Móimintí Ama  – 1870-1970

 

Léiríonn an taispeántas seo ‘móimintí ama’ i saol chúigear Marcas Urumhan thar thréimhse céad bliain. Glacadh na híomhánna ó thús na 20ú aoise nuair a bhí na Buitléaraigh ina gcónaí sa chaisleán ó am go ham agus cuid mhór ama á chaitheamh acu i Sasana. Sa chéad leath den bhfichiú aois tháinig athrú tobann ar an saol ar fud an domhain; léiríonn na híomhánna atá ar taispeáint conas mar a bhí Caisleán Chill Chainnigh agus an teaghlach ann de réir mar a bhí an seanré ag imeacht leis.

Tugann na grianghraif léargas ar na Buitléaraigh agus ar a saol sóisialta tráth a raibh saol na hÉireann ag athrú ó bhonn. Bhí Caisleán Chill Chainnigh thuas seal agus thíos seal le linn na 20ú aoise; cuireadh a raibh istigh ann ar ceant, agus bhí an foirgneamh folamh agus tréigthe gur bronnadh é ar mhuintir Chill Chainnigh. Tá sé faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí ó 1969 anuas, ionad lárnach don phobal áitiúil agus tarraingt air ag cuairteoirí ó chian is ó chóngar.

1850idí – 1920idí

 

Séamas Éadbhard de Buitléir (1844-1919), 3ú Marcas Urumhan, agus a bhean Bantiarna Eilís Harriet Grosvenor (1856-1928), Banmharcas Urumhan.

Ba é Séamas an mac ba shine ag Eoin de Buitléir, 2ú Marcas Urumhan agus Bantiarna Proinséas Sinéad Paget, Banmharcas Urumhan. Fuair Séamas Éadbhard a chuid oideachais ag Harrow agus Cambridge; bhí sé ina Chornal san Royal East Kent Mounted Rifles, Ceannasóir an Royal Yacht Squadron, Leas-Aimiréal Laighean, Ard-Leifteanant Chontae Chill Chainnigh, Ridire Choróin na Prúise agus Ridire Naomh Pádraig.

Tugadh “O” air de bhrí gur tháinig sé in oidhreacht ar theidil Urumhan agus Osraí in aois a naoi mbliana dó.

In 1876 phós Séamas Éadbhard Eilís Harriet Grosvenor, iníon le Hugh Lupus Grosvenor, 1ú Diúc  Westminster agus Bantiarna Constance Gertrude Leveson-Gower. Bhí clú ar Eilís Harriet mar bhean mhaisiúil; bhí cáil uirthi as obair charthanais agus is mó imeacht tiomsaithe airgid a d’eagraigh sí i gCaisleán Chill Chainnigh. In 1882, bhunaigh sí craobh Chill Chainnigh den Society for Prevention of Animal Cruelty agus bhí sí ina huachtarán ar chraobh Chill Chainnigh de Chumann Croise Deirge na Breataine le linn an Chéid Chogadh Domhanda.

Ba iad Séamas Éadbhard agus Eilís an lánún deireanach a bhain úsáid as Caisleán Chill Chainnigh mar theach cónaithe teaghlaigh.  Is mó ócáid taibhseach a thionscnaigh siad ann, dhá chuaird Ríoga in 1899 agus 1904 san áireamh. Bhí beirt iníon acu – Bantiarna Béatrais de Buitléir agus Bantiarna Constance de Buitléir.

 

1920idí – 1940idí

Séamas Artúr de Buitléir (1849 – 1943), 4ú Marcas Urumhan, agus a bhean Eibhlín Stager (1865-1951), Banmharcas Urumhan.

Aithníodh Séamas Artúr, dearthár óg Shéamais Éadbhaird, 3ú Marcas Urumhan,  mar an Tiarna Artúr ar feadh an chuid is mó dá shaol. Dála a dheartháir, fuair sé a chuid oideachais ag Harrow agus Cambridge; chuaigh sé san arm agus bhí sé ina leifteanant san 1st Life Guards. In 1885, ceapadh é ina Stíobhard Stáit ag Anraí Herbert, 4ú Iarla Caernarfon, tráth a raibh sé siúd ina Fhear Ionaid an Rí in Éirinn.

In 1887, phós sé Eibhlín Stager, iníon óg an Ghinearáil Anson Stager, leas-uachtarán Western Union Central Division, agus Rebecca Sprague as Chicago. Ba é teach teaghlaigh Eibhlín an chéad teach mór a tógadh ar Millionaire’s Row, Euclid Avenue, Cleveland, áit a bhfuil Músaem na bPáistí anois. Tar éis bháis dá hathair, thit uacht mór chuig Eibhlín. Tar éis dí Séamas Artúr a phósadh, tugadh Bantiarna Artúr de Buitléir uirthi.

Cé go raibh cónaí ag Séamas Artúr agus Eibhlín ag Gennings (Kent) ó 1909 anuas, choinnigh siad ceangail láidir le hÉirinn agus ba mhinic iad ar cuaird go Caisleán Chill Chainnigh. Nuair a bhásaigh a dhearthár Séamas Éadbhard, 3ú Marcas Urumhan, in 1919, tháinig Artúr in oidhreacht na dteideal Urumhanach. Bhí ceathrar leanbh orthu: Bantiarna Eibhlín Proinséas; Séamas Seoirse, 5ú Marcas Urumhan; Séamas Artúr, 6ú Marcas; agus Bantiarna Eilionóir Rachel.

1940idí – 1950idí

Séamas Seoirse (1890-1949), 5ú Marcas Urumhan, agus a bhean Sibéal Aghna Fellowes (1888-1948), Banmharcas Urumhan.

Ba é Séamas Seoirse an mac ba shine ag Séamas Artúr de Buitléir, 4ú Marcas Urumhan, agus a bhean Eibhlín Stager. Bhí Seoirse ina chaptaen san 1st Life Guards sa Chéad Chogadh Domhanda; goineadh é ar pháirc an chatha agus bronnadh Bonn Onóra Airgid na Fraince air. Nuair a bhí an cogadh thart, bhí sé ina bhall den  Choiste Pinsean Míleata, ag agóid ar son na n-iarshaighdiúirí. Nuair a tháinig a athair in oidhreacht mar 4ú Marcas Urumhan in 1919, tugadh Iarla Osraí ar Sheoirse.

In 1915, Phós Seoirse Sibéal Aghna Fellowes – iníon óg Uilliam Anraí Fellowes, 2ú Tiarna de Ramsey, agus Bantiarna Rosamond Spencer-Churchill, gariníon an 7ú Diúc Marlborough agus col ceathar Winston Churchill. Bhí cáil uirthi mar bhanmharcach den scoth agus ba mhinic í páirteach i Seilg Chill Chainnigh. Thaisteal Sibéal thar sáile go minic – chuig an Fhrainc, an Ailgéir, an tSín, an Éigipt agus na Stáit Aontaithe. Bhí sí freisin in India in 1911, áit ar fhreastal sí ar an Durbar Impiriúil deireanach ag Delhi, nuair a coróineadh Seoirse V agus Máire Teck mar Impire agus Banimpire India.

Nuair a bhásaigh a uncail, Séamas Artúr, 3ú Marcas Urumhan, chuaigh Seoirse agus Sibéal ina gcónaí i gCaisleán Chill Chainnigh. Bhí beirt leanbh acu: Séamas Antaine, Tiarna Durlas, agus Bantiarna Moyra Rosamund de Buitléir.

Ach bhí an saol in Éirinn ag athrú agus ins na 1930idí bhí ar na Buitléaraigh athbhreithniú a dhéanamh maidir le Caisleán Chill Chainnigh a choimeád mar theach teaghlaigh. In 1935 chinneadar ar fhágáil; díoladh a raibh sa Chaisleán ar ceant a mhair deich lá, agus níor fágadh ann ach cuid bheag de na pictiúir agus taipéisí. In 1994 cheannaigh Stát Éireann na pictiúir teaghlaigh atá ar taispeáint ar fud an Chaisleáin inniu.

1950idí – 1990idí

Séamas Artúr Normán de Buitléir (1893-1971), 6ú Marcas Urumhan, agus a bhean Jessie Carlos Clarke (1896-1969), Banmharcas Urumhan.

Ba é Séamas Artúr an mac ab óige ag Séamas Artúr de Buitléir, 4ú Marcas Urumhan, agus a bhean Eibhlín Stager, Banmharcas Urumhan. Sa Chéad Chogadh Domhanda bhí sé ina Leifteanant-Chornal sa 17th/21st Lancers agus bronnadh an Cros Míleata air in 1918. Chuaigh sé san arm arís ó 1940 go 1945.

In 1924, phós sé Jessie Carlos Clarke, iníon le Séarlas Carlos Clarke agus Edith Rosamund Orpen. Bhí a hathair ina bhall suntasach de Stocmhalartán Londan agus iomrá air mar imreoir cruicéid ar fhoireann Surrey. Bhí gean ag Jessie ar an saol lasmuigh agus ba bhanmharcach díograiseach í freisin. Ba mhinic í ag na rásaí capall ag Aldershot, Roehampton, Sandown, Cheltenham agus Ascot, gar dá teach teaghlaigh.

Ar bhás tobann dá nia, Antaine Tiarna Durlas, in 1940, tháinig Séamas Artúr in oidhreacht ar a dhearthár Séamas Seoirse, 5ú Marcas Urumhan. Bhí cónaí ag Séamas Artúr agus Jessie ag Gennings (Kent), áit a raibh sé ina Ard-Leifteanant an chontae.  Bhí beirt iníon ag Artúr – Bantiarna Sinéad agus Bantiarna Marta de Buitléir. Cé nár chónaigh Séamas Artúr riamh i gCaisleán Chill Chainnigh, ba é a bhronn go fial an Caisleán agus na Páirceanna a ghabhann leis ar choiste athchóirithe in 1967; ag an searmanas bronnta, dúirt sé:

Tá muintir Chill Chainnigh chomh maith liom féin agus mo mhuintir, an-bhródúil as an gCaisleán, agus ní maith linn an meathlú seo a fheiceáil. Chinneamar nach ceart go ligfí dó titim i bhfothrach. Tá an iomarca fothrach in Éirinn.”

Toisc go raibh sé gan oidhre fir, ba é a chéad fhine fir eile, Séamas Hoibeard Séarlas de Buitléir a tháinig i gcomharbacht ar Shéamas Artúr.

 

Ba é Séamas Hoibeard Séarlas de Buitléir (1899-1997), 7ú Marcas Urumhan, mac leis an Oirmhinneach Tiarna Séamas Tiobóid Bagot Eoin de Buitléir agus Nábla Brydon Gordon, agus dearthár óg Shéamais Éadbhard de Buitléir, 3ú Marcas Urumhan.

Bhí Séamas Hoibeard Séarlas san arm leis an King’s Royal Rifle Corps sa Chéad Chogadh Domhanda ar pháirceanna catha na Fraince. Ag deireadh na 1920óidí, chuaigh sé chun na Síne, áit a raibh sé ina Ard-Chigire ar Chustaim Mara na Síne. Ansin chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe agus phós sé Nan Gilpin ó Riverside, Illinois in 1935. Bhí beirt iníon orthu: Bantiarna Áine agus Bantiarna Cynthia. Bhí Séarlas ina bhainisteoir gnó ag Institiúid Ealáiona Chicago ins na 1940óidí agus 1950óidí. Tar éis bháis do Nan in 1973, phós sé Eilís Rarden in 1976.

Tháinig Séamas Hoibeard Séarlas i gcomharbacht ar a chol ceathar Séamas Artúr Normán mar an 7ú Marcas Urumhan, agus an Marcas deireanach, in 1971. Bhí ról gníomhach aige mar Uachtarán ar Chumann na mBuitléarach; ba mhinic é ar cuaird go Cill Chainnigh agus bhí ról lárnach aige in aistriú na bpáirceanna in 1970.

 

Tús Nua

In 1967, thug Artúr de Buitléir, 6ú Marcas Urumhan, eochair Chaisleán Chill Chainnigh chuig James Gibbons, cathaoirleach Choiste Athchóirithe Chaisleán Chill Chainnigh. Leis an searmanas seo, tháinig deireadh leis an seanré agus cuireadh tús le ré nua inbhuanaithe i stair Chaisleán Chill Chainnigh.

Faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí, deineadh athchóiriú iomlan ar Chaisleán Chill Chainnigh. Thosaigh an obair in 1969 le comhtháthú agus deisiú na ndíonta ar fad; críochnaíodh é  in 2000 nuair a osclaíodh Sciathán Túr na Paráide mar láthair imeachtaí agus comhdhála.

 

Nuair a críochnaíodh an chéad chéim athchóirithe osclaíodh an Caisleán don phobal in 1976 – an sciathán thoir ina bhfuil Gailearaí na bPictiúr, le bailiúchán pictiúr agus taipéisí an teaghlaigh. Sa dara céim, athchóiríodh na seomraí taibhseacha suí agus an bloc láir, a osclaíodh in 1994.

Inniu cuimsíonn Caisleán Chill Chainnigh na tailte páirce diméine faoi bhallaí ó dheas agus an gairdín foirmiúil sraithe ó thuaidh. Deineadh athchóiriú freisin ar na tailte páirce a bhí i ndroch-chaoi; cuireadh mórchuid crann agus meastar go bhfuil breis agus 1,650 crann ag fás ins na tailte páirce inniu. Bhí an garraí daingean, a fheictear ins na grianghraif a thóg an grianghrafadóir cáiliúil Íosánach, an tAthair de Brún, tréigthe faoi na 1940óidí deireanacha agus díoladh é um fhorbairt.

 

 

Admhála:

Ní fhéadfaí an taspeántas seo a chur le chéile gan an chabhair a fuarthas ó na daoine agus na heagraíochtaí seo a leanas:

  • Muintir Ponsonby
  • David Davison / Davison & Associates
  • John Kirwan
  • Bailiúchán an Athar de Brún CÍ
  • Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta
  • Cartlann Ailtireachta Éireann