Cuairteanna
Faoi Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna an OOP cuirimid cuairteanna ar Chaisleán Chill Chainnigh ar fáil saor in aisce do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. (Réamháirithint riachtanach).
Chun cuairt a chur in áirithe nó le haghaidh tuilleadh eolais, bí i dteagmháil le hÁirithintí Grúpa
Teil. 056 770 4106
Rphost: bookingskilkennycastle@opw.ie
Eolas sa bhreis ar an Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna:
Acmhainní don Seomra Ranga
Tá na hacmhainní seo a leanas ar fáil le híoslódáil saor in aisce ón ár suíomh gréasáin:
Bunscoil
Caisleán Chill Chainnigh Treoir do Chuairteoirí (PDF)
Paca Oideachais le hÍoslódáil – 3ú agus 4ú Ranganna Bunscoile
Féadfar an paca seo a úsáid mar chuidiú le foghlaim ranga agus i gcomhar le cuairt ar an láthair.
Aonad Sraithe: Saol, sochaí, saothar agus cultúr san am atá thart
- An saol in Éirinn le linn ré na Normannach
- Saol na meánaoise i mbailte, faoin dtuath agus san Eoraip
CAISLEÁIN PowerPoint
Cur i láthair a chuideoidh le múinteoirí um fhoghlaim faoin Saol in Éirinn le linn ré na Normannach agus faoin Saol i mBaile Meánaoiseach.
Féadfaidh scoláirí eolas a chur ar thithe, éadaí agus cócaireacht na Normannach – tá díriú lárnach ar Chaisleán Chill Chainnigh agus Liam Marascal.
CAISLEÁIN – paimfléad an scoláire
Paimfléad déthaobhach sochlóite mar chuidiú leis an cur i láthair PowerPoint.
PP Work Sheet Irish (PDF)
CAISLEÁIN – bileog oibre an scoláire
Bileog oibre le réimse gníomhaíochtaí:
- Focail agus brí a mhaitseáil
- Inis an scéal
- Ceisteanna & freagraí ilroghnacha
- Tarraing do chaisleán féin
Castle Fact Sheet Irish (PDF)
Míreanna breise le haghaidh scoláirí – Crosfhocal Chaisleán Chill Chainnigh agus Cuardach Focal Chaisleán Chill Chainnigh.
Crosfhocal (PDF)
Cuardach Focal (PDF)
Meánscoil
Activités Vocabulaire (PDF) Bileog oibre – Sraith Shinsearach: Fraincis
Actividades de Vocabulario (PDF) Bileog oibre – Sraith Shinsearach: Spáinnis
Aktivitäten wortschatz (PDF) Bileog oibre – Sraith Shinsearach: Gearmáinis
Bileog oibre le haghaidh scoláirí Ard-Teistiméireachta (Stair na nEalaíon), maidir leis an gceist ar Ghluaiseachtaí Ealaíne san 19ú/20ú aois. (ar siúl)