Slí na mBuitléarach

Faigh léiriú ar an rian ollmhór a d’fhág na Buitléaraigh thar thréimhse cúig chéad bliain chorrach.

Slí na mBuitléarach

Má thaitin Caisleán Chill Chainnigh leat, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar Shlí na mBuitléarach. Lean céimeanna an teaghlaigh fhíorthábhachtaigh seo chuig agus mórthimpeall Cho. Thiobraid Árann agus faigh léiriú ar a n-oidhreacht.

Faid gharbha atá i gceist agus iad tugtha ó Chaisleán Chill Chainnigh.

Caisleán Urumhan (44km) Carraig na Siúire

Is é Caisleán Urumhan an sampla is fearr in Éirinn de theach mainéir Eilíseach. Tomás, 10ú Iarla Urumhan, a thóg an caisleán sna 1560idí.

 

Ionad Oidhreachta Ros Cré (63km), Ros Cré

Foghlaim mar a ghnóthaigh Buitléaraigh Urumhan cumhacht agus tionchar i mbeagnach gach baile mór i dTiobraid Árann, Ros Cré san áireamh.

Daingean an Phríomhgharda (52km), Cluain Meala

Ba é Séamus de Buitléir, Diúc Urumhan, a thóg Daingean an Phríomhgharda in 1675 mar theach cúirte do Phailitíneacht limistéar riaracháin Chontae Thiobraid Árann.

Caisleán na Cathrach (67km), An Chathair

Ba é seo dún mór na mBuitléarach tráth agus tá cumhacht an teaghlaigh le feiceáil sa daingean suntasach, mar aon leis an túr agus go leor eile den struchtúr cosanta bunaidh.

An Teachín Eilbhéiseach (70km), An Chathair

Foirgneamh álainn i stíl an ‘cottage orné’ a thóg Risteárd de Buitléir, 1ú Iarla Ghleann Gall, sna 1800idí luatha de réir dearaí John Nash, an t-ailtire cáiliúil Leasríochta.