16 Samhain [1663]

Bandiúc Ormonde – agus í ag scríobh i mBaile Átha Cliath nó i gCill Chainnigh – chuig an bhanríon, Catherine Braganza

 

As your Late danger ocationed a generall grife; soe has your deliverense out of it bine as universall a Joy to all, and to mee in perticuler, that have allways had for your Persone soe great an honner and admiration of your vertews as I cannot but beleve that the great providense of God has prolonged your Life to make thes kingdoms hapie, by the Blesinge they soe much desier, which together with all the happenes and prosperitie that this world is capabell to adde unto what you doe allredie injoye, is and shall[bee wisht] for by mee, that humblie beges your Magesties pardon for the presumtione of this address, and your Justise to beleve that non is, or canbee more devoted to you, then is with all humilitie and fathfullnes

Madam

your Magesties most humble and most
obedient Subject and Sarvant

The 16 of November E:ormonde

Bandiúc Ormonde – agus í ag scríobh i mBaile Átha Cliath nó i gCill Chainnigh – chuig an bhanríon, Catherine Braganza
Leabharlanna Bodleian, Ollscoil Oxford (Bodl., Páipéir Clarendon, 92, fóilió 69–70)

Bandiúc Ormonde – agus í ag scríobh i mBaile Átha Cliath nó i gCill Chainnigh – chuig an bhanríon, Catherine Braganza
Leabharlanna Bodleian, Ollscoil Oxford (Bodl., Páipéir Clarendon, 92, fóilió 69–70)

Bandiúc Ormonde – agus í ag scríobh i mBaile Átha Cliath nó i gCill Chainnigh – chuig an bhanríon, Catherine Braganza
Leabharlanna Bodleian, Ollscoil Oxford (Bodl., Páipéir Clarendon, 92, fóilió 69–70)

Bandiúc Ormonde – agus í ag scríobh i mBaile Átha Cliath nó i gCill Chainnigh – chuig an bhanríon, Catherine Braganza
Leabharlanna Bodleian, Ollscoil Oxford (Bodl., Páipéir Clarendon, 92, fóilió 69–70)

Ba iníon í Caitríona le hEoin IV na Portingéile; phós sí Séarlas II sa bhliain 1662. Bhí drochmheas uirthi i Sasana toisc gur Chaitliceach í. Chuaigh sí i gclann trí huaire ar a laghad ach tharla breith anabaí gach uair agus mar sin níor rugadh aon oidhre ar an gCoróin. Bhí flúirse leannán ag a fear céile, agus 12 leanbh tabhartha ar a laghad aige. Comhairlíodh do Shéarlas colscaradh a iarraidh nuair ba léir nach mbeadh Caitríona ábalta leanaí a bhreith ach níor ghlac sé leis an moladh seo. Deirtear gur thosaigh Caitríona an nós tae a ól i Sasana.

Portráid de Chaitríona Braganza (1638-1705) le Dirck Stoop (1615-1686).
© National Portrait Gallery, Londain

Sa litir seo, tá an dlúth-chaidreamh idir an Bandiúc agus an bhanríon le feiceáil, chomh maith leis an tuiscint atá aici ar an mbrú atá ar mhná ríoga agus uasaicme oidhre fireann a ghineadh, agus an crá croí a bhíonn ann nuair nach bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh.

 

Mar a bhí Elizabeth ag súil leis, agus a chúis sin aici, tháinig feabhas suntasach ar rath a muintire tar éis athghairm Shéarlas II ina rí. In 1661, tugadh luach saothair dá fear céile as a dhílseacht don choróin nuair a rinneadh é mar an t-aon diúc amháin Éireannach. Greanadh ó na 1660idí leis an díoltóir priontaí Peter Stent, agus Diúc agus Bandiúc Ormonde léirithe ann in éineacht le Rí Séarlas agus Banríon Catherine, chomh maith le Diúc agus Bandiúc Eabhrac, Diúc agus Bandiúc Monmouth, Diúc agus Bandiúc Albemarle, agus Ardeaspag Canterbury agus Eabhrac, léiriú beoga den áit lárnach a raibh ag an lánúin i gcúirt an Rí.
Ceapadh an diúc nua ina leasrí, an oifig is airde in Éirinn, sa bhliain 1662. Tháinig sé féin agus a bhean chéile ar ais sa tír, ar aistear buachach, Dé Domhnaigh, an 27 Iúil, agus lucht leanúna in éineacht leo, a ndearna an dialannaí John Evelyn cur síos air mar ‘lucht coimhdeacha millteach mór’. Rinneadh forbairt shuntasach ar chúirt an leasrí faoina maoirsiú, agus bhí cultúr liteartha Bhaile Átha Cliath faoi bhláth freisin an tráth úd. Tháinig an file iomráiteach Katherine Philips go hÉirinn, áit ar scríobh sí aistriúchán ar thragóid le Pierre Corneille La mort de Pompée, ar cuireadh ar stáitse ina dhiaidh é i Scabhat Smock, i mBaile Átha Cliath.
Is dócha gur i mBaile Átha Cliath nó i gCill Chainnigh a scríobh an Bandiúc an litir chuig céile Séarlas II, Catherine Braganza, tráth a chaill an bhanríon leanbh i 1663. Tugtar le fios, mar gheall ar go raibh sí ar an eolas faoi chailliúint na banríona, go raibh sí ard i measc na maithe agus na móruaisle i gcúirt na hathghairme. Tá an litir í féin railaithe le coinbhinsiúin spáis na litreach na luath-nua-aoise. Tá an scríbhneoireacht brúite fáiscthe ag bun an leathanaigh cé go bhfuil spásanna móra bána fágtha os cionn an téacs. Sa tslí a nglac sí leis an ‘spás suntais’ sin, léirítear an urraim a raibh ag an mBandiúc, a bhí comhfhiosach faoi aicmí, dá banríon. Agus í ag úsáid an síoda chun an litir a shéalú, cuirtear teagmháil phearsanta nó mhothúchánach in iúl.
In ábhar na litreach, léirítear an tábhacht lárnach a bhain leis an iompar leanaí i saol na mban ríoga agus uaisle ag an am. Ba é an príomhról a bhí acu ná mac agus oidhre a chur ina bheo. Rinneadh ceiliúradh ar thorthúlacht an Bhandiúc í féin san fhilíocht. Le linn dá tréimhse chónaithe in Amharclann Shráid San Werburgh, Baile Átha Cliath, rinne an drámadóir James Shirley dán a thiomnú di. Déantar a pósadh torthúil a cheiliúradh sa dán sin, pósadh ina raibh beirt mhac aici faoin am sin, agus í ag iompar an tríú mac, iarla Árann ina dhiaidh sin:

Be rich in your two darlings of the Spring,
Which as it waits, perfumes their blossoming,
The growing pledges of your love, and blood;
And may that unborn blessing timely bud,
The chast, and noble Treasure of your womb,
Your owne, and th’Ages expectation come!

Sa litir seo a scríobh an Bandiúc chuig an bhanríon a bhí breoite agus ag déanamh brón, feictear í ag déanamh comhbhrón le bean eile ar an gcaillteanas crua a raibh sí tar éis a fhulaingt, caillteanas a bhí ag daoine rómhinic an tráth úd. Chaill Eilís í féin cúigear mac le linn a n-óige nó a luath-óige.