Mapaí Eastát Urumhan, c. 1810

Mapaí Eastáit

Ins an 16ú aois, tar éis Díshealbhú na Mainistreacha, d’éirigh mapaí eastáit as athroinnt na talún a bhí anois ar fáil. Ins an 17ú aois, tháinig gníomhú stáit mar gheall ar shuirbhéanna plandála ach, ó na 1690idí ar aghaidh, ba ghnó príobháideach é cruthú na mapaí eastáit. Ins an 18ú aois d’éirigh na mapaí eastáit níos ilchasta, ach tar éis don Suirbhéireacht Ordanáis mapáil Éireann a thosú ins na 1830idí ní raibh an t-éileamh céanna ar na mapaí ornáideacha seo.

 

Ba é Uaitéar de Buitléir, Iarla Urumhan a thionscnaigh na mapaí atá ar taispeáint anseo c. 1810. Feidhm praiticiúil ba mhó a bhí leo. Bhí sé riachtanach ag an Oifig Eastáit taifid físe a bheith acu mar léiriú ar réimse cruinn tailte Urumhan in áiteanna éagsúla in Éirinn. Baghá na teorainneacha fisiciúla a leagan amach go soiléir – ba chúnamh é seo maidir le talamh a dhíol, ceartanna uachta a shocrú agus conspóidí úinéireachta a réiteach.

 

Díreach mar a thug forbairt eastát Urumhan san dara leath den 18ú aois obair do dhlíodóirí, ailtirí, péintéirí, garraíodóirí tírdhreacha, saineolaithe talmhaíochta agus gníomhairí, thug coimisiúnú na mapaí obair do shuirbhéirí agus cartagrafaithe.

 

Dhein na suirbhéirí an obair phraiticiúil. Ins an 18ú aois agus an 19ú aois, ba mhionfheirmeoirí an chuid ba mhó de mhuintir na hÉireann, agus iad ina gcónaí mar thionóntaithe ar eastáit mhóra; bhí an chuid ba mhó de na heastáit seo i seilbh tiarnaí talún Sasanacha nó Angla-Éireannacha. Tá na mapaí atá ar taispeáint an-sofaisticiúil – úsáideanna siad uimhreacha tagartha agus taispeánann siad roinnt na talún ar leibhéal na bpáirceanna. Go hiondúil, bhí na suirbhéirí ábalta 20 acra (8.1 heicteár) in aghaidh an laé a thaifeadadh; fuaireadar íocaíocht 6d. As gach acra. Úsáideadh slabhra tomhais chun faid a thaifeadadh, agus is dóichí gur baineadh feidhm as cineál simplí teodailíte chun uilinn a bheartú.

 

Faoin 19ú aois, bhí ról ag mapaí eastáit mar órnáidí a fhéadfaí a chur ar taispeáint sa pharlús. Ar na mapaí atá ar taispeáint anseo tá cartúis an-ilchasta a dhearaigh na cartagrafaithe chun an t-ainm Urumhanach a léiriú. Tá maisiúcháin freisin ar na comharthaí a thaispeánann na moil agus dearadh Gréagach ar chuid acu. Tá athrú déanta freisin ar shuaitheantas na nUrumhanach chun comharthaí a bhaineann le hOrd Naomh Pádraig a léiriú, rud a bhain le Uaitéar de Buitléir ach go háirithe.