Táimid lonnaithe i gceartlár Chill Chainnigh taobh istigh de shiúlóid ghearr ón iliomad láithreacha spéisiúla agus áiseanna eile.
Ar Bhus/Thraein
Stadann roinnt bealaí bus náisiúnta i gCill Chainnigh. Tá traenacha laethúla go dtí Stáisiún Traenach Mhic Dhonncha chomh maith, nach bhfuil ach 15 nóiméad uainn de shiúl na gcos. Is féidir a thuilleadh eolais faoi theacht anseo a fháil ach cuairt a thabhairt ar shuíomh ‘Visit Kilkenny’.
Sa Charr
Tá páirceáil le fáil in aice an Chaisleáin ach ní ar an láthair féin. Tá breis eolais faoi na háiteanna is fearr le páirceáil sa chathair le fáil ar shuíomh Chomhairle Contae Chill Chainnigh.
Cóistí
Tá páirceáil theoranta do chóistí le fáil ar Bhóthar an Chaisleáin.
Loingseoireacht Satailíte
Domhanleithead: 52.65000512443783
Domhanfhad: -7.249482497622694
Other
Láithreacha spéisiúla eile sa cheantar
Níl na láithreacha iontacha a leanas ach siúlóid ghearr ón gCaisleán.
attractions to visit nearby
These wonderful sites are within walking distance of the Castle.
Teach agus Gairdín Rothe (650m)
Neadaithe i gceartlár an Mhíle Mheánaoisigh, is é seo seoid Túdarach Chill Chainnigh.
Smithwick’s Experience Cill Chainnigh (650m)
Foghlaim faoin stair taobh thiar de Leann Smithwick’s ar Thuras Grúdaireachta Chill Chainnigh.
Tiomáint ghearr uainn
Eaglais Mhuire, Gabhrán (15km)
Tógadh an eaglais choláisteach seo ag deireadh an 13ú haois áit a bhí mainistir níos sine fós tógtha roimhe.
Dearc Fhearna (15km)
Foghlaim faoi ionradh na Lochlannach i gCill Chainnigh sa tsraith ar leith seo de sheomraí faoi thalamh a cruthaíodh i gcaitheamh na milliún blianta.
Slí na mBuitléarach
Má thaitin Caisleán Chill Chainnigh leat, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar Shlí na mBuitléarach. Lean céimeanna an teaghlaigh fhíorthábhachtaigh seo chuig agus mórthimpeall Cho. Thiobraid Árann agus faigh léiriú ar a n-oidhreacht.
Faid gharbha atá i gceist agus iad tugtha ó Chaisleán Chill Chainnigh.
Slí na mBuitléarach
Faigh léiriú ar an rian ollmhór a d’fhág na Buitléaraigh thar thréimhse cúig chéad bliain chorrach.
Caisleán Urumhan (44km) Carraig na Siúire
Is é Caisleán Urumhan an sampla is fearr in Éirinn de theach mainéir Eilíseach. Tomás, 10ú Iarla Urumhan, a thóg an caisleán sna 1560idí.
Caisleán na Cathrach (67km), An Chathair
Ba é seo dún mór na mBuitléarach tráth agus tá cumhacht an teaghlaigh le feiceáil sa daingean suntasach, mar aon leis an túr agus go leor eile den struchtúr cosanta bunaidh.
Daingean an Phríomhgharda (52km), Cluain Meala
Ba é Séamus de Buitléir, Diúc Urumhan, a thóg Daingean an Phríomhgharda in 1675 mar theach cúirte do Phailitíneacht limistéar riaracháin Chontae Thiobraid Árann.
An Teachín Eilbhéiseach (70km), An Chathair
Foirgneamh álainn i stíl an ‘cottage orné’ a thóg Risteárd de Buitléir, 1ú Iarla Ghleann Gall, sna 1800idí luatha de réir dearaí John Nash, an t-ailtire cáiliúil Leasríochta.
Ionad Oidhreachta Ros Cré (63km), Ros Cré
Foghlaim mar a ghnóthaigh Buitléaraigh Urumhan cumhacht agus tionchar i mbeagnach gach baile mór i dTiobraid Árann, Ros Cré san áireamh.