Caisleán Chill Chainnigh – Téarmaí & Coinníollacha  

Tionscnóirí Turas & Grúpaí

Chun oibriú réidh agus turas taitneamhach do chách a chinntiú, tabhair faoi deara le do thoil na téarmaí agus coinníollacha seo a leanas do ghrúpaí turais:

Áirithintí:

  • Ní mór do ghrúpaí níos mó na 6 duine teagmháil a dhéanamh trí theileafón;

00 353 (0) 46 9423010 nó trí ríomhphost: bookingskilkennycastle@opw.ie .

  • Ba chóir áirithintí grúpa a dhéanamh 2 sheachtain roimh ré ar a laghad agus dearbhú teileafóin a dhéanamh – 00 353 (0) 46 9423010 – 48 uair roimh an chuairt.
  • Is é uasmhéid an ghrúpa ná 25 duine, treoraí san áireamh. Le haghaidh grúpaí níos mó ná 25 duine ní mór sliotáin ama breise a chur in áirithe.
  • Ní féidir áirithint a dhéanamh ar líne do ghrúpaí. Ní mór teagmháil a dhéanamh le bookingskilkennycastle@opw.ie. Mura dtugtar aird ar na riachtanais áirithinte diúltófar cead isteach agus ní aisíocfar ticéid, mar ata leagtha síos ins na téarmaí agus coinníollacha ar líne. Féadfar áirithintí uait feasta a chosc i gcás mí-úsáide an chórais áirithinte ar líne.
  • Ní áirithint chinnte é iarratas ar áirithint.
  • Tá líon teoranta sliotán ama ar fáil do ghrúpaí um thurais treoraithe; ní mór iad a iarraidh agus a dheimhniú roimh an dáta cuairte. Tabharfar sliotáin ama ar leith do ghrúpaí 10 nó níos mó. I gcás grúpaí níos lú na 10 cuirfear le turais phoiblí iad.
  • D’fhéadfadh go bhfuil áiteanna sa Chaisleán nach bhfuil oiriúnach do dhaoine faoi ghluaiseacht teoranta. Má tá imní ar bith agat, déan teagmháil linn roimh do chuairt.
  • Má chealaítear áirithintí déanach imreoidh sé sin ar áirithintí amach anseo.
  • Ní féidir áirithintí a chealú ná a athrú ach amháin trí oifig áirithinte an chomhlachta.
  • Féadfar rochtain ar sheomraí agus socruithe oscailte a athrú ar ghearrfhógra.
  • I gcás rabhaidh faoi dhianaimsir/ócáidi eisceachtúla, tá sé de cheart ag Caisleán agus Páirc Chill Chainnigh an láthair a dhúnadh ar ghearrfhógra. Fógrófar a leithéid ar mheáin shóisialta agus ar an suíomh gréasáin kilkennycastle@opw.ie Is ar thionscnóirí turas atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil an láthair ar oscailt roimh theacht ann dóibh.

 

Íocaíocht:

  • Tá íocaíocht dlite ar theacht i láthair. Féadfaidh an treoraí turas íoc ag an Deasc Ticéad le hairgead tirim, le cárta creidmheasa/dochair nó le dearbhán faofa OPW. Dá éagmais sin, ní ligfear cead isteach. Más mian le tionscnóirí turas bheith páirteach sa scéim dearbhán, ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh le touropsaccounts@opw.ie . Tabhair faoi deara nach féidir linn dearbháin a stóráil ná a phriontáil ar son tionscnóirí turas/treoraithe turas.
  • Chun an ráta grúpa a fháil, ní mór íocaíocht a dhéanamh in aon idirbheart amháin. Baineann an ráta grúpa le grúpaí 20 duine nó níos mó, ach amháin sa chás go bhfuil an chomhlacht páirteach i scéim dearbhán OPW le haghaidh tionscnóirí turas.

 

Ar Theacht:

  • Ba chóir do threoraithe grúpa an Caisleán a chur ar an eolas maidir le moill ar bith ar an lá. Tá de cheart ag an gCaisleán cuairt a athsceidealú sa chás go dtagann grúpa déanach.
  • Ar theacht, ba chóir don treoraí grúpa amháin seiceáil isteach ag an Deasc Ticéad. Bí cinnte go bhfuil an grúpa bailithe le chéile i gclós an Chaisleáin agus ullamh chun an chuairt a thosu ag an am atá ceaptha, ach ar leataobh ón Doras Tosaigh sa chaoi nach gcuirtear bac ar dhaoine eile ag dul isteach nó amach. Tabhair faoi deara gur doras éalaithe i gcás éigeandála é seo chomh maith.
  • Baileoidh foireann an Chaisleáin an grúpa agus an treoraí ón chlós ag an am atá ceaptha don chuairt.
  • Tá leithris teoranta ar an láthair agus féadfaidh línte fada feithimh a bheith orthu.

 

An Chuairt:

Chun a chinntiú go mbaineann gach cuairteoir taitneamh as Caisleán Chill Chainnigh iarraimid comhoibriú iomlán ó Threoraithe Turas maidir leis na treoirlínte seo a leanas:

  • Ar mhaithe le Sláinte agus Sábháilteacht ar an láthair, ní mór do chách, cúiréirí san áireamh, cloí le treoracha ó fhoireann an Chaisleáin.
  • Ní mór don cúiréir agus don ghrúpa an bealach sainithe turais a leanúint mura dtugann ball foirne a mhalairt de threoir.
  • Féadfar bealach na dturas, Treoraithe agus Féintreoraithe, a athrú am ar bith ar chúiseanna oibríochta.
  • Tosaíonn turais féintreoraithe ar an mbunurlár; cuimsítear na Seomrai Tréimhse, na Seomraí Taispeántais nua ar an bPasáiste Gorm agus Taispeántas Táipéis an Rosa ar Phasáiste na Cistine.

***Tabhair faoi deara le do thoil: is ag foireann OPW Chaisleán Chill Chainnigh amháin atá ceart cainte agus cead labhartha le grúpaí.

  • Ní mór aird a thabhairt ar amchlár 45 nóiméad na dturas féintreoraithe (de réir Téarmaí & Coinníollacha Scéim Tionscnóirí Turas OPW)
  • Ní mór Turais Treoraithe do ghrúpaí a iarraidh agus a dhearbhú roimh dháta na cuairte. Tabharfar cuairt freisin ar an Dúnshraith Meánaoiseach, an Túr Thiar agus Taispeántas Pháláis an Diúic.
  • Lig breis ama má tá an treoraí/cúiréir agat i mbun aistriúcháin; is as Béarla amháin atá na turais treoraithe.
  • Bí cinnte nach gcuirtear bac ar bhealaí éalaithe éigeandála ná ar láithreacha féachana.
  • Bí cinnte nach gcuirtear bac ar chuairteoirí aonair.
  • Bí cinnte nach gcuirtear lámh ar bhailiúcháin ná ar mhaoin OPW.
  • Bí cinnte nach dtéitear isteach ar láithreacha atá faoi chosc ag rópaí
  • Ní cheadaítear bia, deoch ná guma coganta laistigh den Chaisleán.
  • Mar chuid de Pholasaí Chaisleán Chill Chainnigh um Chosaint Leanaí ní mór do dhaoine faoi 18 mbliana d’aois bheith i dteannta dhuine fásta.
  • Taispeánfaidh foireann OPW meas agus dínit ar chustaiméirí agus iarrtar ar chustaiméirí an meas céanna a thaispeáint don fhoireann agus do chustaiméirí eile.
  • Tá de cheart ag OPW seirbhísí a bhaint ó dhuine ar bith ata maslach nó drochídeach le baill foirne agus/nó cuairteoirí.

 

Polasaí maidir le Málaí Droma:

Um chosaint na mbailiúchán iarraimid ar chuairteoirí ullmhú don chuairt agus gan málaí móra a thabhairt isteach sa Chaisleán. Ní cheadófar do ghrúpaí dul isteach ins na seomraí tréimhse le málaí droma.

**** Tabhair faoi deara nach bhfuil aon áiseanna stórála ar an láthair le haghaidh grúpaí.

 

Tá áiseanna leithris teoranta ar fáil ar an láthair – lig dóthain ama le do thoil

 

Tá súil againn fáilte a chur roimh do ghrúpa chuig Caisleán Chill Chainnigh agus guímid cuairt taitneamhach ar chách