Inrochtaineacht

Inrochtaineacht

Chun an suíomh gréasáin againne a dhéanamh níos inrochtana molaimid duit cuairt a thabhairt ar https://mcmw.abilitynet.org.uk/. Cuideoidh an suíomh gréasáin seo leat oiriúnuithe agus athruithe a dhéanamh ar an Ríomhaire Pearsanta, Táibléad, Ríomhaire Glúine nó Fón Cliste agat chun úsáid an tsuímh gréasáin againne a éascú. 

 Fáiltíonn Caisleán agus Páirc Chill Chainnigh roimh gach cuairteoir agus is aidhm dúinn lá taithneamhach spraoiúil a sholáthar do chách. Táimid geallta um rochtain agus áiseanna do chuairteoirí faoi mhíchumas a fheabhsú. Ar na hoibreacha atá le feidhmiú amach anseo tá dromchla nua sa chlós láir agus ardaitheoir chuig Áiléar na bPictiúr.  

 Struchtúr ársa agus séadchomhartha faoi chaomhnú is ea Caisleán Chill Chainnigh. Is de chineál an fhoirgnimh go bhfuil dúshláin ann do chuairteoirí; tá thart faoi 200 céim thar cheithre urlár, tá dóirse cúnga le tairsigh atá ard agus ar chúiseanna caomhnaithe coinnítear an leibhéal soilsithe íseal. 

 Is aidhm don leathanach seo ceisteanna inrochtaineachta atá agat a fhreagairt. Tugtar an t-eolas mar chabhair duit um ullmhú maidir le cuairt a thabhairt ar an gCaisleán; níl sé i gceist againn tú a chur ó dhoras ná imní a chur ort. Sa chás go bhfuil ceisteanna breise, imní nó riachtanais speisialta agat, déan teagmháil linn roimh ré ag 056 770 4106 / 056 770 4104 nó kilkennycastleinfo@opw.ie 

Ghlac an fhoireann páirt i gcúrsaí oiliúna feasachta maidir le Míchumas, Néaltrú, Titimeas agus Uathachas.

Tá an seal tosaigh cuairtíochta ar maidin, ó 9.30am go 10.00am curtha in áirithe le haghaidh chuairteoirí atá faoi phriacal.  

Fáiltíonn Caisleán Chill Chainnigh roimh mhadraí treorach agus madrai cuidithe.

Tá Mapa a léiríonn áiseanna do chuairteoirí agus pointí rochtana ar fáil anseo.

 

Cead Isteach Saor in Aisce

Tugann Caisleán Chill Chainnigh, chomh maith le suíomhanna uile OPW, cead isteach saor in aisce do chuairteoirí faoi mhíchumas agus a gcúramóirí. Tá liosta iomlán na suíomhanna oidhreachta ar fáil ag www.heritageireland.ie

Tuigeann foireann an Chaisleáin go bhfuil cineálacha éagsúla míchumais ann, míchumais cheilte san áireamh; ní gá cruthúnas chun saorthicéid a fháil.

Féadfar saorthicéid a chur in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh linn ag

bookingskilkekennycastle@opw.ie / 056 770 4106, nó féadfar iad a fháil ar an lá ón oifig ticéad.

Tá baill foirne ar dualgas ag bealach isteach an Chaisleáin agus iad sásta ticéid a réiteach le haghaidh chuairteoirí nach bhfuil ar a gcumas fanacht sa líne feithimh.

Cuairteoirí atá ar lagamharc

Tá an-fháilte roimh mhadraí treorach ag Caisleán Chill Chainnigh.

Tá bileog eolais dóibh siúd atá ar lagamharc ar fáil le híoslódáil. Féadfar bileoga eolais Braille a fháil ar iasacht ón oifig ticéad. Tá treoraithe ar dualgas ins na príomhsheomraí stairiúla atá sásta cabhair a thabhairt maidir le cursíos, ceisteanna agus eolas stairiúil.

Cuairteoirí atá ar lagéisteacht

Tá treoir faoi na seomraí ar fáil le híoslódáil agus cláir eolais suite ins na seomraí stairiúla ar fad. Ritheann OPW turais i dTeanga Comharthaíochta na hÉireann ag cuid de na suíomhanna Oidhreachta. Féadfar eolas maidir le turais TCE a fháil ag www.heritageireland.ie/visit/accessibility/ Tá na turais saor in aisce ach toisc an líon teoranta áiteanna ba cheart áirithint a dhéanamh go luath trí ríomhphost a sheoladh chuig an suíomh nó chuig info@heritageireland.ie

Cuairteoirí atá néaréagsúil

Tá tréimhse chuairtíochta ar leith ar fáil dóibh siúd atá faoi mhothálacht chéadfach. Faoi láthair is ó 9.30am go 10.00am an tréimhse atá in áirithe. Mura n-oireann sé seo duit déan teagmháil linn ag 056 770 4104 / 056 770 4106 / kilkennycastleinfo@opw.ie chun a mhalairt de shocrú a phlé. Féadfar cuairteanna mothálachta a shocrú lasmuigh de na gnáth-thréimhsí oscailte ach fógra roimh ré a thabahairt.

Tá Scéalta Sóisialta againn mar chabhair um ullmhú don chuairt; féadfar iad a íoslódáil anseo.

Scéal Sóisialta do Leanaí (PDF)

Scéal Sóisialta do Dhaoine Fásta (PDF)

Uaireanta bíonn Caisleán Chill Chainnigh plódaithe agus gleomhar. Tuigimid go gcuireann a leithéid isteach ar dhaoine atá faoi mhothálacht chéadfach. Mar chabhair uime sin tá gearróga fuaime againn mar léiriú ar chuid de na fuaimeanna a fhéadfá a chloisteáil le linn duit a bheith sa Chaisleán.

Cliceáil um éisteacht le do thoil:

Bhí na treoraithe againne páirteach ar chúrsa oiliúna um Fheasacht ar Uathachas a d’eagraigh AsIAm, Carthanas Náisiúnta Éireann um Uathachas. https://asiam.ie/

Áiseanna

Tá leithreas inrochtana le ráille agus córda práinne ar chéad urlár an Sciatháin Thoir. Chun teacht anseo tá 36 chéim ar dhá staighre cloiche, ceann acu an-chúng agus casta. Mura n-oireann sé seo duit, tá leithreas eile inrochtana trí ardaitheoir i dTúr na Paráide, an rannóg imeachtaí. Iarr cabhair ar dhuine de na treoraithe más gá. Tá leithris phoiblí atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí sa Pharáid i gcóngar an Chaisleáin. Tá táille 20 cent um a n-úsáid.

Níl carrchlós i gCaisleán Chill Chainnigh, ach tá spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar an sráid, trasna an bhóthair ón gCaisleán os cómhair Ionad Dearthóireachta Chill Chainnigh. Féadfar na gnáthspásanna páirceála a úsáid gan táille a íoc ach cead páirceála bailí do mhíchumasaigh a thaispeáint.

Lean an nasc seo um léarscáil Chill Chainnigh a léiríonn áiteanna páirceála agus leithris phoiblí.

https://townmaps.ie/kilkenny-city-map/

Tá Seomraí Tae an Chaisleáin suite ar leibhéal íochtarach an Sciatháin Thoir; tá 13 chéim cloiche chuige sin ón mbunurlár. Tá an siopa caifé sa pháirc inrochtana ina iomlán.

Tá Caisleán Chill Chainnigh suite i 52 acra talún ina bhfuil páirceanna, gairdíní agus coillte, atá inrochtana do lucht cathaoireacha rothaí agus do dhaoine faoi mhíchumas; tá an chuid is mó den áit cothrom agus tá leagan amach maith ar na cosáin. Tá an clós súgartha sa pháirc oiriúnach do leanaí faoi chumais éagsúla; tá timpeallán atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí agus balla mothálachta ar leith atá oiriúnach do leanai a bhfuil riachtanais speisialta acu

Tá binsí scíthe i gclós an Chaisleáin agus ar fud na bpáirceanna.

Ar theacht chuig an suíomh ní foláir ticéid réamhíoctha a thabhairt suas i dteannta leis an dearbhán cuí faofa ag OPW mar íocaíocht; dá éagmais sin bainfear an táille iomlán iontrála.

ISL Tour Dining Room Kilkenny Castle