IONAD AR CÍOS

Foirfe do Ghnó nó do Phléisiúr

Is é Sciathán Thúr na Paráide an láthair speisialta ócáidí i gCaisleán Chill Chainnigh. Cuimsíonn sé sin an sciathán thiar ar fad agus dhá cheann de na túir mheánaoiseacha. Tá an láthair ilfheidhmeach seo deartha le bheith oiriúnach le haghaidh raon leathan imeachtaí, ina measc: comhdhálacha, fáiltithe, dinnéir cheiliúrtha, chomh maith le himeachtaí cultúrtha agus ealaíne. Le deireanas tá úsáid bainte as mar láthair chompordach chairdiúil do shearmanais phósta shibhialta agus dhaonnachacha.

Tá tionóil shuntasacha stairiúla á óstáil i gCaisleán Chill Chainnigh le hocht gcéad bliain anuas. Go deimhin, ba i dTúr na Paráide a bhí Seomra na hArdchomhairle inar tháinig an Pharlaimint le chéile sa 17ú haois.

Mar aon le Sciathán Thúr na Paráide, is féidir Gailearaí iontach na bPictiúr i gCaisleán Chill Chainnigh a chur in áirithe le haghaidh imeachtaí cultúrtha istoíche; ceadail cheol clasaicigh, léamha filíochta agus fáiltithe dí in éineacht le dinnéar i dTúr na Paráide, mar shampla.