An Duine is uaisle, An bhean is críonna’ : an Chéad Bhandiúc Ormonde agus na litreacha a scríobh sí

Nuair a fhéachann tú ar an bpictiúr den chuntaois Ormonde lena mac óg sa Ghailearaí Portráidí i gCaisleán Chill Chainnigh, bheadh sé furasta talamh slán a dhéanamh de gurbh é an príomhdhualgas a bhí aici ná oidhre fireann a bheith aici. Déanta na fírinne, ní raibh sa dualgas seo ach ceann amháin i measc mórán de na freagrachtaí eile a bhí aici mar chomhcheann ar cheann de na ríshleachta ba chumhachtaí a bhí ann in Éirinn sa Nua-Aois Luath.

Trína máthair (iníon agus oidhre ar an 10ú Iarla Ormonde), bhí níos mó ná leath den eastát Ormonde, Caisleán Chill Chainnigh san áireamh, faighte ag Elizabeth de Buitléir, née Preston (1615-84) le huacht. Nuair a phós sí a col seisir, James Bulter, an Bíocunta Dhurlais, tugadh an t-eastát agus an teideal le chéile arís nuair a rinneadh an 12ú Iarla as. In éineacht lena fear céile mór le rá, ardaíodh í ar luas a chuirfeadh mearbhall ort, ó Bhíocuntaois Dhurlais agus banbharún Dingwall, teidil a bhi aici aisti féin, go dtí cuntaois, banmharcas, agus ina dhiaidh sin, bandiúc Ormonde. Nuair a bhí siad in ard a réime, bhí sí féin agus an diúc ar an lánúin ba chumhachtaí in Éirinn sa 17ú haois.

Cuireann an taispeántas seo brí agus anam sa bhean taobh thiar den phortráid trí shamplaí a thaipeáint ón mbailiúchán a mhaireann de os cionn 300 litir a scríobh Elizabeith. Ón litir is luaithe a scríobhadh, nuair a bhí sí ina déagóir nuaphósta, go dtí an ceann deireanach, a sheol sí agus í ina sin-seanmháthair beagnach 70 bliain d’aois, feictear iontu bean chéile stuama, máthair chríonna, seanmháthair thuisceanach, cara dílis, tabhartóir fial agus máistreás dian.

Léirítear ina litreacha lámhscríofa an tábhacht a bhain leo chun leasanna an teaghlaigh Ormonde/de Buitléir a chur chun cinn le linn na tréimhse achrannaí i lár na 17ú haoise. Nuair a bhí an lánúin scartha, ar deoraíocht, agus díshealbhaithe le linn ré Chromail, ba de bharr na n-iarrachtaí a rinne Elizabath, chomh maith le hiarrachtaí a fear céile, gur tháinig siad slán. Mar phríomhmhír den taispeántas, tá an litir achainí chuig Cromail, a raibh mar thoradh uirthi gur tugadh ar ais cuid den eastát Ormonde agus go raibh Elizabeth in ann filleadh ar Theach Dhún Mór i gCill Chainnigh sna 1650í.

I litreacha eile a scríobh sí chuig a fear céile, a mic, cairde, agus gníomhairí, feictear dúinn gur ghlac sí páirt i réimse leathan de ghníomhaíochtaí. Rinne sí bainistiú ar an teaghlach, ar na heastáit  agus ar an airgead; chaomhnaigh sí, agus chuir sí le, líonraí sóisialta; thug sí airgead do charthanachtaí agus dháil sí pátrúnacht; rinne sí maoirseacht ar oideachas agus ar phóstaí a clann; agus choinnigh sí guaim uirthi féin i ngéarchéim. Taispeánann an taispeántas seo an ról a bhí ag an bandiúc maidir le dea-chlú agus leasanna an teaghlaigh Ormonde/de Buitléir a chaomhnú. Sa chomhfhreagras seo feictear an bheocht i stíl scríbhneoireachta Elizabeth agus an chumhacht óráidíochta a bhí ina litreacha.

Is léir an fuinneamh seo sna litreacha fiú sa chaoi ar shínigh sí a hainm. Murab ionann is a fear céile, bhain Elizabeth úsáid i gcónaí as an ‘e’ ag deireadh ‘Ormonde’. Ag an am seo ní raibh caighdeánú déanta ar an litriú, agus d’fhéadfá a shamhlú go raibh Elizabeth ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir í féin agus a fear céile agus éileamh uathúil a dhéanamh ar an ainm Ormonde di féin. Trí úsáid a bhaint as an litriú seo den ainm Ormonde, seachas an litriú a d’úsáid a fear céile, tá sé mar aidhm ag an taispeántas seo an chéad bhandiúc a chur ar ais san áit is dual di i stair ghradamach an teaghlaigh Ormonde/de Buitléir i gCaisleán Chill Chainnigh.

Portrait of Elizabeth, duchess of Ormonde

Eilís Preastún, (1616-1684) banbharún Dingwall, cuntaois Urumhan agus níos déanaí bandiúc Urumhan, lena mac Tomás, Tiarna Osraí (1634-1680).

Luaite le Daibhéid des Granges (1611-1671/72)

Bailiúcháin Chaisleán Chill Chainnigh

Cover of a book

Litreacha

An 18 Bealtaine [1630], Bíocuntaois Dhurlais – scríbhinn ó Iron Acton – chuig seanathair a fhir chéile, iarla Urumhun

Tá fianaise le fáil sa litir seo ar chomh muiníneach agus éifeachtach a bhí Bíocuntaois Dhurlais nuair a bhí sí óg, agus ar an tábhacht leanúnach a bhain lena teaghlach athartha, muintir Prestons, i ndiaidh di pósadh.

Print of Ormond Castle
Caisleán Charraig na Siúire le Puirséil Risteaird (1746-1766)
Le cead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Portrait of Sir Edward Nicholas
Portráid den Ridire Éadbhard Mac Niocláis (1593-1669) leis an Ridire Peadar Lely (1618-1680).
© National Portrait Gallery, Londain.

20 Meitheamh 1649,  Banmharcas Urumhan – ag scríobh ó Caen, is dócha – chuig a cara Sir Edward Nicholas

Nochtann an litir seo rannpháirtíocht an Bhanmharcais Urumhan i líonra faisnéise Ríogaí a bhí bunaithe i Caen, sa Normainn, áit a raibh cónaí uirthi ar deoraíocht lena leanaí agus Ríogaithe Éireannacha eile.

2 Bealtaine 1652, banmharcas Ormonde – ag scríobh as Caen – chuig an Tiarna Cosantóra, Oilibhéar Cromail

Uair na cinniúna don bhanmharcas Ormonde atá sa litir seo. Feictear ann go ndearna sí í féin a dhealú ón ríogachas agus óna fear céile a bhí ar deoraíocht, chun go mbeadh sí ábalta cuid den eastát Ormonde a bhí coigistithe, a fháil ar ais ina hainm féin agus asti féin.

Portrait of Oliver Cromwell
Portráid d’Oilibhéar Cromail (1599-1658), Stiúideo Pheadair Lely (1618-1680).
Le cead ó Cromwell Museum, Huntingdon, Sasana
Portrait of Sir Edward Nicholas
Portráid Amelia Nassau, cuntaois Osraí (1635-1688) le Willem Wissing (1656-1687).
Le cead ó Royal Collection Trust / © An Bhanríon Eilís II 2022

An 26 Samhain 1658, banmharcas Urumhan – ag scríobh faoin ainm ‘JH’, ó Theach an Dúin Mhóir seans – chuig a fear céile, marcas Urumhan, a dtagraíonn sí dó mar ‘An tUasal James Johnson’

Tugtar léargas sa litir seo ar an athrú a bhí ag teacht ar chúrsaí cumhachta idir an banmharcas agus a fear céile le linn di saol nua a bhunú di féin agus dá leanaí is óige in An Dún Mór tráth a raibh seisean ag leanúint lena shaol contúirteach mar dheoraí ar an Mór-Roinn.

7 Bealtaine 1660, Banmharcas Urumhan – ag scríobh ó Theach an Dúin Mhóir, is dócha – chuig a her gníomhaire Stephen Smith

 

Léiríonn an litir seo an tábhacht a bhain le mná i líonra sóisialta agus polaitiúil an bhanmharcais le linn na ngéarchéimeanna i lár na 17ú haoise.

Portrait of Christian Bruce, countess of Devonshire.
Portráid de Ghiolla Chríost de Brús, cuntaois Devonshire (1595-1675) le  Pól van Somer (1577-1621).
Le cead ó North Carolina Museum of Art, Raleigh, USA North Carolina Museum of Art/Bridgeman Images.
Portrait of Charles II
An Rí Séarlas II (1630-1685) le John Michael Wright (1617-1694).
© National Portrait Gallery, Londain

11 Bealtaine 1660, Banmharcas Ormonde; – ag scríobh ó Theach Dhún Mór – chuig a fear céile, an Marcas Ormonde

Léiríonn litreacha, ar nós an ceann seo, a sheol an banmharcas chuig a fear céile tar éis Athghairmithe Rí Séarlas II i mBealtaine 1660, na bealaí inar ullmhaigh sí do na hathruithe a bhí i ndán di féin agus dá teaghlach.

Bealtaine 1660, an banmharcas Ormonde [Urumhan] – ag scríobh di i dTeach Dhún Mór, is dócha – chuig a cara Anne Hume

Sa mheamram seo, léirítear an tábhacht leanúnach a bhaineann le gníomhairí baineanna i ngníomhaíochtaí sóisialta agus polaitiúla an bhanmharchais i seachtainí tosaigh na hAthghairme.

Portrait of Elizabeth Butler Countess of Chesterfield
Portráid d’Eilís de Buitléir, cuntaois Chesterfield (1640-1665) leis an Ridire Peadar Lely (1618-1680).
Le cead ó Board of Trustees of the Chevening Estate.
Portrait of Catherine of Braganza
Portráid de Chaitríona Braganza (1638-1705) le Dirck Stoop (1615-1686).
© National Portrait Gallery, Londain

16 Samhain [1663], Bandiúc Ormonde – agus í ag scríobh i mBaile Átha Cliath nó i gCill Chainnigh – chuig an bhanríon, Catherine Braganza

Sa litir seo, tá an dlúth-chaidreamh idir an Bandiúc agus an bhanríon le feiceáil, chomh maith leis an tuiscint atá aici ar an mbrú atá ar mhná ríoga agus uasaicme oidhre fireann a ghineadh, agus an crá croí a bhíonn ann nuair nach bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh.

7 Deireadh Fómhair [1666], Bandiúc Ormonde – ag scríobh ó Chill Chainnigh – chuig a gaol Coirnéal William Legge

Léiríonn an litir seo ról an bhandiúic maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chaibidlíochtaí pósta a leanaí agus léiríonn sí a freagracht as na mná a phósann a mic.

Portrait of William Legge
Portráid de Liam Legge (1609-1672) de réir Jacob Huysmans (1633-1696).
© National Portrait Gallery, Londain
Portrait of Sir Edward Nicholas
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Mapa Brooking, 1728
Le cead ó Oifig na nOibreacha Poiblí, Caisleán Bhaile Átha Cliath.

16 Feabhra 1669, Bandiúc Ormonde – ag scríobh as Londain is dócha – chuig a deartháir céile an Captaen George Mathew

Tugann an litir seo, a scríobhadh agus í ar tí ról na leas-iarnaí Éireannacha a fhágáil, léargas ar thuiscint na mBandiúc Ormonde ar an scéal.

31 Bealtaine 1669, an bandiúc Ormonde – ag scríobh as Caisleán Chill Chainnigh – chuig a fear céile, an diúc Ormonde

Le linn na géarchéime nuair a díbríodh a fear céile, chuaigh an bandiúc ar chuairt go hÉirinn chun maoirseacht a dhéanamh ar thuras an teaghlaigh ó áit chónaithe fhir ionaid an rí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go dtí eastát an teaghlaigh ag Caisleán Chill Chainnigh: sa litie seo cuirtear síos ar ghníomhaíochtaí an bhandiuic le linn na cuairte tábhachtaí seo.

Map of the County of Kilkenny
Contae Chill Chainnigh le Liam Petty (1623-1687)
Le cead ó Bibliothèque Nationale de France
Miniature portrait of Richard. earl of Arran
Risteard de Buitléir, iarla Arran (1639-1686) le Somhairle Cúipéir (1609-1672)
Le cead ó The Portland Collection, Harley Gallery, Welbeck Estate, Nottinghamshire / Bridgeman Images

An 6 Eanáir 1683, bandiúc Urumhun – ag scríobh le linn di a bheith i Londain seans – chuig a mac, Iarla Árann

Tá fianaise le fáil sna litreacha a seoladh i rith bhlianta deireanacha shaol an bhandiúic gur bhraith sí níos suaimhní agus níos sásta ach go raibh cúinsí teaghlaigh agus a ról fós ag déanamh imní di.

Creidiúintí Taispeántais

Léirmhíniú agus Téacs:

Dr Naomi McAreavey

Sarah Maguire

 

Clostaifeadadh:

Bettina Norton

Transferendum

 

Coimeádta ag:

Maelle Champenois

Litreacha:

Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. (NLI, Páipéir Ormond, 2486, uimh. 195)

Le cead Leabharlann na Breataine (BL, Egerton MSS., 2533, fo. 496)

Cumann Ársaíochta Londain (SAL MS 138)

Leabharlanna Bodleian, Ollscoil Oxford (Bodl., Páipéir Carte, 213, fillteáin 168–69)

Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann(NLI, Páipéir Ormond, 2324, uimh. 1334, lth. 199)

Na Leabharlanna Bodleian, Ollscoil Oxford (Bodl., Carte Papers, 30, fol. 645)

Leabharlanna Bodleian, Ollscoil Oxford (Bodl., Páipéir Carte, 214, fóilió 221–22)

Leabharlanna Bodleian, Ollscoil Oxford (Bodl., Páipéir Clarendon, 92, fóilió 69–70)

Atáirgeadh le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI, Ormond Papers, 2503, uimh. 13)

Na Leabharlanna Bodleian, Ollscoil Oxford (Bodl., Carte Papers, 243, fols 12–13)

Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI, Páipéir Ormond, 2427, uimh. 7735, lch 225)

Íomhánna:

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Country Life/Bridgeman Images

National Portrait Gallery, Londain

Bibliothèque Nationale de France

Cromwell Museum, Huntingdon, Sasana

Royal Collection Trust / © An Banríon Eilís II 2022

North Carolina Museum of Art, Raleigh, USA/Bridgeman Images

The Trustees of the British Museum

The Board of Trustees of the Chevening Estate

Bailiúchán Príobháideach © Sotheby’s

Oifig na nOibreacha Poiblí, Casileán Bhaile Átha Cliath

The Portland Collection, Harley Gallery, Welbeck Estate, Nottinghamshire / Bridgeman Images

English Heritage, Audley End House and Gardens – grianghraf le Mark Asher