An 6 Eanáir 1683

Bandiúc Urumhun – ag scríobh le linn di a bheith i Londain seans – chuig a mac, Iarla Árann

 

6 of Jan

Tow of your Leters came together to my hands upon wedensday Last the one of the 21 of [Decem]ber the other of the 23 of the Same; with an accompt of My daghter Arrans health and Sattisfaction, and the prudent resolutions shee has takene, which I am infinitlie satisfiede with, as what will make you Both hapie, which I pray God may Continow to the Ende of both your days, and that Evrye yeare of your Liufs, may increase your vallew one of a Nother, your Litell Soon is very well, and grows a Fine stronge Childe, but Betie is Lady Blouse still, you willbee I supose surprised to heare that your Father is become a Purcheser of my Lord St Allbans House which hee gives 9 thowsand pound For but is thay Say a good bargine; for it cost above fiftine thowsand Pound the Buildinge, and will Sett for as much or more then the Intrest of his Mony, I thank you for your good intendment to Mr Ryder which if it may bee by giveinge hime a Senecure it cane noe ways hinder his presant undertakinge but incoridge hime to Continow it, as I find hee is resolvede, and never to Louke for further preferment, if hee may obtane some adistionall healpe to what hee has, for hee is an whoe is a hospitable Man; and much valewed in the Plase where hee Lives, The Mach for Betye Stanope is broke ofe on hir Side, whoe could by noe Menes bee perswaded to Like of the Person, that was proposede to hir, whoe I never saw but is I heare; farr more Considerabell in his understandinge then in his outward Figure and for his Fortune, theris non Now, to bee had that Ecqualls hime, but upon the whole Matter that affare is at an Ende It beinge the Part of hir Frinds to propound; but Not to Compell aganst hir owne inclination, The Lord Belemont Diede 2 days a goe, and Left My Lord of Chesterfilds Second Soon His Ayre of all his Reall and personall Estate

Bandiúc Urumhun – ag scríobh le linn di a bheith i Londain seans – chuig a mac, Iarla Árann
Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI, Páipéir Ormond, 2427, uimh. 7735, lch 225)

Bandiúc Urumhun – ag scríobh le linn di a bheith i Londain seans – chuig a mac, Iarla Árann
Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI, Páipéir Ormond, 2427, uimh. 7735, lch 225)

Ba é Risteard an dara mac ag Eilís a mhair beo. Ainmníodh é ina Fhear Ionaid an Rí in Éirinn sa bhliain 1682 agus ina Ghobharnóir ar Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann sa bhliain 1683. Sa bhliain 1662, phós sé Máire Stíobhard, iníon le diúc Richmond & Lennox. Tar éis a báis sa bhliain 1668, phós sé Dorothy Ferrers sa bhliain 1673. Cailleadh Risteard sa bhliain 1686, gan ach iníon amháin beo ina dhiaidh, Séarlait.

Risteard de Buitléir, iarla Arran (1639-1686) le Somhairle Cúipéir (1609-1672)

Le cead ó The Portland Collection, Harley Gallery, Welbeck Estate, Nottinghamshire / Bridgeman Images

Ba iníon í Dorothy le John Ferrers, Caisleán Tamworth, agus Anne Carleton. Phós sí Risteard, iarla Arran sa bhliain 1673.  Phós an t-aon leanbh acu a mhair beo, Séarlait, Séarlas Cornwallis, 4ú Barún Cornwallis.

Dorothy Ferrer, cuntaois Arran (1650-1716) le William Wissing (1656-1687).

Le cead ó English Heritage, Audley End House and Gardens – grianghraf le Mark Asher.

Tá fianaise le fáil sna litreacha a seoladh i rith bhlianta deireanacha shaol an bhandiúic gur bhraith sí níos suaimhní agus níos sásta ach go raibh cúinsí teaghlaigh agus a ról fós ag déanamh imní di.

 

Baineann na litreacha a scríobh an bandiúc chuig Richard, Iarla Árann – a mac sa lár, agus an t-aon mhac dá cuid a bhí fós beo – leis an eolas is déanaí a roinnt leis maidir lena bhean agus leanaí, a bhí ina gcónaí leis an diúc agus leis an mbaindiúc i Sasana fad is a bhí Iarla Árann i mbun seirbhíse in Éirinn. Is léir go raibh sí an-cheanúil ar a garchlann agus tagraíonn sí d’iníon a mic mar ‘Bean Blouse’ (cosúil le ‘bean uasal’ sa lá inniu ann). Tá fianaise ar an méid seo le fáil freisin sa chur síos a rinne sí ar dhiúltú gariníne eile do shuiríoch mar gheall ar an gcuma a bhí air. Cuireann sí in iúl go bhfuil sí sásta leis na cinntí atá déanta ag Iarla Árann agus Dorothy Ferrars, dara bean chéile a mic, chun déileáil leis na fadhbanna a bhí acu lena bpósadh. Níl aon amhras ach go bhfuil sí ag smaoineamh ar na fadhbanna a bhain lena pósadh féin agus tá sí ag súil go mbeidh siad sásta lena chéile amach anseo díreach mar atá sí féin lena fear céile anois. Tá fianaise le fáil sna litreacha a scríobh an bandiúc chuig Iarla Árann ar ghean nach raibh le tabhairt faoi deara sna litreacha a scríobh sí chuig a mic eile. Is eiseamláir eisean den dea-chlú agus den dualgas a shíleann sí atá fíorthábhachtach.
Áirítear na litreacha a sheol sí chuig Iarla Árann i measc na litreacha deireanacha a scríobh sí. Cailleadh bandiúc Urumhun maidin Dé Luain, an 21 Iúil 1684, a fear céile lena taobh. Cuireadh í i Mainistir Westminster sa phlota ónar dí-adhlacadh a sean-namhaid, Cromail.
Scríobhadh dhá mharbhna ar a laghad i ndiaidh a báis. Moltar iontu a buanna eiseamláireacha baineanna; déantar comóradh ar a ról mar bhean chéile, máthair agus seanmháthair; agus déantar comóradh ar a stádas mar chéile diúc Urumhun. Pléitear téama phósadh buan, grámhar agus comhbhách na lánúine i litir chomhbhróin a fuair diúc Urumhun óna dhlúthchara, Michael Boyle, Ard-Seansailéir na hÉireann agus Ardeaspag Ard Mhacha, i ndiaidh bhás Elizabeth:

tá an bhearna dúnta; tá an deacracht is mó i do shaol curtha díot agat; tá an duine is uaisle caillte agat, an bhean is críonna, an bhean chéile is fearr a mhair riamh; […] Mura bhfuil ag teip ar mo [chuimhne] chaith sibh 55 bliain sona sásta i dteannta a chéile; tá saol iomlán caite agaibh i dteannta a chéile? Thacaigh sibh lena chéile le linn ré lán athruithe agus tréimhsí nuair a bhí sibh saibhir agus bocht? agus thacaigh sibh lena chéile go comhthoiliúil? Bhí Dia cineálta & flaithiúil libh beirt i rith bhlianta deiridh bhur saoil; agus tá a fhios agat gur Críostaí díograiseach í Grace, agus anois ag deireadh bhur laethanta nach scarfar sibh ar an mbealach a scarann an bás daoine óna chéile.

Cailleadh diúc Urumhun ar an 21 Iúil 1688, an lá céanna ceithre bliana i ndiaidh ar cailleadh a bhean. Cuireadh é taobh léi i Mainistir Westminster