An Bailiúchán

Léigh a Thuilleadh

Chomh fada siar leis an 16ú haois, ba phátrúin thábhachtacha sna healaíona iad Buitléaraigh Urumhan. Is eol dúinn gur choimisiúnaigh Séamus de Buitléir, an 9ú hIarla (1504-46), a phortráid ó Hans Holbein óg, duine de na portráidithe is mó cáil i gcúirt Anraí VII. Bhí bailiúchán na nDiúc sa 17ú haois ar an gceann ba mhó agus ba bhreátha in Éirinn ag an am; bhí os cionn 500 pictiúr, 200 taipéis, troscán oirthearach, gréithe airgid agus objets d’art éagsúla ann.

Is iomaí saothar a ceannaíodh agus a díoladh sa cheithre chéad bliain ina dhiaidh sin, an bailiúchán thuas seal agus thíos seal, mar a bhí saibhreas an teaghlaigh. Tharla díolachán deiridh agus rinneadh a raibh sa chaisleán a ghortghlanadh sa 20ú haois, ach ansin tharla teacht aniar agus éirí ó na mairbh.

Sa bhliain 1994, cheannaigh an Stát roinnt pictiúr agus taipéisí a bhí i seilbh an teaghlaigh le fada. Bhí i gceist go ndéanfaí cuid den bhailiúchán a chaomhnú ina bhaile bunaidh. Fíorbheagán taipéisí luatha atá ar marthain sa tír seo, rud a thug suntas sa bhreis do svuít Decius Mus a tháinig slán i gCaisleán Chill Chainnigh.

Choimisiúnaigh an OOP miontaighde ar an mbailiúchán. Thuairiscigh an taighde sin go raibh an-tábhacht leis na pictiúir agus na taipéisí astu féin ach gurbh é an rud a thug tábhacht idirnáisiúnta dó ná go raibh bailiúchán chomh suntasach fós le chéile agus fós ina bhaile bunaidh. Tugann sé sin áit lárnach dó in oidhreacht ealaíne stairiúil na hÉireann.

Le caoga bliain anuas tá Oifig na nOibreacha Poiblí tar éis beocht nua a chur i gCaisleán Chill Chainnigh. Ar na saolta seo, tá seanteach mór galánta oscailte don chuairteoir, é feistithe go cúramach le pictiúir, taipéisí agus objets d’art an teaghlaigh.

Tugtar sean-ré saibhris agus galántachta chun cuimhne nuair a fheiceann an cuairteoir an svuít seomraí fáilte; an Forsheomra, an Parlús agus an Leabharlann, lena mbrat urláir patrúnaithe, taipéisí balla de shíoda buí, pictiúir agus troscán sómhar. Tá an seomra bia lom lán le gréithe airgid agus le soithí an teaghlaigh. Tá spléachadh ar fhaisean Oirthearach an naoú haois déag le fáil sa Seomra Leapa Síneach agus sa troscán coimhthíoch ar fud an fhoirgnimh.

I nGailearaí na bPictiúr, tá tábhacht ar leith le hailtireacht agus le dearadh álainn an dín lámhphéinteáilte atá maisithe le radhairc nádúraíocha agus le mná réamh-Rafaeilíteacha. Tá portráidí éagsúla den teaghlach crochta sa seomra seo mar aon le taipéisí iontacha shraith Decius Mus ón 17ú haois.