An Bailiúchán

Saothair Shuntasacha i gCaisleán Chill Chainnigh

Thuas: The Obsequies of Decius Mus Taipéis ón 17ú hAois 4.04m x 6.04m

Tá spiorad spleodrach ré Victeoiria tugtha chun solais go dílis taobh istigh de bhallaí an Chaisleáin. Tá só na 1830idí le sonrú sa svuít de thrí sheomra fáilte; an Forsheomra, an Parlús agus an Leabharlann, lena mbrat urláir patrúnaithe, taipéisí balla de shíoda buí agus téastair ghalánta óraithe. Ar fud an Chaisleáin, feidhmíonn an scéim dathanna mar chúlra breá don bhailiúchán ilghnéitheach, ina n-áirítear taipéisí Decius Mus ón 17ú haois a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo. Scrúdaigh an bailiúchán de phortráidí shliocht Urumhan, a bhfuil roinnt acu in áit onóra i nGailearaí iontach na bPictiúr. Díol suntais an Gailearaí féin lena dhíon bíomaí casúir atá maisithe le fíoracha agus radhairc nádúraíocha lámhphéinteáilte réamh-Rafaeilíteacha. Feictear faisean Oirthearach an naoú haois déag sa Seomra Leapa Síneach agus sa tróscán coimhthíoch atá ar fud an fhoirgnimh.

James Arthur Norman Butler (1893-1971), 6ú Marcas Urumhan le Rosa Price uasal

Ba é James Arthur Norman deartháir le James George Anson Butler, 5ú Marcas Urumhan (1890-1949). Mic iad siúd le James Arthur Wellington Foley Butler, 4ú Marcas Urumhan, agus Ellen, iníon an Ghinearáil Anson Stager (SAM). Thit na teidil leis an 6ú Marcas sa bhliain 1949. Phós seisean Jessie Carlos, iníon Charles Carlos Clarke (SAM). Sa bhliain 1967 thug an 6ú Marcas an caisleán ar láimh do Choiste Athchóirithe Chaisleán Chill Chainnigh ar phraghas £50. Go gairid ina dhiaidh sin thóg an Stát an caisleán faoina cúram faoi Rannóg na Séadchomharthaí Náisiúnta d’Oifig na nOibreacha Poiblí.

Séamus de Buitléir (1610-1688), 1ú Diúc Urumhan, Ridire an Ghairtéir, Fear Ionaid an Rí in Éirinn le Sir Peter Lely.

Tá róbaí Ord an Ghairtéir á chaitheamh ag an mBuitléarach agus slat oifige Thiarna Stíobhard an Rítheaghlaigh aige ina lámh deas.

Tírdhreach creagach Iodálach i stíl Pandolfo Reschi (1643-99). Ola ar chanbhás.

Tá tírdhreach creagach le fíoracha ann i dtosach an phictiúir agus capaill le feiceáil ag iníor ar chlé. Scairdeann sruthán sléibhe thar charraigeacha. Sa chúlra tá tírdhreach le foirgnimh ann a oscalaíonn amach go radharc sléibhe i bhfad uainn. Saothar an ealaíontóra Iodáiligh Salvator Rosa a spreag a leithéid de radharc tírdhreacha. Ba nós leis siúd radhairc dhrámata shléibhe a phéinteáil, go minic le ropairí agus lucht miúileanna sáite iontu. Bhí an-tóir ar phictiúir Rosa i measc lucht na Cuairte Móire a thaistil chuig an Iodáil san ochtú agus sa naoú haois déag.

Walter Butler (1770-1820), 1ú Marcas Urumhan, 18ú hIarla Urumhan, 11ú Iarla Osraí, 10ú Bíocunta Dhurlas, 24ú Príomhbhuitléir na hÉireann le Sir William Beechey  (1753-1839). Ola ar chanbhás; Bailiúchán Chaisleán Chill Chainnigh an OOP.

Portráid thaibhseach lánmhéide a léiríonn an tIarla i Róbaí Tiarna agus Ord Naomh Pádraig. Péinteáladh an phortráid sa bhliain 1805, ar ócáid phósta Walter. Duine de na péintéirí portráidí is mó san fhaisean ag an am a rinne an pictiúr.

Deirtear go raibh Walter diomailteach ar airgead, é i gciorcal cairde an Leasrí, an Prionsa Seoirse (Seoirse IV ina dhiaidh sin). B’fhiú £22,000 sa bhliain a chuid tailte in Éirinn in 1799 agus in 1811 bhronn an Pharlaimint £216,000 mar chúiteamh air nuair a ghlac an Choróin praghasú oidhreachtúil an fhíona ar ais chuici féin uaidh, cumhacht a bhí bronnta ar a shinsear in 1327. Phós sé banoidhre saibhir in 1805, Anna Maria Catherine Price-Clarke. Rinneadh Marcas Urumhan dó in 1816.

AN SURTOUT DE TABLE circa 1805. Luaite le Rundell, Bridge & Rundell, ceaptar gurbh é Alexis De Caix a sholáthair.

Ba iad Rundell, Bridge & Rundell na hórcheardaithe Ríoga ba iomráití, a raibh an cháil orthu saothair chré-umha den chéad scoth a dhéanamh. Rinneadh an píosa iontach seo a dhearadh i stíl Impireacht na Fraince a bhí sa treis i gciorcail fhaiseanta na Leasríochta.

Tá an surtout de table cré-umha óraithe seo roinnte ina chúig chuid scathánacha agus fad 8’4” ann san iomlán. Tá gailearaí tollta ar chosa crágacha ar an surtout. Thíos faoin gailearaí tá coróinéad dúbailte teilgthe agus armas Mharcais Urumhan ionsáite eatarthu.

Walter Butler (1770-1820), 1ú Marcas Urumhan, 18ú hIarla Urumhan, agus a bhean chéile Anna Maria Catherine Price-Clarke. Pátrún tábhachtach de chuid na nÓrcheardaithe Ríoga Rundell, Bridge & Rundell ba ea Urumhan agus choimisiúnaigh sé foireann dinnéir bhreá airgid uathu in 1808. Rinne rialtas na Breataine cuid den fhoireann sin a bhronnadh ar an bPailliún Ríoga in Brighton in 1982.

Anna Maria Catherine Price-Clarke (1789-1817), Banmharcas Urumhan le Sir William Beechey (1753-1839). Leathphíosa é seo leis an bportráid de Walter, fear céile Anna. Thaifead Beechey péinteáil an dá phictiúr ina leabhar cuntais don bhliain 1809 agus táille £105.0s. 0d. mar luach saothair aige orthu.

Rugadh agus tógadh Anna i saol na bhfuíoll; d’fhás sí suas i Sutton Hall ar imeall an Peak District i Sasana. Ar lá fhéile Pádraig 1805, agus í sé bliana déag d’aois, phós Anna Walter Butler (1770-1820), 1ú Marcas Urumhan. Mhair a bpósadh dhá bhliain déag go dtí gur bhásaigh Anna in 1817. Ba í Anna an t-aon iníon agus an banoidhre a bhí ag Job Hart Price agus a bhean siúd, Sarah. Fágadh oidhreacht ollmhór uirthi a chuir saibhreas millteach chomh maith le tailte fairsinge i Sasana le hEastát Urumhan. Bhí Sutton Hall, Chilcote Hall, Somersall Hall agus Mainéar Ulcome in Kent i measc na dtailte sin.