Faoi

Is beag foirgneamh in Éirinn a bhfuil stair chomh fada lonnaíochta ag baint leis le Caisleán Chill Chainnigh. Tógadh an Caisleán go luath tar éis choncas na Normannach ar Éirinn agus san 800 bliain ó shin rinneadh é a atógáil, a athchóiriú agus a shíneadh de réir mar a d’athraigh cúinsí an lae.

Tá Caisleán Chill Chainnigh oscailte do chuairteoirí ó cheann ceann na bliana sa lá atá inniu ann. Athchóiriú Victeoiriach a rinneadh ar an mbunchaisleán cosanta ón tríú haois déag atá ann den chuid is mó. Tagann na céadta mílte cuairteoirí gach bliain chun an teach mór galánta seo a fheiceáil agus chun siúl i measc na gcrann lánfhásta agus an fhiadhúlra fhairsing san fhearann méith de chaoga acra ina thimpeall. Mar bharr ar an áilleacht, cuireadh rósghairdín foirmeálta léibheannaithe leis an bhfearann sa naoú haois déag, chomh maith le coillearnach agus loch saorga. Tá seomraí tae, clós spraoi agus roinnt bealaí treodóireachta ann ar mhaithe leis an gcuairteoir freisin.

Tá an caisleán ar an bhfód le os cionn 800 bliain anois agus is iomaí athrú atá déanta ar an bhfoirgneamh i gcaitheamh na mblianta. William Marshal, 4ú hIarla Pembroke, a thóg an bunchaisleán cloiche Angla-Normannach i mblianta tosaigh an tríú haois déag. Ina dhiaidh sin ghlac mórtheaghlach na mBuitléarach seilbh ar an gcaisleán mar a bpríomháras in Éirinn ar feadh beagnach 600 bliain. Thosaigh ré na mBuitléarach nuair a cheannaigh Séamus, 3ú hIarla Urumhan an caisleán thart ar an mbliain 1391, agus mhair sí go dtí 1967 nuair a thug Arthur, 6ú Marcas agus 24ú hIarla Urumhan, an caisleán ar láimh do mhuintir Chill Chainnigh.

Tagann Caisleán Chill Chainnigh chun cinn arís agus arís eile sna heachtraí agus sna beathaí móra a tharla i gcaitheamh na mblianta sin. Tá stair an chaisleáin lom lán de phearsana mór le rá, leithéidí Richard Fitzgilbert de Clare (‘Strongbow’ mar a thugtaí air) agus William Marshall, mórthógálaí caisleán agus leasrí Shasana. Gabhadh an Dáma Alice Kyteler anseo sa cheathrú haois déag; cuireadh asarlaíocht ina leith agus daoradh chun a loiscthe í ag Crois an Mhargaidh ar an tSráid Ard. Séamus, 1ú Diúc Urumhan, Oilibhéar Cromail, an Rí Séamus II agus an Rí Liam III, pearsana móra i bpolaitíocht na hEorpa sa seachtú haois déag araon, chaith siad go léir tréimhse anseo i gCaisleán Chill Chainnigh. Sa bhliain 1904, cuireadh fáilte roimh an Rí Éadbhard VII agus an Bhanríon Alexandra anseo agus iad ar ceann dá gcuairteanna ar Éirinn. Sa bhliain 2017, bhí baill de theaghlach ríoga Shasana mar aíonna arís sa Chaisleán nuair a tháinig Séarlas, Prionsa na Breataine Bige, agus Camilla, Bandiúc Chorn na Breataine, ar cuairt.

Chuir dhá mhórchogadh i gcúrsa an fichiú haois na haicmí sóisialta san Eoraip dá mbonn. Tharla claochlú mór in Éirinn agus lagaíodh cumhacht pholaitiúil agus eacnamaíochta na sean-uasal, teaghlach na mBuitléarach ina measc. Ba bheag tairbhe dóibh fanacht i gCaisleán Chill Chainnigh a thuilleadh agus bheartaigh an teaghlach fágáil in 1935. Fágadh an Caisleán tréigthe go dtí 1967, nuair a thug Arthur Butler ar láimh do Choiste Athchóirithe agus Forbartha an Chaisleáin é, ar shuim ainmniúil £50.

Tá an Caisleán faoi chúram an OOP ó 1969. Faoi tráth sin bhí drochbhail agus meath imithe ar struchtúr an fhoirgnimh mar thoradh ar an easpa cothabhála. Rinneadh athchóiriú ar sciathán Ghailearaí na bPictiúr sa chéad chéim den athchóiriú sna 1970idí. Sa dara céim sna 1990idí, rinneadh an taobh istigh den bhloc lárnach a athchóiriú i stíl mhórthí ó na 1830idí. Críochnaíodh an tríú céim den athchóiriú sa bhliain 2000 inar forbraíodh sciathán Thúr na Paráide mar láthair saindeartha ócáidí agus comhdhála.

Is é Sciathán Thúr na Paráide an láthair speisialta ócáidí i gCaisleán Chill Chainnigh anois. Tá an sean agus an nua fite fuaite le chéile go cliste sa sciathán thiar ar fad agus i ndá cheann de na túir mheánaoiseacha. Tá an láthair ilfheidhmeach seo deartha le bheith oiriúnach le haghaidh raon leathan imeachtaí, ina measc: comhdhálacha, fáiltithe agus imeachtaí cultúrtha chomh maith le láthair do shearmanais phósta Shibhialta agus Dhaonnachacha.

Tá spiorad spleodrach ré Victeoiria tugtha chun solais go dílis taobh istigh de bhallaí an Chaisleáin. Tá só na 1830idí le sonrú sa svuít de thrí sheomra fáilte; an Forsheomra, an Parlús agus an Leabharlann, lena mbrat urláir patrúnaithe, taipéisí balla de shíoda buí agus téastair ghalánta óraithe. Ar fud an Chaisleáin, feidhmíonn an scéim dathanna mar chúlra breá don bhailiúchán ilghnéitheach, ina n-áirítear taipéisí Decius Mus ón 17ú haois a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo. Scrúdaigh an bailiúchán de phortráidí shliocht Urumhan, a bhfuil roinnt acu in áit onóra i nGailearaí iontach na bPictiúr. Díol suntais an Gailearaí féin lena dhíon bíomaí casúir atá maisithe le fíoracha agus radhairc nádúraíocha lámhphéinteáilte réamh-Rafaeilíteacha. Feictear faisean Oirthearach an naoú haois déag sa Seomra Leapa Síneach agus sa tróscán coimhthíoch atá ar fud an fhoirgnimh.

Tugann polasaí doras oscailte an OOP ag Caisleán Chill Chainnigh an deis dúinn clár ócáidí saor in aisce a chur ar fáil ó cheann ceann na bliana. I measc na n-ócáidí sin tá; cainteanna sna gairdíní, ceol i nGailearaí na bPictiúr agus sna gairdíní, léirithe agus ceardlanna speisialta le linn na Seachtaine Oidhreachta agus clár spéisiúil imeachtaí don Nollaig a oireann don mhaisiú álainn séasúrach a dhéantar sna seomraí seanré agus i dTúr na Paráide araon. Tá raon leathan agus éagsúil imeachtaí ar fáil i bPáirc Chaisleán Chill Chainnigh in aice láimhe freisin, seirbhís don Lá Cuimhneacháin Náisiúnta, taispeántais de ghluaisteáin chlasaiceacha, trí-atlain, treodóireacht, agus rith páirce seachtainiúil ina measc.

Tá blas de bheatha Bhuitléaraigh Urumhan sa naoú haois déag le fáil i dtaobh istigh athchóirithe an Chaisleáin sa lá inniu, agus tugann míreanna ailtireachta agus fearann páirce stairiúil an fhoirgnimh léargas dúinn ar stair níos leithne a chuimsíonn 800 bliain.