BAINISEACHA

Láthair Dhraíochtúil

Faoi

Níl aon dabht ach go bhfuil Caisleán Chill Chainnigh ar na caisleáin is áille in Éirinn agus is láthair íocónach í do do ‘lá speisialta’ nach ndéanfar dearmad air go deo. Suite i gceartlár Chathair Chill Chainnigh, tá an Caisleán timpeallaithe ag 50 acra d’fhearann páirce ina bhfuil seanchrainn agus fiadhúlra go flúirseach chomh maith le rósghairdín foirmeálta, coillearnach agus loch. Tá dhá láthair i sciathán Thúr na Paráide (sciathán thiar an Chaisleáin) atá sainnithe do shearmanais phósta, idir shibhialta agus daonnachacha. Is féidir Túr na Paráide agus Seomra Boird an Bhandiúic araon a thiontú ina láithreacha pósta iontacha agus eisiacha. Tá spás do suas le 120 aoi i dTúr na Paráide agus tá Seomra Boird an Bhandiúic níos oiriúnaí do shearmanais níos pearsanta do suas le 25 aoi. Tá an dá ionad ar fáil ar cíos le haghaidh searmanais phósta shibhialta (Luan go hAoine, san áireamh) agus searmanais phósta dhaonnachacha (Luan go Domhnach, san áireamh).

Searmanais phósta shibhialta

Téigh i dteagmháil go díreach le hOifig Chláraitheoir na bPóstaí.

Ms Ann Boyle ‐ +353 56 77 84100 ‐ ann.boyle@hse.ie

Oifig Chláraitheoir na bPóstaí Sibhialta, FSS, An Leacain, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Cill Chainnigh

Searmanais phósta dhaonnachacha

Tabhairt cuairt ar Chumann Daonnachaithe na hÉireann ag www.humanism.ie chun teagmháil a dhéanamh le ceiliúraí (sollúnóir dlí)

Téigh i dteagmháil go díreach le hOifig Chláraitheoir na bPóstaí.

Ms Ann Boyle ‐ +353 56 77 84100 ‐ ann.boyle@hse.ie

Oifig Chláraitheoir na bPóstaí Sibhialta, FSS, An Leacain, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Cill Chainnigh

Caisleán Chill Chainnigh

Má bheartaíonn tú do shearmanas pósta a cheiliúradh i gCaisleán Chill Chainnigh, beidh lántacaíocht le fáil agat ónár bhfoireann oilte dhíograiseach, a eagróidh deiseanna cuairte leat agus a mbeidh i dteagmháil rialta chun na mionsonraí uile a aontú leat.

An dá sheomra lánréitithe i stíl amharclainne

An príomhbhord leagtha le héadach boird bán

Clúdaigh suíochán bhána

Cairpéad pasáiste dearg

Léachtán

Teicneoir Closamhairc

Seirbhísí iomlána closamhairc

Grianghrafadóireacht Bhainise san Fhearann Páirce

Mura bhfuil tú ag fáil pósta sa Chaisleán ach gur mhaith leat do chuid grianghraf a bheith tógtha ar fhearann an Chaisleáin, líon isteach an fhoirm thíos le do thoil agus seol trí rphost chuig Iarratas ar colm.mangan@opw.ie

Liarratas ar Chead – Grianghrafadóireacht Phósta (PDF)

Teagmháil

Bí i dteagmháil le hoifig imeachtaí Chaisleán Chill Chainnigh – kilkennycastleevents@opw.ie – chun cuairt agus dáta féideartha a eagrú.