Uaitéar de Buitléir (1770–1820)

Príomh-Bhuitléir Éireann, 18ú Iarla Urumhan, Iarla Osraí agus Biochúnta Durlais, 1ú Mharcas Urumhan (an dara cruthú)

Ba é Uaitéar mac agus oidhre Eoin de Buitléir, 17ú Iarla Urumhan agus Proinséas – darb aithin Áine – iníon Iarla Wandesford. Fuair sé oideachas ag Eton agus, in 1798, cruthaíodh é ina Ridire in Ord Naomh Pádraig. Tar éis dó a vóta a chaitheamh ar son Acht an Aontaithe in 1800, ghlac sé a shuíochán i dTeach na dTiarnaí agus cruthaíodh é ina Bharún de Buitléir ar Lanthony, i gContae Monmouth, in 1801. Bhí sé mór leis an Leasrí (Seoirse IV ina dhiaidh sin) agus deirtear gur chaith sé a chuid airgid go flúirseach. In Personal Sketches of his own Time, dúirt Jonah Barrington gur scaoileadh Uaitéar le nósanna faiseanta agus ídiú socmhainní go luath ina shaol; roimhe sin bhí sé uasal, gníomhach, cáilíochtaí fearaúla ag baint leis, agus saol dóchúil intleachtúil os a chomhair.

 

In 1799 measadh go raibh luach £22,000 sa bhliain ar eastáit Urumhan. In 1811, bhronn an Parlaimint £216,000 air mar chúiteamh nuair a ghlac an Choróin ar ais an dleacht ar iompórtáil fíona ar bronnadh ar shinsear leis in 1327. In 1816, cruthaíodh é ina Mharcas Urumhan ach ar fháil báis dó chuaigh sé seo agus Barúntacht Bhuitléir in éag.

 

In 1805 phós Uaitéar an bhanoidhre shaibhir Anna Maria Catherine Price-Clarke (1789–1817). Rinneadh an phortráid iomlán taibhseach seo tráth a phósta agus taispeántar an tIArla ina róbaí parlaiminte agus coiléar Ord Naomh Pádraig. Tá admháil ar an saothar seo, dar dáta 30 Bealtaine 1805 a shínigh an t-ealaíontóir, Sir William Beechey (1753–1839), ach níl phraghas luaite.

 

 

 

William Beechey, Portrait of Walter Butler, 1805,

Ola ar chanbhás , 261 x 183 cm

Bailiúchán Chaisleán Chill Chainnigh (KKC.00322)