7 Bealtaine 1660

Banmharcas Urumhan – ag scríobh ó Theach an Dúin Mhóir, is dócha – chuig a her gníomhaire Stephen Smith

 

Sir

 

 

It beinge liklie that you will See My Cousen the Lady Turner befor I shall, I doe desier that when Shee Comes to Towne you will bee hir remembransier to visset thous persons of qualitye that was soe perticularlie kind and Frindlie to Mee as a List of whous Names I have is heare inserted by

 

E:ormonde

 

 

The dowager Lady of Devonshire Lady Marchioness of Dorchester and Lady Straford
The Dowager Lady of Peterbrogh Lady Darby the Dowager
My Lady of Rannelagh
My Lady Savell
My Lady Dysert

The 7 of May

Banmharcas Urumhan – ag scríobh ó Theach an Dúin Mhóir, is dócha – chuig a her gníomhaire Stephen Smith
Athchóipeálta le cead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (LNÉ, Páipéirí Urumhan, 2324, uimh. 1334, lth. 199)

Banmharcas Urumhan – ag scríobh ó Theach an Dúin Mhóir, is dócha – chuig a her gníomhaire Stephen Smith
Athchóipeálta le cead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (LNÉ, Páipéirí Urumhan, 2324, uimh. 1334, lth. 199)

Bhí Giolla Chríost de Brús (1595-1675) ar dhuine de lucht leanúna Angla-Albanach an Rí. Phós sí Liam Cavendish, 2ú hiarla Devonshire sa bhliain 1608. Le linn an Chogaidh Chathartha, bhí sí i dteagmháil le lucht leanúna an Rí i Sasana agus in Albain trí litreacha i gcód. 

Portráid de Ghiolla Chríost de Brús, cuntaois Devonshire (1595-1675) le  Pól van Somer (1577-1621).

Le cead ó North Carolina Museum of Art, Raleigh, USA North Carolina Museum of Art/Bridgeman Images.

Léiríonn an litir seo an tábhacht a bhain le mná i líonra sóisialta agus polaitiúil an bhanmharcais le linn na ngéarchéimeanna i lár na 17ú haoise.

 

I mí Bealtaine na bliana 1660, bhí Séarlas Stiúbhart ar tí á chur ar ais ar choróin Shasana, Albain agus Éirinn. Go luath sa mhí, d’fhógair Parlaimint na Comhdhála go raibh Séarlas II ina mhonarc dleathach ó cuireadh a athair chun báis ar an 30 Eanáir 1649. Agus an litir seo á scríobh aici chuig a gníomhaire Stephen Smith, bhí a fhios soiléir ag an mbanmharcas go raibh an Athghairm ar tí tarlú – ach bhí sí aireach fós ar bhaol an idircheaptha.
Tá treoracha ina litir dó dhuine a mhaíonn sí gurbh a col ceathrair í, a dtugann sí an Bhantiarna Turner mar ainm uirthi: is cosúil gur códainm a bhí anseo don mharcas, a bhí ag filleadh ar Londain le haghaidh na hAthghairme. Cuireann Eilís liosta cairde ar fáil sa litir ar cheart dá fear céile cuairt a thabhairt orthu ar a son mar chomhartha buíochais as an gcabhair agus as an tacaíocht a thug siad dó le linn na hIdir-réimse. Is mná iad go léir.
Léiríonn an liosta gréasán iontach de mhná den scoth a chuimsíonn na trí ríocht. Ainmníonn Eilís Cuntaois-Baintreach Devonshire, Christian (Christiana) Cavendish, née Bruce (1595–1675); Cuntaois-Baintreach Derby, Charlotte Stanley, née de La Trémoille (1599–1664), agus a beirt iníonacha, Cuntaois Strafford, Henrietta Maria Wentworth, née Stanley (1630–85), agus Banmharcas Dorchester, Katherine Pierrepont, née Stanley (r.1631); Cuntaois-Baintreach Peterborough, Elizabeth Mordaunt, née Howard (1603-71); Bíocuntaois Raghnallaigh, Katherine Jones, née Boyle (1615–91); Bantiarna Anne Savile ba shine, née Coventry (bás 1662); agus Cuntaois Dysart, Elizabeth Tollemache, née Murray (1626–98). Maithe agus móruaisle na Breataine iad go léir, comhcheilgeoirí, faisnéiseoirí, agus spiairí na Ríogaithe a bhí sna mná ainmnithe – bhain Devonshire agus Dysart leis an tríú chineál. Bhí a bhformhór gníomhach go polaitiúil le linn na gCogadh Cathartha, agus ghlac Derby agus Savile páirt, fiú, san fheachtas mhíleata in ainm an rí. Ach bhí bá ag ceann acu ar a laghad, Raghnallach, áfach, le Lucht na Parlaiminte, agus bhí Dysart cairdiúil le Cromail.
Ba dhaoine tábhachtacha le linn na gcogaí agus na hIdir-réimse iad na mná seo, trí cheanglais a gcuid teaghlach nó ar a son féin, agus mar sin, bhí siad san áit cheart chun tacaíocht pholaitiúil a thairiscint don Bhanmharcas agus í i gcruachás. Faraoir, ní soiléir é leibhéal an chairdis a bhí idir Eilís agus na mná sa litir seo nó in aon áit eile ina gcuid chomhfhreagrais, cé is moite de Raghnallach. Is cosúil gurbh ise an t-aon duine amháin den ghrúpa le spéis nó tionchar ar bith in Éirinn, agus b’fhéidir gur seo an fáth gurb í an té a bhfuil a tacaíocht doiciméadaithe is iomlána sna litreacha.
Níl ach liosta na mná, gan aon chomhthéacs breise ina leith, atá sa litir seo, rud a thugann le tuiscint gur thuig an marcas an fáth a n-iarrfaí air cuairt a thabhairt orthu, ach freisin b’fhéidir nach ndéanfadh sé a leithéid gan a bhean céile á n-iarracht air. Sé sin le rá, bhí na mná seo tábhachtach dise, ach nach gá dósan: bhí siad mar chuid de líonra sóisialta agus polaitiúil a bhean céile.
Is eol dúinn gur fhan Eilís mar chara ach le Devonshire, Raghnallach agus Strafford amháin i ndiaidh na hAthghairme, ach insíonn ainmniú na mban seo go léir mar chairde luachmhara le linn na hIdir-réimse ina litir go Smith léargas tábhachtach agus leithleach dá líonra sóisialta agus polaitiúil ag tráth ar leith ina saol. Léiríonn sé cé chomh tábhachtach agus a bhí a cairde baineann lena cumas teacht slán as deoraíocht fada a fir chéile.