Turais Fhéinthreoraithe

Léigh a Thuilleadh

Cuairt Féintreoraithe

Cuardaigh teach cónaithe Victeoiriach na mBuitléarach ar do luas féin le turas féintreoraithe.

Ticéid a Cheannach

    • Tá ticéid ar fáil ar líne & ar an láthair ón Deasc Ticéad.
    • Ní féidir ticéid a cheannach ón deasc ticéad ach amháin ar lá na cuairte de réir soláthair.
    • Ní féidir áirithint a dhéanamh ar líne níos mó ná 7 lá roimh ré.
    • Is do dhaoine aonair amháin an áis áirithinte ar líne agus ní féidir níos mó ná 6 ticéad a cheannach ar líne.
    • Ní foláir do ghrúpaí/scoileanna teagmháil linni bhfad roimh ré chun cuairt a chur in áirithe.
    • Caithfidh gach cuairteoir ticéad a fháil, leanaí faoi 12 san áireamh.
View of the Picture Gallery  with Marble Fireplace to the left

Ar Theacht Duit

    • Le do thoil, bíodh do thicéad / do chód QR réidh agat le taispeáint don fhoireann ag príomhdhoras an Chaisleáin.
    • Ní mór do chuairteoirí ciúáil chun dul isteach sa chaisleán. Bíodh a fhios agat go bhfuil an córas ciúála lasmuigh.
    • Le do thoil, bí anseo laistigh de 30 nóiméad den am atá in áirithe agat. Sa chás go bhfuil tú déanach, is oth linn nach féidir cead isteach a gheallúint.
View of Kilkenny Castle main gate and west tower from the street.

An Chuairt

View of the Library

Mála droma

  • Ní cheadaítear málaí droma, málaí móra ná málaí siopadóireachta ins na seomraí tréimhse sa Chaisleán. Ní cheadaítear ach málaí beaga nach mó ná A4 (8.27or/21cm x 11.7or/29.7cm).
  • Tá taisceadaín do mhálaí móra ar fáil ar an láthair.
  • Um chosaint an bhailiúcháin againn féadfar a iarraidh ort málaí beaga a iompar chun tosaigh ins na seomraí tréimhse i gCaisleán Chill Chainnigh.
  • Níl cuairt an chaisleáin oiriúnach le haghaidh naíchóistí.
  • Féadfar socruithe a athrú. Féach an suíomh gréasáin seo um an t-eolas is déanaí.
View of the Tapestry Room

Inrochtaineacht

  • Tá áiteanna sa Chaisleán nach mbeadh oiriúnach do chuairteoirí ar bheagluaineacht; déan teagmháil linn má tá ceisteanna ar bith agat. Teil. 056 770 4100 / kilkennycastleinfo@opw.ie
View of the Entrance Hall

Madraí Cuidithe / Seirbhíse

Tá Caisleán Chill Chainnigh tiomanta dár ndualgais a chomhlíonadh faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005, chun sláinte agus sábháilteacht gach ball foirne agus cuairteoir ar an láthair a chosaint.

 

Madra Seirbhíse Cláraithe

Faoi dhlí na hÉireann déantar Madra Seirbhíse a shainmhíniú mar mhadra ardoilte atá oilte go sainiúil chun cuidiú le duine a bhfuil míchumas orthu. Le go n-aithneofar madra mar Mhadra Seirbhíse, ní mór dó a bheith oilte go hiomlán agus cláraithe le ceann acu seo a leanas nó a gcomhionann sa RA nó go hidirnáisiúnta:

Madraí Treorach do na Daill in Éirinn
Dogs For The Disabled
Autism Assistance Dogs Ireland
Cónaidhm Idirnáisiúnta le haghaidh Madraí Treoracha

Bíonn fáilte roimh Mhadraí Seirbhíse cláraithe rochtain a fháil ar Chaisleán Chill Chainnigh in éineacht lena n-úinéir cláraithe. Bítear ag súil go mbeidh úinéirí Madraí Seirbhíse in ann fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil ina léirítear go gcomhlíonann a madraí na critéir thuas.

I gcásanna nach mbíonn úim inaitheanta ar an ainmhí nó iall bhrandáilte, is féidir go n-iarrfaidh ball foirne de chuid Chaisleán Chill Chainnigh soiléiriú gur Madra oilte Seirbhíse an t-ainmhí sula dtabharfar cead dó teacht isteach sa Chaisleán.

Ainmhí Tacaíocht Mhothúchánach

Faoi dhlí na hÉireann, ní aithnítear Ainmhithe Tacaíocht Mhothúchánach nach bhfuil creidiúnaithe le ceann de na heagraíochtaí thuas ar bhonn dlíthiúil, madraí san áireamh. Mar thoradh air seo, ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta ní thugtar cead dóibh faoi láthair teacht isteach go Caisleán Chill Chainnigh.

D’fhéadfaí go n-iarrfadh ball foirne de chuid Chaisleán Chill Chainnigh fianaise gur ainmhí oilte deimhnithe é an t-ainmhí sula dtabharfar cead dó teacht isteach san áitreabh.

Kilkenny Castle dining room.