáin.
  • Tugadh Iarlacht Urumhan ar ais do Phiaras ar 22 Feabhra 1538 tar éis bháis Thomáis Boleyn (cuireadh a iníon siúd, an Banríon Áine Boleyn chun báis as Ard-Tréas in 1536). Roimhe sin, thug Piaras agus Maighréad Iarla agus Cuntaois Urumhan orthu féin.
  • Uaireanta tugadh ‘Mór-Chuntaois Urumhan’ ar Mhaighréad. Shínigh sí a hainm mar ‘Maighréad Nic Gearailt na nGearaltach’. Bhí sí gnóthach i gcúrsaí dlíthiúla maidir leis an teaghlach agus eastáit Urumhan; d’oibrigh sí le Piaras chun an eastát a fhorbairt agus tithe mainéir a leathnú agus a ath-thógáil. Bhunaigh sí Scoil Ghraiméir Chill Chainnigh. D’áitigh sí ar Phiaras fíodóirí agus ceardaithe a thabhairt isteach ó Fhlóndras agus bhunaigh sí ceardlanna chun cairpéid, taipéisí agus éadach a dhéanamh. Chuir sí féin agus a fear céile go mór le caisleáin Ghreanaigh agus Urumhan. Rinneadar freisin ath-thógáil ar Chaisleán an Ghabhráin, a thóg Séamas de Buitléir, 3ú Iarla Urumhan, in 1385.

Bhásaigh a fear céile Piaras in 1539; bhásaigh Maighréad féin ar 9 Lúnasa 1542 agus cuireadh í le hais Phiarais in Ardeaglais Chainnigh. Tá a samhla ar an uaigh.

Séamas de Buitléir, 9ú Iarla Urumhan, 15ú Príomh-Bhuitléir Éireann, (1496 - 1546), 2ú Iarla Osraí [Séamas Bacach]
  • Phós sé Siobhán Nic Gearailt, iníon le Séamas Mac Gearailt, 11ú Iarla Deasumhan.
  • In 1520 bhí plean go bpósfadh sé iníon leis an Ridire Tomás Boleyn, chun deireadh a chur leis gconspóid faoin Iarlacht, ach níor tháinig aon ní as.
  • Bhí sé bacach toisc gur goineadh é nuair a bhí sé páirteach in ionradh na Fraince in 1513 in arm Anraí VII.
  • Tógadh é ag Cúirt Anraí VIII, a chruthaigh é ina Bhíocúnta Durlais le linn dá athair Piaras a bheith beo.
  • Cheap Anraí é ina Ard-Chisteoir Éireann (1532) agus bronnadh seacht mainistir air tráth an Dishealbhaithe. Bhí ardmheas ag Anraí air.
  • Bhásaigh sé in 1546, in aois 42 ó bhia-nimhiú, 11 lá tar éis dó suipéar a ithe ag Teach Ely, Holborn; glacadh leis gur de thimpist a tharla sé seo.
  • Cuireadh é i Séipéal Thomáis Acre, Londain; tá a chroí inscríofa ar uaigh in Ardeaglais Chainnigh, Cill Chainnigh.
Tomás de Buitléir, 10ú Iarla Urumhan, 3ú Iarla Osraí, 2ú Bíocúnta Durlais, 16ú Príomh-Bhuitléir Éireann (Tomás Dubh)
  • Ó 1544 tógadh é sa Chúirt in éineacht leis an Rí Éadbhard VI.
  • In 1546 tháinig sé in oidhreacht ar Theidil Urumhan agus Osraí nuair a bhásaigh a athair go tobann, ach toisc nach raibh sé in aois bhí sé ina choimircí cúirte agus mar sin tógadh ina Phrotastúnach é.
  • Ghnóthaigh sé an leasainm nuair a chosc sé an t-éirí amach in aghaidh na Banríona Máire (1554) faoi cheannas an Ridire Tomás Wyatt.
  • Tar éis bháis a mháthar, Siobhán Nic Gearailt, d’eirigh an t-achrann idir na teaghlaigh arís. Bhuaigh Tomás Dubh ar Iarla Deasumhan ag Cath Áth Mheáin (1565) – an cath cóirithe deireanach i Sasana agus in Éirinn.
  • Bhí ardmheas ag Eilís I air agus cheap sí mar Ard-Chisteoir Éireann é (1559).
  • Bhí saol fada aige inar tharla Éirí Amach Deasumhan agus Éirí Amach Uladh.
  • In 1588 bhí post ard aige ag Tilbury chun an Loingeas Spáinneach a threascairt, agus bliain ina dhiadh sin ag Whitehall – Ridire an Ghairtéir (1588), Iarla-Mharascal Shasana (1591), ardmheas air.
  • In 1600 ghaibh na Mórdhaigh é mar ghiall ar feadh dhá mhí agus meastar gur ansin a tháinig sé faoi thionchar an Ath. Mac Arcail.
  • Bhásaigh sé in aois 83 – 22ú Samhain 1614.
  • Cuireadh é in Ardeaglais Chainnigh.
Ualtar de Buitléir, 11ú Iarla Urumhan, 17ú Príomh-Bhuitléir Éireann, 4ú Iarla Osraí (1559 - 1633) ‘Ualtar na bPaidríní’
  • Nia an 10ú Iarla – mac leis an Ridire Eoin de Buitléir (Cill Chaise).
  • Phós sé Eibhlín de Buitléir, iníon an 2ú Bíocúnta Chnoc Ghearóid.
  • Bhí triúr mac agus naonúr iníon acu.
  • Caitliceach cráifeach, ní hionann agus a uncail aontach.
  • Chosc Séamas I a éileamh ar eastáit an teaghlaigh. Shocraigh sé siúd pósadh idir Eilís, banoidhre agus iníon le Tomás Dubh, agus Risteard Preastún (Albanach); bhronn sé Iarlacht Deasumhan air agus thug dá bhean chéile an chuid ba mhó de thailte Urumhan, ag baint a oidhreachta ó Ualtar.
  • Dhiúltaigh Ualtar géilleadh agus chaith sé ocht mbliana i bpriosún Fleet i Sasana; saoradh é in 1625.
  • Phós an mac ba shine aige, Tomás Bíocúnta Durlais agus Caitliceach tábhachtach, Eilís Púinse (Bantiarna Eibhlín), iníon leis an Ridire Eoin Púinse, Gloucestershire, in aghaidh thola Ualtair. Báthadh Tomás ag filleadh ó Shasana (1619).
  • Tháinig a mhac Séamas, naoi mbliana d’aois, in oidhreacht ar na teidil.
  • Ceapadh pósadh idir Séamas agus iníon aonair na bPreastún (Eilís) chun ceist na hoidhreachta a réiteach. Phósadar um Nollaig 1629.
  • Lean achrainn Ualtar ar feadh a shaoil agus bhásaigh sé 24 Feabhra 1633 ag Carraig na Siúire.

17ú hAois

Ins an 17ú hAois chuaigh na Buitléaraigh in airde san tiarnas ó Iarlaí go Diúic.

Séamas de Buitléir, 12ú Iarla Urumhan, 1ú Marcas, 1ú Diúc Urumhan
  • Phós sé 1629 – Eilís Preastún (1615 – 1684), iníon le Eilís de Buitléir agus Risteard Preastún, Barún Dingwall, Iarla Deasumhan.
  • Bhí ochtar mac agus beirt iníon acu – mhair triúr mac agus an bheirt iníon.
  • Ceapadh Séamas ina choimircí ríoga le linn a óige agus oileadh ina Phrotastúnach é (báthadh a athair agus bhí a sheanathair i bpriosún).
  • In 1633, cruthaíodh ina Iarla ar bhás a sheanathar Ualtar.
  • In 1652 cruthaíodh ina Mharcas Urumhan.
  • Thacaigh sé leis an Rí le linn réime Chromail. Mhair sé ar deoraíocht leis an Rí Séarlas II.
  • Tar éis don Rí a theacht i réim arís (1660) cruthaíodh é ina Dhiúc i Sasana agus in Éirinn – ina Ridire an Ghairtéir, tiarnais aige i Sasana, in Éirinn agus in Albain, agus ina Ríchomhairleoir san trí thír.
  • Fear Ionaid an Rí in Éirinn agus Seansailéir ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Oxford (1669).
  • Thionscnaigh sé Coláiste Lianna a bhunú i mBaile Átha Cliath agus bhunaigh sé an tOspidéal Ríoga ag Cill Mhaighneann (1670idí/80idí).
  • Maidir le cúrsaí teaghlaigh réitigh sé deacrachtaí oidhreachta na mBuitléarach agus teaghlach Urumhan trí phósadh a shocrú lena chol ceathar Eilís.

Ba iad a sliocht siúd:

  1. Tomás Iarla Osraí – (1634 – 1680) – Osraí Cróga
  2. Risteard – 1ú Iarla Árann na hAlban (1638 – 1686)
  3. Eoin – Iarla Ghabhráin (1643 – 1676)
  4. Máire – Bandiúc Devonshire (1653 – 1687)
  5. Eilís – Cuntaois Chesterfield (1640 – 1665)

 

  • Ba thragóideach iad blianta deireanacha Shéamais de Buitléir, 1ú Diúc; bhásaigh a bhean chéile agus a thriúr mac le linn an ama sin!
  • Bhásaigh sé in 1688 ag a theach cónaithe, Kingston Lacy, Dorset agus cuireadh é i Mainistir Westminster.
Eilís, Bandiúc Urumhan agus suo jure Bantiarna Dingwall (1615 - 1634)

Iníon le Eilís de Buitléir (iníon Thomáis Dhuibh) agus Risteard Preastún – iníon aonair agus oidhre ar Thomás de Buitléir 10ú Iarla Urumhan.

Bhí ochtar mac agus beirt iníon acu – mhair triúr mac agus an bheirt iníon.

  • Nuair a bhásaigh an 10ú Iarla in 1614 d’éirigh conspóid faoin oidhreacht. Shocraigh Séamas go roinnfí an t-eastát idir an 11ú Iarla agus muintir Dingwall. Le cabhair ó Sheoirse Villiers, a bhí ina dhiaidh sin ina Dhiúc Buckingham, cruthaíodh Dingwall mar Bharún an Dúin Mhóir agus Iarla Deasumhan in 1619.
  • Tríd an mbronnadh seo tháinig Eilís Preastún in oidhreacht ar mhórchuid eastáit Urumhan agus ar theideal Bantiarna Dingwall ar bhás a dtuismitheoirí 1628.
  • Bhí plean ann go bpósfadh sí Seoirse Ó Ficheallaigh, nia Buckingham, ach b’fhearr léi a chol ceathar, Séamas de Buitléir, Biocúnta Durlais (1610 – 1688), garmhac an 10ú Iarla agus oidhre an teidil.
  • In 1630 chuaigh an lánún chun chónaithe i gCarraig na Siúire, Contae Thiobrad Árann. Idir 1632 agus 1646 rugadh ochtar mac agus beirt iníon d’Eilís; bhásaigh cúigear mac ina leanaí.
  • Tomás Osraí – (1634 – 1680) – Osraí Cróga
  • Risteard – 1ú Iarla Árann na hAlban – (1638 – 1686)
  • Eoin – Iarla Ghabhráin – (1643 – 1676)
  • Máire – Bandiúc Devonshire – (1653 – 1687)
  • Eilís – Cuntaois Chesterfield – (1640 – 1665)
  • D’fhág sí ina diaidh an bailiúchán comhfhreagrais is mó ó bhean ar bith in Éirinn na 17ú aoise.
  • Bhí cónaí ag an teaghlach i gCarraig na Siúire nuair a tharla éirí amach 1641; cé gur chuaigh an tIarla go Baile Átha Cliath i gceannas an airm, d’aistrigh Eilís agus an chlann go Caisleán Chill Chainnigh, teach Urumhan agus dúnáras na comhdhála.
  • Nuair a chuaigh Iarla Urumhan go Sasana, tar éis dó Baile Átha Cliath a ghéilleadh do Pharlaimint Shasana in 1647, d’fhág sé a bhean cheile ina dhiaidh ar feadh míosa chun a fhiacha a ghlanadh.
  • Ba léir nach raibh dóthain airgid ar fáil chun an teaghlach a chothú; mar sin, i mí Lúnasa 1652 chuaigh sí féin agus a clann go Sasana chun impí ar Chromail tacú a fháil óna heastáit in Éirinn. Le cuidiú ó cháirde léi, agus toisc gur chabhraigh sí le Protastúnaigh le linn an éirí amach, in 1653 cheadaigh Parlaimint Shasana di cónaí ina teach ag An Dún Mór, Contae Chill Chainnigh, agus £2000 gach bliain a fháil ón eastát, ar choinníoll nach mbeadh aon bhaint aici lena fear céile agus nach gcuirfeadh sí aon airgead chuige.
  • Tar éis don Rí a theacht i réim arís, chuaigh Bantiarna Urumhan chun a fear céile i Sasana. Ina dhiaidh sin, mar Bhandiúc Urumhan (ó Mhárta 1661), chothaigh sí teaghlach de réir stádais a fear céile agus oifig Fhir Ionaid an Rí, post a bhí aige ó 1662 go 1669 agus ó 1677 go 1685.
  • Thosaigh an tsláinte ag teip uirthi in 1681 agus ainneoin cuairt a thabhairt ar Bath in 1683 bhásaigh sí 21 Iúil 1684 ag Cearnóg Shéamais, Londain. Cuireadh í i Mainistir Westminster ar 24 Iúil, agus cuireadh a fear céile lena hais ceithre bliana ina dhiaidh sin.
Eilís Stanhope, Cuntaois Chesterfield (1640 – 1665)
  • Rugadh Eilís de Buitléir 29 Meitheamh 1640 ag Caisleán Chill Chainnigh, an cúigiú leanbh agus iníon ba shine ag Séamas de Buitléir agus Bantiarna Eilís Preastún.
  • Ba é Iarla Urumhan a hathair, a thiocfadh ina Mharcas agus ar deireadh ina Dhiúc Urumhan. Ba í a máthair an t-aon leanbh ag Risteard Preastún, 1ú Iarla Deasumhan agus banoidhre shaibhir. Phós a tuismitheoirí um Nollaig 1629.
  • Phós sí Pilib Stanhope, Iarla Chesterfield, an dara bean aige siúd, tráth éigin roimh 25 Meán Fómhair 1660.
  • Bhí sé ar dhuine de leannáin Bhairbre Villiers, suiríoch an Rí Séarlas II Shasana. Bhí cuid mhór sa chúirt a mheas go raibh Áine, céad leanbh Bhairbre, an-dealraitheach le Chesterfield.
  • Bhí iníon amháin ag Eilís agus Chesterfield – an Bantiarna Eilís Stanhope, ina Cuntaois Strathmore ina dhiaidh sin – cé go raibh amhras faoi atharthacht an linbh.
  • De réir Samuel Pepys, pósadh áisiúlachta a bhí acu, ach ainneoin plé Chesterfield le Bairbre Villiers roimhe sin, tháinig éad air nuair a scaip ráflaí go raibh a bhean chéile ag plé le Séamas Hamaltún agus le Séamas, Diúc Eabhrach araon; deirtear gur rugadh uirthi féin agus Séamas Eabhrach in flagrante delicto.
Séamas de Buitléir, 13ú Iarla Urumhan, 2ú Marcas agus 2ú Diúc, 19ú Príomh-Bhuitléir Éireann

Rugadh 29ú Aibreán 1665 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, an dara mac agus an mac ba shine ar marthan le Tomás de Buitléir, 6ú Iarla Osraí agus a bhean chéile Eimíle Nassau.

Phós sé:

  1. 1682 – Áine de Híde, iníon Labhráis 1ú Iarla Rochester – neacht le Séamas II.
  2. 1685 – Máire Somerset, iníon Anraí 1ú Diúc Beaufort.
  • Bhí mac agus cúigear inion ón dara bpósadh – mhair beirt iníon – Bantiarna Eilís (bhásaigh 1750 gan phósadh), Bantiarna Máire (bhásaigh 1713 Bantiarna Ashburnham).
  • Leanbh leochaileach a bhí ann; sheol a sheanathair é chun na Fraince. Ar fhilleadh go Sasana dó, chuaigh sé go Teampall Chríost, Oxford, ach tar éis bliana thánig sé ar ais nuair a fuair a athair (Tomás) bás 1680.
  • Ar theacht ina Dhiúc dó, bhí stádas na mBuitléarach níos airde ná riamh. Thit maoin iomlán agus teidil Urumhan chuige óna sheanathair an 1ú Diúc, agus óna sheanmhathair an 1ú Bandiúc thit maoin agus teideal Dingwall.
  • Ba léir nach raibh mianach láidir a sheanathar ag an 2ú Diúc agus ba i gcúrsaí míleata is mó a bhain sé cáil amach.
  • Throid sé ar son Liam III ag Cath na Bóinne (1690).
  • Bhí sé ina chomharba ag Diúc Marlborough mar Ard-Cheannasaí ar fhórsaí na Banríona Áine agus mar Chaptaen-Ghinearál in 1712.
  • Roimh theacht i réim do Sheoirse I in 1714, bhí an 2ú Diúc i dteagmháil leis na Seacaibítigh, cé gur shínigh sé forógra theacht i réim Sheoirse.
  • Tar éis dó páirt a ghlacadh in éirí amach Seacaibíteach in Iarthar Shasana, táinsíodh é agus in 1715 fuarthas Bille Eisreachtaithe ina choinne.
  • Gabhadh a chuid eastát agus onóracha in Sasana agus onóracha in Albain. Theith sé chun na Fraince agus cheap an Prionsa Séamas (an Sean-Éilitheoir) é mar Ard-Cheannasaí Shasana agus Éireann. In 1732 ceapadh é mar Chaptaen-Ghinearál ag Rí na Spáinne um ionradh Shasana, agus mar Leasrí Shasana agus Éireann le linn don Phrionsa Séamas a bheith as baile.
  • Mhair sé ar deoraíocht ar feadh a shaoil.
  • Bhásaigh sé in Avignon na Fraince agus cuireadh é i Mainisitr Westminster.
Séarlas de Buitléir (1671 - 1758), 14ú Iarla Urumhan, de jure 3ú Marcas, 3ú Diúc (Diúc Árann na hAlban, Tiarnas Seacaibíteach)
  • Dara mac le Tomás, Iarla Osraí agus Bantiarna Eimíle Nassau.
  • Phós sé in 1705 – Eilís Crew, iníon Thomáis, 2ú Tiarna Crew.
  • Chuaigh sé ar Ollscoil Oxford agus rinne sé Mórchuaird na hEorpa.
  • Toisc gur thacaigh sé le Liam III fuair sé mórchuid teideal – Barún de Buitléir Weston i dTiarnas Shasana (1694) aagus Iarla Árann i dTiarnas Éireann. Fuair sé arduithe céime in Arm Shasana.
  • Nuair a táinsíodh a dhearthár an 2ú Diúc (1715), ceapadh é mar Ard-Stíobhard Westminster agus Seansailéar ar Ollscoil Oxford, dhá phost a choinnigh sé go lá a bháis.
  • In 1721 fuair sé acht príobháideach i bParlaimint Shasana, a cheadaigh dó eastáit fhorghéillte an 2ú Diúc, a bhí dílsithe ag an gcoróin, a cheannach.
  • Níor bhain an t-eisreachtú ar eastáit an 2ú Diúc leis na teidil ná na heastáit in Éirinn. Mar sin, bhí Séarlas Iarla Árann de jeure ina 3ú Diúc Urumhan i dTiarnas Éireann.
  • Bhí cónaí air i Londain (Plás Shéamais agus Sráid Grosvenor) agus teach tuaithe aige i bPáirc Bagshot.
  • In 1758 d’éag an Diúcacht agus an Marcasacht.
  • Bhásaigh sé in 1758 ina theach aíochta i Londain (Tilt Yard, Whitehall) agus cuireadh é i Séipéal Mhaighréid, Westminster.

18ú hAois

Tháinig athrú ar theaghlach na mBuitléarach agus ar Chaisleán Chill Chainnigh ins an 18ú hAois.  

Eoin de Buitléir, 15ú de jure Iarla Urumhan, 21ú Príomh-Bhuitléir Éireann, 1766
  • Col seisir agus oidhre fireann Shéarlais de Buitléir, Tiarna Árann.
  • Tríú mac (agus an t-aon mhac a mhair) le Tomás de Buitléir Chill Chaise agus a bhean chéile Bantiarna Maighréad de Búrca (Bantiarna Iveagh). Ba gharmhac é Tomás de Buitléir le Risteard de Buitléir, 1ú Diúc Urumhan.
  • Phós sé Bríd Stacey – Ockingham, Berkshire.
  • In 1758 tháinig Eoin in oidhre de jure ar onóracha an teaghlaigh ach níor ghlac sé leo.
  • In 1760 ar bhás a fháil don Bantiarna Aimília de Buitléir, deirfiúr neamhphósta Shéarlais de Buitléir de jure 3ú Diúc, thit eastáit Urumhan chuige.
  • Bhásaigh sé 24 Meitheamh 1766 – gan chlann.
  • Cuireadh é in éineacht le muintir Bhuitléir ag Cill Chaise.
Ualtar de Buitléir, 16ú de jure Iarla Urumhan, 22ú Príomh-Bhuitléir Éireann (1703 - 1783)
  • Col ceathar an 15ú Iarla Urumhan.
  • Ualtar, mac aonair Eoin agus Proinséas de Buitléir, Garraí Ricín.
  • Phós sé Eilionóir Moiréis (iníon le Nioclás Moiréis agus Susanna Talbóid).
  • Thit eastáit an teaghlaigh chuig Ualtar in 1766 ar bhás an 15ú Iarla agus mar sin d’aistrigh sé ó Theach Gharraí Ricín go Caisleán Chill Chainnigh.
  • Ba Chaitliceach é, gan chumhacht pholaitiúil, seachas bheith ina thiarna talún.
  • Ba é a thóg na stáblaí agus teach an túir trasna an bhóthair ó Chaisleán Chill Chainnigh, ins na 1770idí agus 1780idí, le hairgead ó spré a bhanchliamhain, an Bantiarna Áine Wandesforde.
  • Bhí an iníon ab óige, Eilionóir, ar dhuine de Bhantiarnaí Llongollen
  • Bhásaigh sé in 1783 agus cuireadh é ag Cill Chaise.
Bantiarna Séarlait Eilionóir de Buitléir (1739 – 1829)
  • Bantiarna Séarlait Eilionóir de Buitléir (1739 – 1829), an té ba shine de bheirt Bhantiarna Llangollen.
  • Inion ab óige le Ualtar de Buitléir Gharraí Ricín (1703–1783) agus a bhean chéile Eilionóir Moiréis (bhásaigh 1794).
  • Mar ba nós ag Caitlicigh ardaicmeacha na linne, cuireadh oideachas ar Eilionóir de Buitléir thar sáile.
  • Bhí sí ar scoil ag Clochar Mhuire na Solás, Cambrai na Fraince, faoi mhná rialta Sasanacha d’Ord Beinidicteach; bhí garaintín léi ina pinsinéar ansin. Bhí timpeallacht liobrálach frithchléireach ag Cambrai, agus bhí Séarlait in aghaidh Chaitliceachais Éireann na linne. Bhí an-chur amach aici freisin ar litríocht na linne.
  • Faoin am a fhill sí ar Éirinn, bhí na teidil teaghlaigh éilithe ag a dhearthár Eoin (1740–95) a bhí aitheanta anois mar 17ú Iarla Urumhan.
  • In 1768 tháinig Sorcha Ponsonby (13 bliana d’aois) go Cill Chainnigh um fhreastal ar scoil áitiúil. Thug sí cuairt ar na Buitléaraigh ag Caisleán Chill Chainnigh agus ainneoin í a bheith chomh hóg, d’fhás cairdeas eatarthu agus bhídís ag scríobh litreacha rúnda dá cheile.
  • Bhí Séarlait míshásta lena saol agus le toil a muintir í a chur ar ais go Cambrai, mar sin shocraigh sí féin agus Sorcha éaló le chéile go Sasana.
  • I Márta 1778, d’imíodar go Port Láirge in éadaí fear agus piostail acu, ach d’eirigh lena muintir teacht suas leo. Seoladh Séarlait ansin go teach a dheartháir chéile, Tomás ‘Monarc’ Caomhánach, An Bhuiríos, Contae Ceatharlach. D’éirigh léi éaló arís chuig Ponsonby ag Woodstock. Ar deireadh ghlac an dá theaghlach lena mbeart dul ina gcónaí le chéile.
  • Chuaigh an bheirt go dtí an Bhreatain Bheag i mBealtaine 1778 agus chuireadar futhu i nGleann Llangollen, áit a thógadar teachín ar cíos a thugadar Plas Newydd mar ainm air.
  • Chinneadar ar dhul ar chúlráid on saol mór; chaitheadar cuid mhór ama ag scríobh chuig cairde leo, ag léamh, ag cruinniú leabhar agus ag cur feabhas ar Plas Newydd le dealramh faiseanta Gotach.
  • Bhí cáil orthu mar gheall ar a gcúlráideacht, a gcorrmhéiniúlacht, a gcuid éadaí leathfhireann agus a ngruaig ghearr phúdartha; bhí sé faiseanta do dhaoine dul ar cuaird chucu.
  • Ar na cuairteoirí cáiliúla a thagadh chucu bhí Hester Lynch Piozzi, Séarlas agus Erasmus Darwin, an Ridire Ualtar Scott, an Ridire Artúr Wellesley, Diúc Gloucester agus Josiah Wedgwood.
  • Mhaireadar ar na liúntais a bhí acu agus ar phinsean ríoga de Buitléir (a fuarthas le cabhair ó Bhantiarna Proinséas Nic Dúglais), ach chaitheadar go fial agus ba mhinic iad i bhfiacha.
  • Ins na blianta deireanacha tháinig meath ar radharc na súl ag de Buitléir agus ní raibh sí abalta dialann a scríobh a thuilleadh.
  • Bhásaigh Séarlait Eilionóir 2 Meitheamh 1829, agus cuireadh í taobh le Carryll ag séipéal Llangollen; cuireadh Sorcha Ponsonby taobh leo ina dhiaidh sin.
Eoin de Buitléir, 17ú Iarla Urumhan, 23ú Príomh-Bhuitléir Éireann (1740 – 1795)
  • Tugadh ‘Jaic an Chaisleáin’ air.
  • Aonmhac agus oidhre Uaitéir 16ú Iarla de jure.
  • Phós sé Bantiarna Áine Wandesforde, aonleanbh Eoin Wandesforde, 1ú Iarla Chaisleán an Chomair.
  • Chun an pósadh seo a áisiú, d’iompaigh sé chuig Eaglais na hÉireann.
  • Thug an t-iompó seo an ceart aige seasamh mar fheisire Parlaiminte.
  • Ina chomhalta de Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ó 1768.
  • Bhí ochtar mac agus beirt iníon acu – thit an teideal ar a mhac Ualtar (1769-1820).
  • Ba mhinic a thaithíodh sé Teach Tábhairne Hole in the Wall!
  • Bhásaigh sé in 1795 i gCaisleán Chill Chainnigh agus cuireadh lena mhunitir é i gCill Chaise.
Áine Wandesford (1754 - 1830)
  • Rugadh í 8 Meitheamh 1754.
  • Iníon ag Eoin Wandesforde, 1ú Iarla Wandesforde Chaisleán an Chomair agus Úna Eilís Southwell.
  • Phós si Eoin de Buitléir, 23ú Príomh-Bhuitléir, 17ú Iarla Urumhan.
  • Bhí a dá mhac Ualtar agus Séamas ina 18ú agus 19u Iarlaí Urumhan; thit eastáit Wandesforde ar mhac eile, Séarlas, agus ghlac seisean an t-ainm Wandesforde.
  • Chuir Áine béim láidir ar chúrsaí sláinte – i gCaisleán an Chomair bhunaigh sí ospidéal fiabhrais, íoclann agus otharlann le linn tréimhse achrannach na 19ú aoise.
Ualtar de Buitléir (1770 – 1820 ), 1ú Marcas Urumhan, 18ú Iarla Urumhan (2ú cruthú), 24ú Príomh-Bhuitléir Éireann
  • Phós sé in 1805 Áine Prís Cléireach, Halla Sutton, Derbyshire – iníon aonair agus oidhre ar eastáit a teaghlaigh.
  • In aois 12 dó, leag sé bunchloch ath-thógála Chaisleán Chill Chainnigh (30 Iúil 1782).
  • In 1791, ar athréim na dteideal teaghlaigh, bronnadh an teideal Bíocúnta Durlais air; ar bhás a athar Eoin in 1795 bhuaigh sé na teidil eile. Ghlac sé suíochán i dTeach na dTiarnaí (1796).
  • Ridire Naomh Pádraig (1798). Tiarna i Sasana in 1801 leis an teideal Barún de Buitléir Llanthony; in 1816 bronnadh an teideal Marcas Urumhan air (teideal a d’éag nuair a bhásaigh sé gan chlann).
  • In 1808 dhíol sé leis an gcoróin ar £216,000 deonú mana fíonta in Éirinn, a dearbhaíodh faoi Acht Pharlaiminte in 1811.
  • Bhí sé seal ar choláiste Eton, fear óg mealltach go raibh an-mhianach ann; ach d’éirigh sé ina chompánach ag an bPrionsa Leasrí agus cuireadh a chumas amú sa thimpeallacht faiseanta sin.
  • Tar éis a bháis in 1820, fuarthas amach go raibh eastát Ualtair briste ar fad.
  • Thit sé de chúram ar a oidhre Séamas, an chéad Iarla eile Urumhan, agus ar a dearthár ab óige Séarlas, ord éigin a chur ar chúrsaí airgeadais an teaghlaigh.
  • Bhásaigh sé ag Ulcombe, Kentin 1820 agus cuireadh é i reilig an tSéipéil ansin.

19ú hAois

Tháinig mórathruithe dramatúla ar Chaisleán Chill Chainnigh ins an 19ú hAois nuair a tógadh sciathán an Ghailearaí Phictiúir mar atá sé inniu.

Séamas de Buitléir (1774 – 1838), 19ú Iarla Urumhan, 1ú Marcas Urumhan, 25ú Príomh-Bhuitléir Éireann
  • Dearthár Ualtair 18ú Iarla.
  • Phós sé in 1807 – Gráinne Louisa Staples, iníon Eoin Staples, Leasán, Contae Thír Eoghain.
  • Bhí deichniúr clainne orthu.
  • Bhí sé ar scoil ag Eton, ina fheisire parlaiminte do Chill Chainnigh (1796).
  • Fuig ina dhearcadh polaitiúil.
  • Oidhre ar a dhearthár mar 19ú Iarla Urumhan (1820), agus ar dhuine de na húinéirí talún ba mhó in Éirinn.
  • Ridire Naomh Pádraig (1821) agus Marcas (1825) (3ú cruthú)
  • Ar dtús vótáil sé ar son Acht an Aontais ach chuir sé ina choinne ina dhiaidh sin.
  • Thacaigh sé le Fuascailt na gCaitliceach ach de ghnáth vótáil sé leis an Rialtas agus bhí sé in aghaidh pharlaimint a leasú, cé gur vótáil sé ar son an Bhille Leasaithe in 1838.
  • Bhásaigh sé in 1838 – cuireadh é i Séipéal Mhuire, Baile Átha Cliath.
Eoin de Buitléir (1808 -1854), 20ú Iarla Urumhan, 2ú Marcas Urumhan, 26ú Príomh-Bhuitléir Éireann
  • An mac ba shine ag an 19ú Iarla.
  • Phós se in 1843 – Proinséas Sinéad Paget (1817 -1903) iníon an 1ú Iarla Uxbridge.
  • Bhí ceathrar mac agus beirt iníon orthu.
  • Fuair Eoin oideachas ag Harrow agus toghadh é mar fheisire (Fuig) do Chill Chainnigh.
  • Ba scoláire é; scríobh sé Autumn in Sicily (1850) agus bhí sé ina eagarthóir ar Vita Sancti Kannedi (1853).
  • Ina Leas-Uachtarán ar Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, ina Phatrún ar Chumann Seandálaíochta Chill Chainnigh; i dteannta leis an tOir. Séamas de Gréibh chóirigh sé an bailiúchán mór lámhscríbhinni Urumhan sa Seomra Munúna i gCaisleán Chill Chainnigh.
  • Ba thiarna talún dea-chroíoch é le linn an Ghorta Mhóir ins na 1840idí.
  • Bhásaigh sé 25 Meán Fómhair 1854 agus cuireadh é in Ardeaglais Chainnigh, Cill Chainnigh.
Séamas Éadbhard de Buitléir (1844- 1919), 21ú Iarla Urumhan, 3ú Marcas, 27ú Príomh-Bhuitléir Éireann
  • An mac ba shine ag an 20ú Iarla Urumhan.
  • Phós sé in 1876 – Eilís Harriet Grosvenor – céad iníon Hugh Lupus Grosvenor, 1ú Diúc Westminster.
  • Ar scoil ag Harrow 1858-1861.
  • Oifigeach i Risimint Gardaí Shasana, agus ina Ridire Naomh Pádraig.
  • Ba iad tailte agus báid seoil ba mhó ba spéis leis.
  • Bhí sé ina Iarla le linn an Chuaird Ríoga ar Chaisleán Chill Chainnigh in 1904.
  • Bhásaigh sé Deireadh Fómhair 1919, agus cuireadh é sa reilig nua i dtailte Chaisleán Chill Chainnigh.
Eilís Harriet (Grosvenor) de Buitléir (1856 - 1928)
  • Rugadh í in 1856, iníon le Hugh Lupus Grosvenor, 1ú Diúc Westminster agus Bantiarna Constance Gertrude Leveson-Gower.
  • Phós sí Séamas Éadbhard Liam Tiobóid de Buitléir, 3ú Marcas Urumhan (mac Eoin de Buitléir, 2ú Marcas Urumhan agus Proinséas Sinéad Paget) 2 Feabhra 1876 ag Aldford, Cheshire, Sasana.
  • Ar feadh blianta bhí sí féin agus a fear céile ar na daoine ba mhó clú imeasc na n-uasal i Sasana agus in Éirinn.
  • Ag Caisleán Chill Chainnigh cuireadh fáilte roimh an Rí Éadbhard agus an Bhanríon Alexandra, imeasc mórán uasal eile.
  • Le linn an Chogaidh (1914-18) bhí an Banmharcas chun tosaigh i gcúrsai carthanais i gContae Chill Chainnigh, mar uachtarán ar na craobhacha contae de Chumann Croise Deirge na Breataine, Cumann Teaghlach Saighdiúr agus Mairnéalach, agus eagrais eile.
  • Bhunaigh sí freisin ciste um phríosúnaigh cogaidh de Risimint Ríoga Éireann.

Rugadh beirt leanbh di:

  • Bantiarna Béatrais Proinséas Eilís de Buitléir – rugadh 28 Nollaig 1876, bhásaigh 29 Feabhra 1952.
  • Bantiarna Constance Máire de Buitléir – rugadh 26 Márta 1879, bhásaigh 20 Aibreán 1949.
Bantiarna Constance Máire de Buitléir (26 Marta 1879 — 20 Aibreán 1949)
  • Iníon le Séamas de Buitléir, 3ú Marcas Urumhan agus Bantiarna Eilís Harriet Grosvenor. Ba iad a seanathracha Eoin de Buitléir, 2ú Marcas Urumhan agus Hugh Grosvenor, 1ú Diúc Westminster. Bhí a sinseanathair, Seoirse Sutherland-Leveson-Gower, 2ú Diúc Sutherland, den teaghlach Leveson-Gower. Bhí sinseanathair eile, Éadbhard Paget, ina Ghobharnóir ar an tSiolóin. Phós Béatrais, deirfiúr Constance, an Ridire Reginald Pole-Carew, oifigeach in Arm Shasana.
  • Bhí a tuismitheoirí gníomhach i seoltóireacht bád agus aithníodh Bantiarna Constance as a cumas seoltóireachta agus a cumas snámha. Measadh í ina bhean mhaisiúil imeasc uasaicme na linne agus ba mhinic tuairiscí ar a feisteas ar leathanaigh sóisialta na nuachtán.
  • Bhí sí féin agus a deirfiúr i lathair nuair a corónaíodh an Rí Seoirse V agus a Bhanríon Máire in 1911, iad suite i mbosca ar leith ‘le haghaidh cairde pearsanta na Banríona’. Le linn an Chogaidh (1914-18) bhí sí i gceannas ar stóras Croise Deirge le haghaidh solárthartaí leighis. Chomhoibrigh sí leis an Easpag Eoin Anraí Ó Bearnáin chun Cairteanna Mhanisitir Dubhuisce a aistriú, a chur in eagar agus a fhoilsiú.
  • Bhí spéis i gcónaí aici i gcúrsaí leighis; ba shaineolaí radagrafaíochta í agus faoi 1924 bhí sí i gceannas ar an roinn x-ghathú in Ospidéal San Aindrias, Londain.

20ú hAois

Ins an 20ú hAois is mó athrú a tháning ar Éirinn agus ar theaghlach na mBuitléarach i gCaisleán Chill Chainnigh.

Séamas Artúr de Buitléir (1849 -1943), 22ú Iarla Urumhan, 4ú Marcas, 28ú Príomh-Bhuitléir Éireann
  • Dearthár an 21ú Iarla.
  • Phós sé in 1887 – Eibhlín Stager, iníon Anson Stager, Ginearál in Arm na Stát Aontaithe – tháinig spré mór léi chuig teaghlach na mBuitléarach.
  • Fuair oideachas ag Harrow 1864-68 agus Cambridge.
  • I Risimint na nGardaí in Arm Shasana.
  • Mar gheall ar a aois thug sé maoin Urumhan de láimh chuig a mhac Seoirse, Iarla Osraí (stiúir sé an ceant ag Caisleán Chill Chainnigh in 1935)
  • Ba é Gennings, Kent a phríomháit chónaithe.
  • Bhásaigh sé in 1943 ag Gennings, Kent
Séamas Seoirse Anson de Buitléir (1890- 1959), 23ú Iarla Urumhan, 5ú Marcas, 24ú Príomh-Bhuitléir Éireann
  • An mac ba shine leis an 23ú Iarla.
  • Phós sé in 1915, le Sibéal Fellowes (iníon an 2ú Tiarna de Ramsey, col ceathar Winston Churchill).
  • Fuair Seoirse oideachas ag Harrow agus Sandhurst; chuaigh sé ar scor ón arm in 1920.
  • Bhí Seoirse agus Sibéal ina gcónaí i gCaisleán Chill Chainnigh in 1922 nuair a ghaibh na Poblachtánaigh an caisleán agus chuir Arm an tSaorstáit léigear air.
  • Stiúir sé an ceant ag Caisleán Chill Chainnigh in 1935.
  • In 1943 thit an teideal Iarla Urumhan chuige.
  • Bhásaigh sé in 1944 agus cuireadh é i dtailte Chaisleán Chill Chainnigh.
Séamas Artúr Normán de Buitléir (1893 - 1971), 24ú Iarla Urumhan, 6ú Marcas, 30ú Príomh-Bhuitléir Éireann
  • Dearthár an 23ú Iarla.
  • Phós sé in 1924 – le Jessie Carlos, Sunninghill, Berkshire.
  • Bhí beirt iníon acu – Sinéad Heaton (1925 – ?), Marta Ponsoby (1926- 2010).
  • Fuair sé oideachas ag Harrow agus Sandhurst – chuaigh sé in Arm Shasana agus bhí sé ar seirbhís ins an dá Chogadh Domhanda.
  • Ó 1945 ar aghaidh, chónaigh sé ag Gennings lena mháthair Eibhlín. Tar éis a báis siúd in 1955, d’aistrigh sé lena bhean chéile go Feirm Cantley, Wokingham, Berkshire.
  • In 1967 dhíol sé an Caisleán le Coiste Athchóirithe Chaisleán Chill Chainnigh ar £50. Dhá bhliain ina dhiaidh sin tháinig an Caisleán i seilbh an Stáit.
  • Bhásaigh sé in 1971 agus cuireadh é i dtailte Chaisleán Chill Chainnigh.
Séamas Hoibeard Tiobóid Séarlas de Buitléir, 25ú Iarla Urumhan, 7ú Marcas, 31ú Príomh-Bhuitléir Éireann
  • Col ceathar an 24ú Iarla.
  • Phós se in 1935 le Neans Gilnin.
  • Bhí beirt iníon acu – Bantiarna Áine (rugadh 1940), Bantiarna Cynthia (rugadh 1946).
  • Phós sé in 1976 Eilís Ní Ríordáin.
  • Ba mhac é leis an Oir. Tiarna Séamas Tiobóid Bagóid – Eoin de Buitléir 4ú mac an 2ú Marcas (dearthár an 3ú Marcas).
  • Bhí cúlra míleata aige agus ins na 1920idí chuaigh sé ar imirce chuig na Stáit Aontaithe.
  • Bhásaigh sé 25 Deireadh Fómhair 1997, Chicago, Illinois; cuireadh a luaithreach ag Caisleán Chill Chainnigh. Lena bhás siúd tháinig deireadh le líne fireann Urumhan.