Fáilte

Tá an-áthas orainn fáilte a chur romhat go dtí Caisleán Chill Chainnigh arís. Tá na bearta riachtanacha curtha i bhfeidhm againn lena chinntiú go mbeidh daoine chomh sábháilte agus is féidir le linn a gcuairte agus go mbainfidh siad an leas is mó is féidir as a gcuairt.

Chun sábháilteacht ár gcuairteoirí agus ball foirne a chinntiú, ní ligfear isteach ach líon teoranta daoine nuair a athosclaíonn Caisleán Chill Chainnigh

Chun cabhrú linn líon na gcuairteoirí a bhainistiú agus achar sábháilte a choinneáil idir daoine, laghdaíomar líon na ndaoine a bhféadaimid fáilte a chur rompu ag tráth ar bith. Caithfear ticéid a chur in áirithe roimh ré ar líne sula dtugann tú cuairt.
Níl aon ‘ticéid siúil isteach’ ar fáil.
Ná tar i láthair gan do thicéid a bheith curtha in áirithe agat roimh ré mar gheall nach dtabharfar cead isteach duit.
Is féidir áirithint a dhéanamh roimh ré ar líne idir 1 uair an chloig agus a fhad le 7 lá sula dtugann tú cuairt.

Má tá siomptóim cosúil le gearranáil, fiabhras nó scornach tinn le brath ort, fan sa bhaile.

Ticéid a Cheannach ar líne

  • Beidh ort am teachta (sliotán ama 30 nóiméad) a roghnú ar an lá ar mian leat cuairt a thabhairt. Eisítear ticéid le haghaidh sliotán ama 30 nóiméad ar leith. Ní bhaineann sé sin ach le d’am teachta amháin.
  • Caithfidh gach cuairteoir ticéad a bheith acu, gach leanbh faoi 12 bhliain d’aois san áireamh
  • Tá an chéad shliotán ama, ó 9.30 a.m. go dtí 10 a.m., curtha i leataobh do dhaoine sa “Ghrúpa i mbaol” agus bheimis fíorbhuíoch díot dá dtabharfá aird air sin chun go mbeidh cuairteoirí leochaileacha in ann tairbhe a bhaint as an gCaisleán i dtimpeallacht shábháilte
  • Cuirimid fáilte roimh ár gcuairteoirí faoi mhíchumas agus a gcuid cúramóirí teagmháil dhíreach a dhéanamh linn ar ríomhphost chuig bookingskilkenycastle@opw.ie chun ticéid a chur in áirithe.
  • Féadfaidh nach n-oirfidh an Caisleán do chuairteoirí a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta acu. Téigh i dteagmháil linn má tá aon cheis agat i dtaca leis sin (0567704100)
  • Is oth linn a chur in iúl nach mbeidh rochtain tosaíochta ag sealbhóirí Cárta Oidhreachta i láthair na huaire, mar gheall ar an líon teoranta cuairteoirí.
  • Caithfidh grúpaí ina bhfuil níos mó ná 6 nduine teagmháil a dhéanamh lenár n-oifig áirithinte: bookingskilkennycastle@opw.ie

Cad é a bheidh romhat le linn do chuairte

Chun cabhrú lenár gcuairteoirí agus baill foirne a choinneáil slán, d’athraíomar roinnt rudaí ar an láthair agus bheimis buíoch díot dá leanfá na treoirlínte thíos

Nuair a thagann tú

  • Sula dtagann tú, bíodh do thicéad réidh agat le taispeáint dár bhfoireann ar d’fhón nó bíodh cóip phriontáilte agat.
  • Má cheannaigh tú Pas Oidhreachta ar líne, beidh ort do Chárta Oidhreachta a chur faoi bhráid ár bhfoirne nuair a scanann siad do thicéad Pas Oidhreachta
  • Níl ach líon teoranta bileoga againn agus molaimid duit do bhileog féin a íoslódáil ónar suíomh gréasáin agus í a phriontáil amach (Tá teangacha éagsúla ar fáil) http://kilkennycastle.ie/visits/
  • Chun cloí le scaradh sóisialta, tar le linn do shliotáin ama le do thoil. Ar an drochuair, má thagann tú go déanach, ní féidir linn gealladh go mbeidh cead isteach agat. Faoin bhfoireann a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le do chead isteach, agus glacfar an cinneadh sin bunaithe ar líon na gcuairteoirí agus an ábaltacht scaradh sóisialta a chinntiú.
  • Téigh isteach sa scuaine. Scanfaidh duine dár bhfoireann do thicéad. Bíodh a fhios agat go mbeidh na scuainí amuigh faoin aer

Le linn do chuairte

  • Chun líon na gcuairteoirí a choinneáil ar leibhéal sábháilte, athraíodh leagan amach agus treo bhealach an turais agus tá córas aontreo daingean i bhfeidhm anois. Tá roinnt de na Seomraí Seanré dúnta mar gheall ar shrianta Covid-19. Lean na comharthaí sa Chaisleán le do thoil
  • Tá roinnt stáisiún díghalraithe lámh le troitheán ar fáil ag gach bealach isteach agus bealach amach agus sna limistéir ar fad ina leagann daoine a gcuid lámh ar rudaí go minic. Ach moltar go láidir duit do bhuidéal díghalráin lámh féin a thabhairt leat
  • Ní bheidh turais treoraithe ar fáil i láthair na huaire. Turas féintreoraithe amháin atá i do chuairt ar Chaisleán Chill Chainnigh.
  • Chun cabhrú le gach duine a choinneáil slán, cloí le scaradh sóisialta agus treoirlínte an rialtais nuair a thugann tú cuairt, le do thoil. Má tá aon siomptóm Covid-19 le brath ort, nó má bhí tú i dteagmháil le haon duine a raibh an víreas acu le 14 lá anuas, ná tabhair cuairt orainn faoi láthair.
  • Féadfaidh cuairteoirí masc a chaitheamh más mian leo. Ar aon dul le treoirlínte reatha an rialtais, ní bheidh ar ár bhfoireann masc a chaitheamh.
  • Ná suigh ar an troscán agus ná leag lámh ar na taispeántais/an troscán
  • Tá córais fheabhsaithe glanta curtha i bhfeidhm ag ár bhfoireann tís, ar aon dul le treoirlínte an rialtais.

Áiseanna

  • Tá ár n-áiseanna leithris ar fáil ach tá srian le líon na ndaoine agus níl teacht orthu ach trí chóras aontreo
  • Tá an seomra tae sa Chistin Victeoiriach ar oscailt ach níl cead isteach ach ag líon teoranta daoine. Le haghaidh níos mó eolais, seol ríomhphost chuig nostalgiacafe@eircom.netnostalgiacafe65@gmail.com
  • Ar an drochuair níl seomra cótaí/taisceadáin againn ná limistéar stórála le haghaidh naíchóistí/pramanna
  • Tá an Clós Súgartha ar oscailt. Táthar ag súil leis go ndéanfaidh tuismitheoirí agus caomhnóirí na leanaí a úsáideann an clós súgartha maoirseacht ar a leanaí an t-am ar fad. Cloígh leis na beartais chosanta ar fad maidir le treoirlínte sláinte poiblí

Cártaí Oidhreachta

Táimid ag tathant ar gach duine fanacht ina gceantar féin, áiteanna gnóthacha a sheachaint agus comhairle an rialtais maidir le scaradh sóisialta a leanúint. Má oibrímid le chéile beidh tú ábalta cuairt shábháilte thaitneamhach a thabhairt ar Chaisleán Chill Chainnigh.

Visitor Guide (Irish) (PDF)