Taispeántais

Líonraíchill Chainnigh – Móruaisle – Ceannaithe-Cúirteoirí

18 Iúil 2022 – 18 Iúil 2025

Ba í an Dr. Jane Fenlon a chuir an taispeántas seo le chéile. Léiríonn sé an saol meánaoiseach in Éirinn, tráth a raibh saol na hÉireann fite fuaite le saol na hEorpa díreach mar atá sé inniu.  Chruthaigh muintir Urumhan líonra a chuaigh chun tairbhe lucht tráchtála na cathrach ar an leibhéal is airde de shaol na linne úd agus a bhí mar bhonn le forbairt na cathrach ó thaobh airgid, ailtireachta agus cultúir.

Cuardaíonn an taispeántas an tionchar a bhí ag an gceangal cultúrtha seo. Cuireann sé leis an eolas atá againn ar Iarlaí Urumhan na linne – an stádas a bhí acu sa phobal, na teagmhála a bhí acu le cúirteanna idirnáisiúnta ríoga, an phátrúnacht a dheineadar ar na healaíona agus a dturais taistil ar fud na hEorpa. Léirítear freisin an teagmháil a bhí acu le mórphearsana staire na tréimhse sin – mar shampla, an Banríon Eilís I i Sasana, an Cairdinéal Wolsey, Áine Boelyn, Caitríona Parr imeasc mórán eile.

 

Bhain tábhacht freisin le ceannaithe Chill Chainnigh; ba mhinic iad sin ag feidhmiú mar bhaincéirí agus mar sin bhíodar páirteach i ngnóthaí airgid agus dlí Iarlaí Urumhan. Bhí ról lárnach acu san maidir le forbairt agus saibhriú an bhaile agus tráchtáil le calafoirt mhóra na Breataine agus na hEorpa.

Taipéis an Rosa, scéal snoite snáthaide

6 Lúnasa 2021 – Meán Fómhair 2023

Ríomhann Taipéis an Rosa scéal na Normannach agus a dteacht i dtír in Oir-Dheisceart Éireann agus léirítear forbairt agus fás an chalafoirt i Ros Mhic Thriúin i gcúig painéal déag bróidnéireachta. Tá oidhreacht chultúrtha Laighean léirithe i bhfuáil, ó insealbhú Rí Cheiltigh go dtí tráchtáil Gael-Normannach.

Féadfaidh gach duine anois an taispeántas iontach seo a fheiceáil, bronntanas taibhseach don tír ar fad; cuimsíonn sé ealaíon iontach, sárcheardaíocht agus raidhse scéalta atá fíorspéisiúil.

Ba é an tUrr. Paul Mooney, Eaglais Mhuire, Ros Mhic Thriúin, a thionscnaigh an tionscadal seo. Ghlac sé inspioráid ó Thaipéis cháilíuil Bayeux na Fraince; cheap sé gur fiú sraith dá leithéid a chruthú mar chomóradh ar stair na Normannach i Ros Mhic Thriúin agus Oir-Dheisceart Éireann.

Críochnaíodh an chéad taipéis in 2002 agus tá 14 as 15 painéal críochnaithe go dtí seo. Tá an ceann deireanach á fuáil i gCill Chainnigh faoi láthair agus tá sé nach mór críochnaithe.  Tá fuálaithe deonacha ar fud na tíre páirteach san obair, breis agus 150 acu, ag obair ina dtithe féin agus i láithreacha áitiúla poiblí. Déantar an bhróidnéireacht le snáth olla ar chorrán línéadach Seacabíteach agus úsáidtear iliomad greamanna éagsúla. Glacann sé uair an chloig aon orlach cearnach a fhuáil, agus ó thrí go seacht mbliana chun painéal amháin a chríochnú.

Tá cead isteach ar an Taispeántas Taipéise Ros san áireamh le Ticéad Cheada Isteach Ginearálta.

Tá treoraí fuaime déanta ag Abarta Heritage freisin thar ceann Taipéise Ros chun dul leis an taispeántas

Poster of the Ros Tapestry Exhibition

Tá leabhar treoraithe ar fáil le ceannach ar an suíomh ón nDeasc Ticéid (€7 )

Móimintí Ama  – 1870-1970

Léiríonn an taispeántas seo ‘móimintí ama’ i saol chúigear Marcas Urumhan thar thréimhse céad bliain. Glacadh na híomhánna ó thús na 20ú aoise nuair a bhí na Buitléaraigh ina gcónaí sa chaisleán ó am go ham agus cuid mhór ama á chaitheamh acu i Sasana. Sa chéad leath den bhfichiú aois tháinig athrú tobann ar an saol ar fud an domhain; léiríonn na híomhánna atá ar taispeáint conas mar a bhí Caisleán Chill Chainnigh agus an teaghlach ann de réir mar a bhí an seanré ag imeacht leis.

Tugann na grianghraif léargas ar na Buitléaraigh agus ar a saol sóisialta tráth a raibh saol na hÉireann ag athrú ó bhonn. Bhí Caisleán Chill Chainnigh thuas seal agus thíos seal le linn na 20ú aoise; cuireadh a raibh istigh ann ar ceant, agus bhí an foirgneamh folamh agus tréigthe gur bronnadh é ar mhuintir Chill Chainnigh. Tá sé faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí ó 1969 anuas, ionad lárnach don phobal áitiúil agus tarraingt air ag cuairteoirí ó chian is ó chóngar.

Cartlann Bhallapháipéir Chaisleán Chill Chainnigh

Seomra na Munúint

Roghnaíodh na ballapháipéir atá ar taispeáint i Seomra na Munúint ó bhailiúchán de bhreis agus 250 sampla de bhallapháipéir stairiúla a bronnadh ar Oifig na nOibreacha Poiblí in 2020. Rianann an chartlann trí chéad bliain, ó dhéantús i mBaile Átha Cliath na 18ú aoise go dtí 1980 nuair a dúnadh Monarcha Bhallapháipéir Chill Dara.

 

Is ó bhallaí foirgneamh ar fud na hÉireann is mó a fuarthas na samplaí seo, nuair a bhí obair chaomhnaithe ar bun nó mar bhronntanais ó úinéirí tí, lucht foirgníochta nó ailtirí. Léiríonn siad na dathanna agus na patrúin a bhí mar chúlra laethúil le linn tréimhsí éagsúla agus ar leibhéil éagsúla saoil.

Mapaí Eastát Urumhan, c. 1810

Mapaí Eastáit

Uaitéar de Buitléir (1770–1820)

Conair na gCat i gCill Chainnigh

Is geal le OPW dhá Chat Chill Chainnigh a chur ar taispeáint i dtailte an Chaisleáin, mar chuid de Conair na gCat i gCill Chainnighseolfar é sin ar an Domhnach 10 Deireadh Fómhair agus leanfaidh sé go dtí an Cháisc in 2022. Ins an taispeántas speisialta seo tá 21 dealbh cat a maisíodh go hálainn agus atá suite i spásanna poiblí agus láithreacha oidhreachta ar fud na cathrach. Féadfaidh cuairteoirí app speisialta an chonair a íoslódáil chun taitneamh a bhaint as a gcuaird ar fud an bhaile.   

Is de roisín snáithínghloine iad na dealbha cat, atá cúig troigh ar airde. Tá siad bunaithe ar an gcarachtar ‘Pangur Bán’ as ‘The Secret of Kells’ a chruthaigh ‘Cartoon Saloon’ – stiúideo beochana atá lonnaithe i gCill Chainnigh agus a bhuaigh gradaim Academy Awards®, Golden Glove®, BAFTA agus ainmniú Emmy.

Is geal linn a fhógairt go mbeidh an bundealbh speisialta seo ‘Pangur Bán’, a dhearaigh Bonnie Mier ó Cartoon Saloon suite i nGairdín na Rós i gCaisleán Chill Chainnigh ar feadh an ama seo. Tá áthas orainn freisin fáiltiú roimh an dara Cat – ‘Pangur A la’n’ a mhaisigh Francis Tansey agus a bheidh ina shuí go sona sa chlós.

Is comhpháirtíocht an tionscadal seo idir Iontaobhas Cathartha Chill Chainnigh agus Comhairle Contae Chill Chainnigh, arna chruthú ag The Art of Tourism a chuireann conair ealaíne poiblí ar fáil.

Ceardlaochra Éireann

22 Iúil  – 6 Deireadh Fómhair 2021
Páirc & Clós Chaisleán Chill Chainnigh
le linn Uaireanta Oscailte na Páirce

Tá áthas ar OPW tacú le Ceardlaochra Éireann leis an mórthaispeántas seo lasmuigh; ceiliúrann sé ceardaithe a bhfuil suntas ar leith ag baint lena saothar, a léiríonn dearcadh nua nó a chuireann athrú ar an mbealach a fheicimid an saol.

Léiríonn an taispeántas seo éabhlóid na hearnála ceirde agus dearaidh in Éirinn le 50 bliain anuas. Comórann sé an oiread sin daoine a chuidigh le taipéis shaibhir na ceardaíochta in Éirinn. Is í Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann a chuir an taispeántas le chéile, le tacú ó Oifig na nOibreacha Poiblí, Comhairle Contae Chill Chainnigh agus Féile Ealaíona Chill Chainnigh.

Tugadh cuireadh don phobal agus don lucht ceirde Ceardlaochra Éireann a ainmniú – daoine inspioráideacha a raibh tionchar suntasach acu ar an earnáil le 50 bliain anuas. Fuarthas breis agus 600 ainmniúchán; ceapadh coiste saineolaithe chun 50 ceardaí a roghnú, bunaithe ar chritéir scileanna, dearaidh, tionchar, nuálaíochta agus bunúlachta. Léirigh na hainmniúcháin an saibhreas ceardaíochta in Éirinn le 50 bliain anuas. Thug sé suntas freisin don oiread sin laochra eile a thacaíonn leis an lucht ceirde, trí thiomantacht oideachais; ag treorú trí chumainn, líonraí tacaíochta, tionscadail núálacha a bhunú agus ag stocaireacht ar son na hearnála.

Is tráthúil go bhfuil an taispeántas seo ar siúl nuair atá comóradh 50 bliain ann ó bunaíodh Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann in 1971. Tar éis a sheoladh i gCill Chainnigh, beidh an taispeántas lasmuigh ar taispeáint freisin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Béal Feirste, Gaillimh agus Corcaigh suas go dtí 2022.

Tuilleadh eolais ó: www.ndcg.ie/exhibitions/irish-craft-heroes