Scoileanna

Breathnaigh timpeall Chaisleán Chill Chainnigh ar an suíomh nó ó do sheomra ranga

Cuairteanna

Faoi Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna an OOP cuirimid cuairteanna ar Chaisleán Chill Chainnigh ar fáil saor in aisce do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. (Réamháirithint riachtanach).

Chun cuairt a chur in áirithe nó le haghaidh tuilleadh eolais, bí i dteagmháil le hÁirithintí Grúpa

Teil. 056 770 4106

Rphost: bookingskilkennycastle@opw.ie

Eolas sa bhreis ar an Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna:

www.heritageireland.ie

 

Acmhainní don Seomra Ranga

Tá na hacmhainní seo a leanas ar fáil le híoslódáil saor in aisce ón ár suíomh gréasáin:

Bunscoil

Caisleán Chill Chainnigh Treoir do Chuairteoirí (PDF)

Paca Oideachais le hÍoslódáil – 3ú agus 4ú Ranganna Bunscoile

Féadfar an paca seo a úsáid mar chuidiú le foghlaim ranga agus i gcomhar le cuairt ar an láthair.

Aonad Sraithe: Saol, sochaí, saothar agus cultúr san am atá thart

  • An saol in Éirinn le linn ré na Normannach
  • Saol na meánaoise i mbailte, faoin dtuath agus san Eoraip

CAISLEÁIN PowerPoint

Cur i láthair a chuideoidh le múinteoirí um fhoghlaim faoin Saol in Éirinn le linn ré na Normannach agus faoin Saol i mBaile Meánaoiseach.

Féadfaidh scoláirí eolas a chur ar thithe, éadaí agus cócaireacht na Normannach – tá díriú lárnach ar Chaisleán Chill Chainnigh agus Liam Marascal.

CAISLEÁIN – paimfléad an scoláire  

Paimfléad déthaobhach sochlóite mar chuidiú leis an cur i láthair PowerPoint.

PP Work Sheet Irish (PDF)

CAISLEÁIN – bileog oibre an scoláire

Bileog oibre le réimse gníomhaíochtaí:

  • Focail agus brí a mhaitseáil
  • Inis an scéal
  • Ceisteanna & freagraí ilroghnacha
  • Tarraing do chaisleán féin

Castle Fact Sheet Irish (PDF)

Míreanna breise le haghaidh scoláirí – Crosfhocal Chaisleán Chill Chainnigh agus Cuardach Focal Chaisleán Chill Chainnigh.

Crosfhocal (PDF)

Cuardach Focal (PDF)

Meánscoil

Activités Vocabulaire (PDF) Bileog oibre – Sraith Shinsearach: Fraincis

Actividades de Vocabulario (PDF) Bileog oibre – Sraith Shinsearach: Spáinnis

Aktivitäten wortschatz (PDF) Bileog oibre – Sraith Shinsearach: Gearmáinis

 

Bileog oibre le haghaidh scoláirí Ard-Teistiméireachta (Stair na nEalaíon), maidir leis an gceist ar Ghluaiseachtaí Ealaíne san 19ú/20ú aois.  (ar siúl)