Cuairt Fhéintreoraithe

thart faoi 35 – 50 nóiméad (uasmhéid ghrúpa 45 duine)

Féadfaidh grúpaí Seomraí Tréimhse an Chaisleáin a chuardach trí chuairt fhéintreoraithe. Tá bileoga eolais ar fáil do ghrúpaí ar theacht isteach dóibh. Cuirfidh duine de na treoraithe fáilte rompu.

Tosaíonn an chuairt ar an mbunurlár; cuimsítear na Seomrai Tréimhse, na Seomraí Taispeántais nua ar an bPasáiste Gorm agus Taispeántas Táipéis an Rosa ar Phasáiste na Cistine.

NÓTA: Faoin rogha seo níl cead cante ag treoraithe/cúiréirí grúpa.

Tá Bileog Oibre Scoil Teanga, ceaptha do lucht foghlama Béarla (12 bhliain +) ar fail ar iarraidh.

Tá bileoga ar fáil i dteangacha éagsúla; féadfar iad a íoslódáil agus a phriontáil don ghrúpa:

Gaeilge, BéarlaAraibisSínisOllannaisFraincisGearmáinisEabhraisIodáilisSeapáinis,  PolannaisPortaingéilisRúisis, Ucráinis & Spáinis.

Conas áirithint a dhéanamh

Um chuairt ghrúpa chuig Caisleán Chill Channnigh a chur in áirithe, déan teagmháil ríomhphoist le bookingskilkennycastle@opw.ie agus tabhair na sonraí seo a leanas:

 

  • An dáta agus an t-am is rogha leat
  • An líon daoine sa ghrúpa, faoi na catagóir seo a leanas: Daoine Fásta, Seanóirí, Micléinn Lánaimseartha, Daoine faoi 18
  • Náisiúntachtaí na gcuairteoirí
  • An bhfuil riachtanais rochtana ag duine ar bith sa ghrúpa
  • An bealach íocaíochta is rogha leat (Dearbhán nó cárta creidmheasa/dochair)
  • An t-eispéireas cuairteoirí is rogha leat, Turas Treoraithe nó Féintreoraithe

Suíomh agus Páirceáil

Tá Caisleán Chill Chainnigh suite i lár na cathrach i gCill Chainnigh. Tá páirceáil do chóistí ar fáil ar an dtaobh thoir de Bhóthar an Chaisleáin. (52°38’56.9″N 7°14’51.3″W). Ag buaicuaireanta tráchta, tá páirceáil breise ar fáil ar an dtaobh theas de Ghort na Learóige (52°38’38.7″N 7°14’43.2″W)

Tá Mapa a léiríonn áiseanna do chuairteoirí agus pointí rochtana ar fáil anseo.

Tá tuilleadh eolais faoi Chill Chainnigh ar fáil ó Fáilte Ireland agus ó Visit Kilkenny

Páirceáil do Chóistí ar Bhóthar an Chaisleáin

Páirceáil Breise

Íocaíocht

Is ar lá do chuairte amháin a ghlactar íocaiocht. Ní féidir íocaíocht a dhéanamh roimh ré ná dá éis. Féadfar íocáíocht phearsanta a dhéanamh mar seo a leanas:

 

  • Cárta dochair nó creidmheasa
  • Airgead Tirim
  • Dearbhán*

*Tá scéim dearbhán ag Oifig na nOibreacha Poiblí le haghaidh Tionscnóirí Turas, institiúidí agus dreamanna eile a thugann cuairt ar láithreacha Oidhreachta ar fud na tíre. Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.

 

Rátaí Grúpa – Turas Féintreoraithe

CATAGÓIR PRAGHAS
Duine Fásta 18+  €6
Mac Léinn (le cárta bailí) €4
Páiste (12-17) €4

Ar Theacht Duit

Molaimid duit bheith ag an gCaisleán 15 nóiméad roimh am do chuairte.

Ar theacht duit, le do thoil:

  • Treoraigh do ghrúpa chuig an láthair feithimh do ghrúpaí sa chlós.
  • Téigh chuig an Deasc Ticéad (faoin áirse sa chlós), áit a ghlacfar le dearbhán nó a ghlacfar íocaíocht le cárta dochair/creidmheasa.
  • Ní mór don ghrúpa bheith ullamh an chuairt a thosú ag an am atá in áirithe. Má dhéantar moill tharlódh go gcaithfí an chuairt a athshocrú ag am/lá níos déanaí.
  • Tabhair faoi deara gur teoranta iad na Leithris; mar sin, fág dóthain ama sa chlár agat má tá turas fada i gceist.

·         Rochtain

  • D’fhéádfadh go bhfuil áiteanna sa Chaisleán nach bhfuil oiriúnach do dhaoine faoi ghluaiseacht teoranta, ach tá seomraí an bhunurláir inrochtana. Tá leithreas inrochtana ar fáil ar iarraidh. Um shonraí ar rochtain sa Chaisleán agus i bPáirc an Chaisleáin cliceáil anseo.
  • Tá Mapa a léiríonn áiseanna do chuairteoirí agus pointí rochtana ar fáil anseo.

Polasaí maidir le Málaí Droma

Um chosaint na mbailiúchán iarraimid ar chuairteoirí ullmhú don chuairt agus gan málaí droma, málaí móra ná málaí siopadóireachta a thabhairt isteach sa Chaisleán. Ní cheadófar ach málaí beaga nach mó ná A4 (8.27in/21cm x 11.7in/29.7cm). Féadfar a iarraidh ar chuairteoirí málaí beaga a iompar chun tosaigh ins na seomraí tréimhse i gCaisleán Chill Chainnigh.

*Tabhair faoi deara nach bhfuil aon áiseanna stórála ar an láthair le haghaidh grúpaí.