Páirc agus Gairdíní

Léigh a Thuilleadh

Páirc agus Gairdíní Chaisleán Chill Chainnigh

 Tráth dá raibh bhí fearann páirce ar gach taobh den Chaisleán agus é timpeallaithe ag gairdíní a bhí breac le crainn bhreátha. Laghdaíodh agus athraíodh é sin i gcaitheamh na gcéadta agus nuair a tugadh an caisleán ar láimh do mhuintir Chill Chainnigh sna 1960idí ní raibh ach cúig acra dhéag den talamh ag gabháil leis go fóill.

Tá 21 heicteár talún sa pháirc sa lá inniu. Suíomh oiriúnach don chaisleán agus láthair saoráide den scoth atá ann.

Nuair a ghlac Oifig na nOibreacha Poiblí seilbh ar an gCaisleán díríodh ar bhealaí iontrála nua a thógáil chun an pháirc a oscailt suas. Aimsíodh geataí iarann teilgthe ón naoú haois déag i bhFaiche Stiabhna Bhaile Átha Cliath a cuireadh sa bhealach iontrála in aice le Túr na Paráide. Rinneadh athphlandú ar an bhfearann oscailte ó dheas ón gcaisleán agus béim ar chrainn agus ar thoir a bhíonn dath leo ó cheann ceann na bliana a fhás. Athchóiríodh cosáin agus cuireadh síneadh le roinnt acu.

Tá gairdín foirmeálta ar an taobh thiar den chaisleán ina bhfuil cosáin aiseacha ag leathadh amach ó scairdeán i lár baill. Tá mórán an cruth céanna ar an ngairdín anois agus a bhí in aimsir na nDiúc. An scairdeán sin atá ann anois, meastar go raibh sé ina bhonn de ghné uisce sa seachtú haois déag an chéad la. Tá dhá dhealbh luaidhe ar sheastáin in aice an chaisleáin: Heirméas ceann acu, de réir na bundeilbhe i mBailiúchán na Vatacáine, agus is í Diana an Fiagaí an ceann eile. Rinneadh athchóiriú le déanaí ar na gnéithe gairdín go léir, an léibheannú san áireamh.

D’fhéadfadh go mbrathfadh oscailt láithreán de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar an aimsir agus chun sábháilteacht agus folláine gach duine a dheimhniú, d’fhéadfaí go mbeadh rochtain faoi réir athuithe ar gearrfhógra. Déanfar gach iarracht chun na hiaimh seo a fhógairt roimh am ach má tá aon amhras ort, déan seiceáil leis an láthair le do thoil le haghaidh a Stádas Oscailte/Dúnta.

Níl táille ar bith ar shiúlóid ná an fearann a bhreathnú.
Tabhair aire nach bhfuil cead ag BBQ i bpáirc an Chaisleáin.
Tá fáilte roimh mhadraí ach is gá iad a choimeád ar iall agus ní cheadaítear sa loch iad, óir tá ainmhithe agus éin i mbun neadaithe ansin. Tá an cód iompair d’úinéirí madra ar fáil ag an nasc seo.
Tá treoirlínte faoi bhia oiriúnach do lachan ar fáil anseo.
Brúigh anseo le haghaidh amanna oscailte.

Madraí

Tá fáilte roimh mhadraí agus a n-úinéirí freagracha ag Páirc Chaisleán Chill Chainnigh

Tá flúirse cosán anseo sna tailte páirce (21 heicteár) atá thar a bheith oiriúnach le haghaidh madraí.

Íoslódáil le do thoil an Cód Cleachtais le haghaidh Úinéirí Madraí (PDF) – cabhraigh linn an choillearnach, na plásóga agus na gairdíní a choimeád glan mar áiteanna spraoi do chách.

Coinnítear madraí ar iall:

Le do thoil, coinnigh bhur madraí ar iall ghearr i gcónaí.

Glan suas i ndiaidh do mhadra:

Tá málaí ar fáil saor in aisce taobh leis na cosáin agus in aice na ngeataí, agus tá flúirse cannaí  bruscair. Bain úsáid as na málaí agus na cannaí chun an pháirc a choimeád glan agus slán.

Coinnigh do mhadra i gcóngar duit

Ní thaitníonn madraí le gach duine, mar sin coinnigh do mhadra in aice leat. Ach go háirithe, ná lig dod madra cur isteach ar fhiadhúlra cois locha. Tá cosc ar mhadraí dul isteach san uisce, mar sin ná caith aon ní isteach san uisce rompu.

Cineálacha madra atá faoi shrianadh:

Faoi réir na Rialacháin um Shrianadh Madraí 1998, is gá d’úinéirí madraí atá faoi shrianadh cloí freisin leis na rialacha seo a leanas:

  • Ní foláir madraí a bheith faoi bhéalóg
  • Ní foláir madraí a choimeád ar iall ghearr nó slabhra sách láidir nach mó ná 2 mhéadar.
  • Ní foláir bóna a chur ar an madra le faisnéis an úinéara, ainm agus seoladh iomlán san áireamh.
  • Ní cead do dhuine ar bith faoi bhun 16 bliana d’aois bheith i bhfeighil an mhadra.

Féach thíos an liosta de Chineálacha madra atá faoi shrianadh:

Bithéagsúlacht

Boscaí Neadaireachta

Cuir eolas ar na boscaí neadaireachta agus ar na cineálacha éagsúla éan a neadaíonn agus a théann ar an bhfara i bPáirc an Chaisleáin.

Lá Idirnáisiúnta um Cheiliúr na Camhaoire 2021

Chun an siansa nádúrtha is mó a cheiliúradh, dhéanamar taifeadadh ar cheol álainn na n-éan i bPáirc an Chaisleáin ar an Domhnach 2 Bealtaine 2021. Cliceáil ar an scamall fuaime agus éist le fuaimeanna sainiúla ó chuid de na héin is glóraí atá againn.

Cuidigh linn bithéagsúlacht Pháirc an Chaisleáin a thaifeadadh – cuir tuairisc ar a bhfeiceann tú ar Thairseach Eolaíochta Saoránach Éireann, an tIonad Náisiúnta um Shonraí Bithéagsúlachta.

Conair na gCrann