Eispéireas Leithleach

Léigh a Thuilleadh

Eispéireas Leithleach

Só-Eispéireas| Turas Treoraithe Príobháideach Pearsantaithe |Rochtain eisiach ar Bhailiúcháin Chaisleán Chill Chainnigh

Is beag foirgneamh in Éirinn a bhfuil cónaí leanúnach ann chomh fada is atá i gCaisleán Chill Chainnigh. Bunaíodh an Caisleán go luath tar éis choncas na Normannach ar Éirinn. Le breis agus 800 bliain anuas, rinneadh an Caisleán a atógáil, a leathnú agus a athchóiriú de réir mar a bhí cúinsí agus feidhmeanna ag athrú le himeacht aimsire.
Bhí Caisleán Chill Chainnigh tráth mar áit chónaithe ag muintir de Buitléir, teaghlach a bhí cumhachtach agus tionchar acu ar chúrsaí rialtais (Diúic, Marcais agus Iarlaí Urumhan). Inniu tá Caisleán Chill Chainnigh ar cheann de na Maoine Stairiúla Náisiúnta is mó gradaim in Éirinn. Seasann sé ar ard straitéiseach os cionn Abhann na Feoire, i measc 21 heicteár de thailte fearann agus gairdíní foirmiúla i gcroílár Chathair Chill Chainnigh.

Só-Eispéireas:

Radharc Príobháideach ar shaothair ó Bhailiúchán Urumhan le cuairt treoraithe pearsantaithe ar Chaisleán Chill Chainnigh

Féach siar agus bain taitneamh as iontas agus stair an tí mhaorga ardghradaim seo. Cuirfidh duine de na treoraithe is mó cumais againne fáilte chroíúil romhat, a chuirfidh iontas ort le scéalta faoi theaghlach cumhachtach na mBuitléarach.
Is mó seod ceilte atá sa Chaisleán taibhseach seo agus radharc eisiach orthu mar chuid den Eispéireas Leithleach. Beidh píosaí speisialta ó Bhailiúchán Urumhan le feiceáil i gClóiséad na mBandiúc sa sciathán thiar. Beidh deis ag cuairteoirí cuid de na píosaí seo a láimhseáil, airm, grianghraif theaghlaigh agus píosaí speisialta teaghlaigh ina measc.

Sonraí ar Leith

 

• Fáilte chroíúil agus cur i láthair ar theacht duit chuig Caisleán Chill Chainnigh
• Cuairt treoraithe téamaithe ar na seomraí taibhseacha le duine de Threoraithe oilte an Chaisleáin agus rochtain ar thaispeántais iontacha. Féadfar aird a thabhairt ar ábhair is mó spéise ag cuairteoirí ach fógra a thabhairt roimh ré.
• Radharc eisiach ar phíosaí an-speisialta ó Bhailiúchán Urumhan i gClóiséad na mBandiúc sa sciathán thiar.

 

Roghanna breise:
• Carrpháirceáil eisiach i dtailte an Chaisleáin do charr nó mionveain amháin.

 

 

Áiseanna ar an láthair:
Taispeántais, seomraí tae, siúlóidí taibhseacha sna tailte fearann, an Rósghairdín foirmiúil agus an scardán uisce.

Coinníollacha Áirithinte

 

Um eolas ar phraghsanna agus áirithint déan teagmháil le Anne Teehan

anne.teehan@opw.ie , Fón: +353 (0)46 942 3481 nó +353 (0) 87 6383017.

Is gá áirithintí a dheimhniú trí ríomhphost 2 sheachtain roimh ré.

Líon an ghrúpa: 1 go 8 gcuairteoir

Tréimhse : 90 nóiméad

Teanga: Béarla agus Fraincis

Ar fáil: Luan go hAoine ar feadh na bliana.

Soghluaisteacht: Soghluaisteacht iomlán sa sciathán thiar amháin

Íocaíocht: Is gá íocaíocht iomlán a dhéanamh roimh ré. Ní thabharfar aisíoc ach amháin sa chás go dtugtar fógra um chealú 48 n-uair roimh ré.

Áit

 

Tá Caisleán Chill Chainnigh suite ar Bhóthar an Chaisleáin i gcroílár Chathair Chill Chainnigh. Beidh carrpháirceáil eisiach i dtailte an Chaisleáin do charr nó mionveain amháin, le tuirlingt agus bailiú ag príomhdhoras an Chaisleáin sa chlós.
Tá Mapa Áiseanna do Chuairteoirí againn freisin – mapa ar fáil anseo.
Tá breis eolais ar Chill Chainnigh ar fáil ó Fáilte Ireland agus Visit Kilkenny

Kilkenny Castle

Eispéiris Leithleacha eile OPW

 

Féadfar taitneamh a bhaint as eispéireas leithleach ag ceithre láthair in Éirinn: Teach Bhaile an Chaisleáin i Sean-Oirthear Éireann, Caisleán Bhaile Átha Cliath i gcroílár na hardchathrach, Teach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce ( Baile Átha Cliath) nó Caisleán Chill Chainnigh i ‘gcathair an mharmair’. Tugann gach ceann acu turas treoraithe príobháideach le saineolaithe agus treoraithe OPW, a thabharfaidh deis duit cuardach a dhéanamh ar bhailiúcháin leithleacha de shaothair ealaíne, leabhair agus na foirgnimh féin.
Cliceáil anseo um breis eolais