Raonta Páirce

Léigh a Thuilleadh

Rith Páirce

Tá áthas ar OOP Caisleán Chill Chainnigh fáilte a chur roimh Rith Páirce Éireann Chill Chainnigh, rith amaithe SAOR IN AISCE 5km a tharlaíonn gach maidin Shathairn ag 9.30am i bPáirc Chaisleán Chill Chainnigh.

Kilkenny Castle Parkrun 5km Map (PDF)

Téigh go dtí https://www.parkrun.ie/kilkenny/ le haghaidh na sonraí go léir, clárúchán, barrachód agus cur síos ar an gcúrsa san áireamh.

Cad é Rith Páirce Chill Chainnigh? Rith 5km atá ann – tusa féin i gcoinne an chloig

Cathain? Gach Satharn ag 9.30am ag tosú

Cén áit? Páirc Chaisleán Chill Chainnigh

An bhfuil tú ag teacht den chéad uair? Déan cinnte de, le do thoil, go bhfuil tú cláraithe, go bhfuil do bharrachód agat agus go bhfuil an cur síos an an gcúrsa léite agat.

Cén chostas atá air? Faic na ngrást – tá sé SAOR IN AISCE! ach ní mór clárú roimh do chéad rith. Ní gá clárú ach uair amháin. Ná dearmad cóip phriontáilte de do bharrachód a thabhairt leat. Má dhearmadann tú é ní bheidh tú ábalta d’am a fháil!

Cé chomh mear a gá a bheith? Ritheann gach duine ar mhaithe lena shástacht féin. Seo leat agus bí linn, pé luas atá fút!

Tá do chabhair ag teastáil ó Rith Páirce Chill Chainnigh! Oibrithe deonacha ar fad atá ina bhun.

Seol rphost chuig kilkennyhelpers@parkrun.com chun cabhrú linn.

Táimid breá cairdiúil! Bíonn braon caife againn gach seachtain tar éis an reatha ag Seomraí Tae Chaisleán Chill Chainnigh. Bí linn agus fáilte!

Treodóireacht

Buanchúrsa Treodóireachta Uasdátaithe ag Páirc Chaisleán Chill Chainnigh

Seoladh na buanchúrsaí treodóireachta i bPáirc Chaisleán Chill Chainnigh sa bhliain 2013 ar dtús agus tá sult bainte astu ag gach cineál duine ó shin. Rinneadh uasdátú orthu sin i mí Bealtaine 2019 mar a leanas. Tá ceithre fhad i gceist anois agus iad uile le fáil SAOR IN AISCE le híoslódáil.

 

Roth O (2.0 km)

Gearr (2.0 km)

Meánach (3.2 km)

Fada (4.0 km)

 

Tá an cúrsa treodóireachta oscailte do chách – teaghlaigh, daoine aonair, clubanna, scoileanna. Cad é mar shlí le bheith ag plé le flóra agus fána Pháirc Chaisleán Chill Chainnigh agus tú i mbun aclaíochta i dtimpeallacht álainn. Tá cuid bheag de Shiúlóid na Canála (cois na Feoire) san áireamh sna cúrsaí freisin.

Chun tabhairt faoin bhfad atá roghnaithe agat:

  1. Íoslódáil an léarscáil don fhad atá roghnaithe agat (agus an fhreagarbhileog le seiceáil ag an deireadh)
  2. Aimsigh na pointí rialúcháin san ord ina bhfuil siad léirithe ar an léarscáil
  3. Líon isteach códuimhir an chuaille mharcála sa bhosca lena mbaineann sé
  4. Ag deireadh an Chúrsa, seiceáil go bhfuil do chuid freagraí i gceart (mar atá san fhreagarbhileog)
  5. Go n-éirí an t-ádh leat agus bain sult as!

 

Tabhair faoi deara gur féidir na láithreacha rialúcháin a bheith níos teicniúla de réir mar a théann na cúrsaí i bhfad.

Tá cúrsa nua an ‘Roth O’ oiriúnach do chathaoireacha rothaí agus bugaithe óir is dromchlaí crua atá i gceist ann.

Chun ócáid ar leith a eagrú bí i dteagmháil le kilkennycastleevents@opw.ie

Má tá eolas sa bhreis uait faoin Treodóireacht san Oirdheisceart tabhair cuairt ar Chumann Treodóireachta Phort Láirge ag

Twitter @Watoclub, Facebook @WatefordOrienteers nó waterfordorienteers.blogspot.com

chun ócáidí ar leith do scoil nó do chumann a eagrú.

Tabhair faoi deara gur spórt eachtraíochta atá sa Treodóireacht agus gur gá talamh, raonta agus cosáin gharbha agus chorracha a thrasnú. Ní mór bróga oiriúnacha a chaitheamh.

Níl Oifig na nOibreacha Poiblí ná WATO freagrach as aon ghortú.