Boscaí Neadaireachta

 

An Scréachóg Reilige
Seo an bosca neadaireachta a cuireadh suas sa pháirc don Scréachóg Reilige. Ní úsáideann an Scréachóg Reilige craobhacha chun an nead a dhéanamh; úsáideann sí a piollairí féin chun na huibheacha a choimeád sochair sa bhosca neadaireachta.
Mar sin, tá tollán chun tosaigh an bhosca chun éin eile a choimeád amach.
Anseo, ghaibh saithe beach mheala seilbh ar an mbosca.
Tá 6 bhosca sa pháirc ach níl aon scréachóga iontu fós.
Ach tá beacha i ndhá cheann de na boscaí.
An Féitheach Crann
Seo an bosca don éan beag neamhchoitianta ar a dtugtar an Féitheach Crann.
Tá cuid mhór acu sa pháirc. Gabhann siad timpeall ar choirt na gcrann ag ithe na bhfeithidí beaga.
Déanann siad nead i gcraobhacha na gcrann, áit a bhfeictear poll triantánach sa chraobh.
An Meantán Gorm
Cuireadh an bosca neadaireachta seo in aice leis an nead nádúrtha.
Féadfaidh tú na cosúlachtaí a fheiceáil. Úsáidtear an nead nádúrtha gach bliain ach níor úsáideadh riamh an bosca neadaireachta.
Tá poill de thomhais éagsúla ins na boscaí neadaireachta don Mheantán Gorm, in oiriúint do na héin éagsúla:
• 25mm don Mheantán Gorm agus don Mheantán Dubh
• 28mm don Mheantán Mór

Don Ghealbhan Tí, tá poll 32mm. Tá cónaí ar na héin seo ar fad i bPáirc an Chaisleáin.