20 Meitheamh 1649

Banmharcas Urumhan – ag scríobh ó Caen, is dócha – chuig a cara Sir Edward Nicholas

 

Sir The 20 of June

I resevede a Letar from you this day; which that Came accompaynede with one derectede unto my Lord; which shallbee immediatlye Sent awaye by a Sarvant of my owne; Though my feares are very great; that the advertisment Now Sent, will not Come Time Enough to prevent the Mischive that is intended; howsomever I am resoulvede to Leave noe waye unatemptede bouth by my owne indevour and that of my frinds; to get this inteliginse Convayde unto hime; and will hope the best the mene Time as the only remidye to allaye my Feares; and must of the Euvills to Come; and am infinitlye thankfull to you for the intemation you have givene mee Consarninge the Settlinge of my 2 Sons in De Plessis Academye your 42. 36. 27. 4. 21. 18. 29. 366. 9. 89. 264. 5. 470. 452. 523. 483. 4. 328. 80. 37. 18. 262. 95. 551, 306. 22. 12. 28. 30. 525. 493. 471. 44. 13. 31. 320. 477. 167. 230. 76. 31. 476. 32. 217. 268. 471. 477. 12. 21. 34. 31. 30. 321. 89. 194. 30. 67. 36. 18. 10. 30. 32. 90. 470. 264. 12. 320. 15. 18. 261. 348. 550. 217. 15. 438. 14. 34. 32. 90. 477. 4. 453. 194. 12. 520. 471. 364. 523. 368. 218. 268. 67. 398. 364. 14. 46. 40. 22. 57. 6. 75. 130. 512. objections being the same with those I made against it before your letter came which Colonel Traford tould me that Lord Digby had advised their going to that Academy before any other But the arrangement is not yet gon soe farre but that I shall find a way to oppose with out giving any offense by Leavinge mr Maxwell to make his owne Choise of the plase where thay shall reside whoe I find to bee of hime selfe very averse to thar goeinge 470. 4. 410. 32. thither and tharfor doe resoulve to Stay 479. them heare yet Longar und untell I bee more thourilye Satisfiede and informede of a 395. plan more fittinge for 470. 432. 46. 171. 8. 21. 12. 18. 4. 366 their duration then I take this outhar to bee; and for the genttellman you have desirede mee to recomende unto my Lord; you Needede Not have requestede mee to inquier of my Lord of Corke or anye outhar Consarninge hime; Sense his beinge your Brothar makes mee Conclude hime whor worthye of as much as Cane bee dune or Sayede for hime and will besides give my Lord ane ocatione wherof I am Confident hee willbee much Satisfiede of Searvinge you or anye that hass Soe Neare a relatione to you; my Selfe havinge the Same ambitione allsoe that am unfaynedlye

Sir

your most ashurede frind and
humbill Sarvant

Eliz:ormonde

Banmharcas Urumhan – ag scríobh ó Caen, is dócha – chuig a cara Sir Edward Nicholas
Le cead Leabharlann na Breataine (BL, Egerton MSS., 2533, fo. 496)
Banmharcas Urumhan – ag scríobh ó Caen, is dócha – chuig a cara Sir Edward Nicholas
Le cead Leabharlann na Breataine (BL, Egerton MSS., 2533, fo. 496)

As a consequences of the civil wars of England, Scotland and Ireland, many Irish Royalist went into exile on the continent. Elizabeth Butler and her children arrived in the city of Caen, France in 1648. 

Map of Caen by Jacques Gomboust, ing. du roi, delin (c.1650-1670).

Reproduced courtesy of Bibliothèque Nationale de France

Sir Edward Nicholas was the Secretary of State to both Charles I and Charles II. Nicholas remained a loyal supporter of the Royal family throughout the Civil War.

Portrait of Sir Edward Nicholas (1593-1669)by Sir Peter Lely (1618-1680).

© National Portrait Gallery, London.

Nochtann an litir seo rannpháirtíocht an Bhanmharcais Urumhan i líonra faisnéise Ríogaí a bhí bunaithe i Caen, sa Normainn, áit a raibh cónaí uirthi ar deoraíocht lena leanaí agus Ríogaithe Éireannacha eile.

 

Le linn blianta na 1640idí, cuireadh saol an Bhanmharcais Urumhan, cosúil le go leor eile, ina cíor thuathail ag imeachtaí Chogaí na dTrí Ríocht. Sraith choimhlintí idirnasctha a bhí iontu seo a tharla i Sasana, in Albain, agus in Éirinn – ríochtaí ar leith faoi il-mhonarcacht Shéarlais I – idir na blianta 1639 agus 1653. Cuireadh an rí chun báis i mí Eanáir na bliana 1649, cuireadh deireadh leis an monarcacht ina dhiaidh sin agus bunaíodh an Comhlathas a faoi Oilibhéar Cromail. Buille tubaisteach a bhí anseo do Ríogaithe dílse mar chlann Urumhan ar gabhadh a n-eastáit, agus b’éigean dóibh teitheadh go dtí an Mhór-Roinn.
Chuaigh an banmharcas ar deoraíocht go Caen, sa Normainn, i mí Meán Fómhair na bliana 1648. Tugann a cuid litreacha le fios go raibh ról tábhachtach aici i measc Ríogaithe Éireannacha a bhí ar deoraíocht. Choimeád sí comhfhreagras rialta, más contúirteach, le Sir Edward Nicholas, Rúnaí Stáit Séarlas I agus níos déanaí leis an Rí Séarlas II. Ghníomhaigh sí mar idirghabhálaí idir a fear céile agus an chúirt ar deoraíocht, ag tabhairt faisnéise léi sa dá threo. Ní léiríonn na litreacha chuig Nicholas ach nód amháin i líonra leathan faisnéise na Ríogaithe ina raibh sí ag feidhmiú, lena n-áiríodh Ríogaithe mór le rá ó gach ceann de na trí ríocht. I gCaen bhí sí i dteagmháil rialta le deoraithe Éireannacha eile, ina measc, John Bramhall, Easpag Dhoire, agus Risteard Ó Baoill, Iarla Chorcaí.
Léiríonn litreacha an bhanmharcais na dúshláin a bhain le bheith mar pháirti i líonra rúnda cumarsáide agus na rioscaí a bhain le drochfhaisnéis a roinnt. Tugann a cuid litreacha rud éigin den leamhas a d’fhulaing na deoraithe, chomh maith leis an mbochtaineacht agus an neamhchinnteacht i saol na Ríogaithe le linn a gcuid deoraíochta ar an Mór-Roinn agus féichiúnas pearsanta an bhanmharcais do Nicholas as an gcabhair a thug sé di maidir le cistí a fháil. Rinneadh cuid de na litreacha chuig Nioclás a chódú, ag baint úsáide as rúnscríobh nó as ainmneacha bréige uimhriúla, rud a thugann le fios go raibh baint aici le malartú faisnéise íogair. Agus í mar idirghabhálaí idir a fear céile i nÉirinn agus an chúirt ar deoraíocht, bhain sí úsáid as rud ar a thug sí a cuid ‘bade lines (droch-línte)’ uirthi ó am go chéile i seirbhís an rí.
Léirítear chomh maith sa litir seo ar leith go raibh baint leanúnach aici le hoideachas a mac ba shine, Tomás, Iarla Osraí, agus an Tiarna Risteard, a lean a n-athair go dtí an Mhór-Roinn. Chuir teagascóir Francach oideachas ar an Osraíoch i gCaen don chéad bhliain dá chónaí ansin ach, i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1649, chuaigh sé ar aghaidh go dtí Acadamh Monsieur de Camp i bPáras, áit ar fhan sé go dtí mí Nollaig na bliana 1650. D’fhreastail a dheartháir Richard níos óige ann freisin. Tugann an dialannaí John Evelyn léargas éigin ar nádúr oideachas na ndeartháireacha:

Chuaigh mé chun Triomphe a fheiceáil in Acadamh Monsieur del Camps áit a ndearna uaisle éagsúla na Fraince agus Shasana, go háirithe mo Thiarna Uasal Osraí agus Risteard, mic an Mharcais Urumhan (an Diúc ina dhiaidh sin) a gcuid cleachtaí ar muin capaill san Equipage uasal os chomhair flúirse Lucht Féachana agus Daoine mór le rá, Fir agus Mná: críochnaigh sé le colláid.