Ionaid

Suíomh Foirfe do Ghnó nó do Phléisiúr

Sciathán Thúr na Paráide

TÚR NA PARÁIDE

Tá an sean agus an nua fite fuaite le chéile go cliste i dTúr na Paráide chun cúlra iontach a chruthú do réimse leathan imeachtaí, ó chomhdhálacha, fáiltithe agus dinnéir cheiliúrtha go dtí imeachtaí cultúrtha agus ealaíne. Ionad ar leith atá ann ina bhfuil na háiseanna den scoth is déanaí réitithe i dtúr meánaoiseach, le háiseanna lándorchaithe agus soilsiú atmaisféarach. Tá sé feistithe don trealamh closamhairc is nua le Wi-Fi oscailte i ngach áit.

Cinnteoidh an tsíleáil de thrusanna oscailte péine, na balcóin srathaithe, an gnétheallach ársa marmair, an t-urlár d’aolchloch Chill Chainnigh agus de dhair Éireannach go mbeidh láthair iontach agus íocónach agat do d’ócáid.

Tá Túr na Paráide ar fáil le haghaidh:

  • Dinnéir cheiliúrtha
  • Lónta
  • Comhdhálacha
  • Cruinnithe i stíl seomra boird agus cabaret
  • Fáiltithe
  • Imeachtaí cultúrtha agus ealaíne
  • Bainiseacha sibhialta agus daonnachacha

SEOMRA BOIRD AN BHANDIÚIC

Tá Seomra Boird Victeoiriach an Bhandiúic lonnaithe ar an dara hurlár de Sciathán Thúr na Paráide. Cuireann an obair phlástair óraithe álainn le hatmaisféar galánta ach réchúiseach sa chúinne compordach seo. Tá radhairc áille amach uaidh ar Chathair Chill Chainnigh agus ar Rósghairdín foirmeálta aoibhinn an Chaisleáin.

Tá Seomra Boird an Bhandiúic ar fáil le haghaidh:

  • Bainiseacha sibhialta agus daonnachacha beaga
  • Dinnéir phríobháideacha
  • Cruinnithe beaga i stíl seomra boird agus cabaret
  • Seomra le haghaidh grúpaí beaga i gcomhar le comhdhálacha i dTúr na Paráide
  • Fáiltithe

SEOMRA BOIRD URUMHAN

Tá an Seomra Boird beag Victeoiriach seo lonnaithe ar an gcéad urlár de Sciathán Thúr na Paráide agus is suíomh foirfe ar leith é.

 

Tá Seomra Boird Urumhan ar fáil le haghaidh:

  • Dinnéir phríobháideacha
  • Cruinnithe beaga i stíl seomra boird agus cabaret
  • Seomra le haghaidh grúpaí beaga i gcomhar le comhdhálacha i dTúr na Paráide
  • Fáiltithe beaga

AN SEOMRA MEÁNAOISEACH

Tá an Seomra Meánaoiseach lonnaithe ag bonn Thúr na Paráide, ag oscailt isteach sa Chlós. Tá macalla 800 bliain de stair Chaisleán Chill Chainnigh sa seomra agus cinntíonn an colún darach lárnach faoin tsíleáil chuaille is bíoma agus na poill lámhaigh go bhfuil atmaisféar den scoth sa spás seo.

Tá an Seomra Meánaoiseach ar fáil le haghaidh:

  • Fáiltithe oíche
  • Láthair lónadóireachta do chomhdhálacha i dTúr na Paráide

GAILEARAÍ NA bPICTIÚR

Tá Gailearaí Maorga na bPictiúr lonnaithe sa sciathán thoir de Chaisleán Chill Chainnigh. Tá an spás iontach seo ann ón 19ú haois nuair a tógadh é d’aon ghnó chun bailiúchán breá pictiúr mhuintir de Buitléar a choimeád, agus is cinnte go dtugann sé an ré sin chun cuimhne. Sa lá inniu, is láthair fhíorghalánta an Gailearaí chun deochanna a ól sula mbogtar isteach go dtí Túr na Paráide chun dinnéir. Tá an Gailearaí ar fáil le haghaidh imeachtaí cultúrtha san oíche chomh maith.

Tá Gailearaí na bPictiúr ar fáil le haghaidh:

  • Fáiltithe dí roimh dhinnéir
  • Imeachtaí cultúrtha agus ealaíne istoíche

Acmhainn Spáis agus Teicneolaíocht

Tá Túr na Paráide lánfheistithe le both teilgin, córas fuaime, scáileán agus teilgeoir léasair le córas gan sreang Barco Clickshare, comhéadan cáblaithe HDMI, chomh maith le Wi-Fi gan táille (KKC_Guest). Tá áiseanna lándorchaithe ar fáil agus soilsiú atmaisféarach chomh maith.

Ionad F x L x A (m) Amharclann Seomra Boird Cruth U Stíl Cabaret
Féasta Fáiltiú
Túr na Paráide 10 x 12 x 10 120 35 26 72 120 150
Seomra Boird an Bhandiúic 6 x 6 x 3.5 25 12 10 18 18 20
Seomra Boird Urumhan 5 x 5 x 3.5 15 8 6 12 12 15
An Seomra Meánaoiseach 8.5 x 8.5 x 4 60
Gailearaí na bPictiúr 45 x 9 x 10 120 120