Oideachas

Bealaí Éagsúla le Plé lenár mBailiúchán

Teaghlaig

 

Tá raon leathan d’imeachtaí spraíúla don uile dhuine sa teaghlach le fáil i gCaisleán Chill Chainnigh. Tá ár mbileoga gníomhaíochta le fáil saor in aisce agus is féidir iad a íoslódáil ag an leathanach a leanas

Tá spraoi agus spleodar inár mbileoga oibre do thuismitheoirí agus do leanaí araon. Cuideoidh na bileoga oibre leat éachtaint a fháil ar na seomraí seanré Victeoiriacha, sciuird a thabhairt ar an gCaisleán agus níos mó a fhoghlaim faoi mhuintir Buitléar a mhair anseo tráth.

Tá ceardlanna agus imeachtaí aonaracha anseo againn i gcaitheamh na bliana chomh maith.

Caith súil ar ár rannóg Cad Atá Ar Siúl chun a bheith suas le dáta linn.

 

Scoileanna

Faoi Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna an OOP cuirimid cuairteanna ar Chaisleán Chill Chainnigh ar fáil saor in aisce do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. (Réamháirithint riachtanach).

Chun cuairt a chur in áirithe nó le haghaidh tuilleadh eolais, bí i dteagmháil le hÁirithintí Grúpa

Teil. 056 770 4106

Rphost: bookingskilkennycastle@opw.ie

Eolas sa bhreis ar an Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna:

www.heritageireland.ie

Caisleán Chill Chainnigh Treoir do Chuairteoirí (PDF)

Daoine Fásta agus an Pobal

Tá clár imeachtaí fíorspéisiúil do leanaí agus do dhaoine fásta le spéiseanna, riachtanais agus stíleanna foghlamtha éagsúla ar bun i gcónaí ag Caisleán Chill Chainnigh. Tá cainteanna, léachtaí agus ceardlanna san áireamh sa chlár. Tá na gníomhaíochtaí oideachasúla go léir saor in aisce agus ba bhreá linn tú a fheiceáil ann!

Féach ar ár bhFéilire nó seiceáil ár suíomh Facebook maidir le cainteanna agus ceardlanna atá le teacht.

Tá na himeachtaí go léir saor in aisce ach is gá áirithint a dhéanamh uaireanta. Bí i dteagmháil linn chun áit a chur in áirithe.