IONAD AR CÍOS

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom breathnú ar láithreacha féideartha do m’ócáid i gCaisleán Chill Chainnigh?

Bheadh duine dár bhFoireann Imeachtaí breá sásta an t-ionad is oiriúnaí do d’imeacht féin a thaispeáint duit. Bí i dteagmháil chun cuairt ar an ionad a eagrú trí ghlaoch ar +353 (0) 56 770 4108, +353 (0) 56 770 4134 nó rphost chuig kilkennycastleevents@opw.ie

Conas a chuirfidh mé ionad in áirithe ag Caisleán Chill Chainnigh?

Is féidir gach áirithint shealadach a dhéanamh ar an rphost –  kilkennycastleevents@opw.ie. Bí i dteagmháil chun seiceáil go bhfuil an t-ionad ar fáil do d’imeacht féin.

Teastaíonn uaim fearann Chaisleán Chill Chainnigh a úsáid d’ócáid – an féidir é sin a dhéanamh?

Scrúdaítear smaointe maidir le himeachtaí faoin aer cás ar chás. Bí i dteagmháil ag kilkennycastleevents@opw.ie leis an smaoineamh nó ceist atá agat.

Cé na comhlachtaí lónadóireachta atá ar fáil dom?

Féach an leathanach lónadóireachta le do thoil.

An féidir liom pósadh i gCaisleán Chill Chainnigh

Tá Túr na Paráide agus Seomra Boird an Bhandiúic i gCaisleán Chill Chainnigh ar fáil le haghaidh searmanais phósta shibhialta agus dhaonnachacha araon. Léigh a thuilleadh ag an leathanach Bainiseacha.

An bhfuil Wi-Fi ar fáil?

Tá. Tá Wi-Fi saor in aisce ar fáil i ngach áit sa láthair.

An bhfuil áiseanna seomra cótaí ar fáil?

Tá seomra cótaí ar fáil do himeachtaí.

An mbeidh mé ábalta turais a eagrú dóibh siúd atá ag freastal ar an ócáid?

Nuair atá d’ócáid dearbhaithe linn is féidir linn turais ar sheomraí seanré Chaisleán Chill Chainnigh a eagrú dóibh siúd ata ag freastal ar an ócáid.