Tionscnóirí turas agus grúpaí

Caisleán Chill Chainnigh

Seomraí Tréimhse Victeoiriacha Athchóirithe | Fearann Páirce agus Gairdín Stairiúil | Stair Shoisialta Victeoiriach  | Bailiúchán Ealaíne | Imeachtaí | Caifé/Seomra Tae Lasmuigh

Tá súil againn fáilte a chur roimh do ghrúpa chuig ceann de na Láithreacha Náisiúnta Stairiúla is mó cáil in Éirinn.

Tá Caisleán Chill Chainnigh suite i gcroílár Chathair Chill Chainnigh, rud a ligeann do chuairteoirí cuardach a dhéanamh ar an gcathair bheo againne.

Seasann an caisleán féin ar ard; ba é Liam Marascal, 4ú Iarla Pembroke a thóg é sa 12ú aois um cheannas a choimeád ar thrasnú abhann na Feoire.

Ins an 14ú aois, tháinig Caisleán Chill Chainnigh i seilbh na mBuitléarach agus bhí sé mar phríomháit chónaithe acu – Iarla, Marcas agus Diúic Urumhan – go ceann 600 bliain nach mór.

Inniu, féadfaidh cuairteoirí an spiorad spleodrach Victeoiriach a bhrath ins na seomraí tréimhse athchóirithe sa Chaisleán.

I bPáirc an Chaisleáin tá diméin daingean (21 heicteár) ó dheas agus Gairdín na Rós ar ardán ó thuaidh. Féachann eastát an chaisleáin thar abhann na Feoire, le crainn agus toir fhásta, loch ornáideach agus clós súgartha do leanaí.

Tá páirceáil ar fáil do chóistí agus teacht ar naisc iompair phoiblí.

Roghanna um eispéireas Cuairteoirí ag Caisleán Chill Chainnigh

Tairiscíonn Treoirsheirbhísí Chaisleán Chill Chainnigh na heispéiris seo a leanas do ghrúpaí tar éis don rialtas srianta a scaoileadh.

Tá trí rogha um eispéireas cuairteoirí ar fáil ag Caisleán Chill Chainnigh.

Cuairt Fhéintreoraithe

 

Cuairt Treoraithe ar na Seomraí Tréimhse

Eispéireas Leithleach