Cuairteanna

Léigh a Thuilleadh

Cuairteanna

Tá an-áthas orainn gur bheartaigh tú cuairt a thabhairt ar Chaisleán Chill Chainnigh. Faoi láthair is córas féintreoraithe atá i bhfeidhm ag Caisleán Chill Chainnigh – tá líon teoranta turas treoraithe ar fáil gach lá.

 

Turais Fhéinthreoraithe

Turais Threoraithe

Eispéireas Leithleach

Turais Threoraithe ar na Seomraí Tréimhse

Féadfaidh tú turas ar líne a aimsiú anseo.

Treoraí den scoth, áit iontach

Ar thuras an-ghearr ar Chill Chainnigh, bhí am le spáráil agam féin agus mo chara. Ní raibh sé ar intinn againn cuairt a thabhairt ar an gcaisleán, ach nach sinn atá sásta go ndearna. Tá an caisleán agus an fearann ina thimpeall ar fheabhas agus is fiú go mór cuairt a thabhairt orthu astu féin, ach ba é ár dtreoraí, Peadar, a chuir beocht cheart san áit. Tá an paisean atá aige don stair agus don oidhreacht le brath go soiléir agus is díol suntais forleithne a chuid eolais.

Mar dhuine a dtaitníonn an stair go mór leis mé féin, cheap mé go raibh an turas fíorspéisiúil ó thús deireadh. Mholfainn go hard é d’aon duine atá ag tabhairt cuairt ar an gcathair.

Alan ar TripAdvisor

Caisleán na mBuitléarach

Seasann Caisleán Chill Chainnigh os cionn bhaile Chill Chainnigh agus an Fheoir. Tugann an turas féintreoraithe tú ar chuairt siar agus aniar trí na codanna poiblí agus príobháideacha den chaisleán. Tá stair an fhoirgnimh agus an teaghlaigh thar a bheith spéisiúil agus tá na hathchóirithe tar éis an-slacht a chur ar an bhfoirgneamh. Spás ar leith atá i nGailearaí na bPictiúr.

Is fiú cuairt a thabhairt má táthar i gCill Chainnigh. Má tá an aimsir oiriúnach chuige is fiú siúlóid a dhéanamh sna gairdíní áille.

Permia ar Tripadvisor

Caisleán Meánaoiseach

Thugamar turas ar dtús ar pháirc an chaisleáin (fairsing, glas) agus gairdín na rósanna. Tá láithreacha sármhaithe ansin le grianghraif a fháil den chaisleán meánaoiseach (1195), den Fheoir agus de bhaile meánaoiseach Chill Chainnigh.

Ansin d’íocamar an táille (8 euro, OK) agus thugamar cuairt faoi dheifir ar an taobh istigh ó bhíomar ar thuras lae (Collins Day Tours). Domhnach gnóthach a bhí ann agus bhí margadh bia díreach taobh amuigh den chaisleán leis na sluaite i láthair.

Tá an caisleán coimeádta go han-mhaith! Ar an taobh istigh, chuaigh an Halla Mór agus na taipéisí, seomra na leanaí, an staighre Múrach, an seomra bia leis an mbord leagtha ann i bhfeidhm go háirithe orm.

Athanasia ar TripAdvisor